Foilsithe ar 

Scéim Teanga na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Inniu d’fhógair Frances Fitzgerald TD, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, d’fhógair sí foilsiú Scéim Theanga na Roinne faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, le comhaontú An Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Sracrianaíonn an scéim seo, a mbeidh feidhm léi ar feadh tréimhse 3 bliana, an méid ina bhfuil seirbhísí ar fáil faoi láthair trí mheán na Gaeilge, agus aithníonn sí réimsí ar féidir iad a fheabhsú sa todhchaí.

Tá an Roinn tiomanta do bheith ag déanamh a seacht díchill le freastal a dhéanamh ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge de réir fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Is féidir cóip den Scéim a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne, www.dcya.gov.ie nó is féidir cóip chrua a fháil trí ríomhphost a chur chuig contact@dcya.gov.ie

Tá tuilleadh faisnéise faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ag www.ahg.gov.ie, suíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.