Foilsithe ar 

Seolann an tAire Alan Shatter agus an tAire Phil Hogan an Feachtas Eolais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ le haghaidh 2013-2014

Inniu, sheol an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter T.D., agus an tUas. Phil Hogan T.D., an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Feachtas Eolais an Rialtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ le haghaidh 2013-2014 san Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí i mBaile Átha Cliath. Bhí ionadaithe ó Ranna agus Ghníomhaireachtaí éagsúla a bhfuil cúram leagtha orthu as freagra éigeandála i láthair freisin.

Reáchtáladh an seoladh ar an lá céanna le cruinniú de Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála a raibh an tAire Shatter mar Chathaoirleach air, agus inar pléadh le saincheisteanna maidir le hullmhacht don gheimhreadh.

Trí mheán láithreáin gréasáin tiomanta www.winterready.ie, tá comhairle á cur ar fáil trí mheán roinnt foinsí lena n-áirítear Ranna Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla agus na soláthraithe iompair. Tá an chomhairle curtha i gcatagóirí faoi theidil éagsúla mar: an Teach, Sábháilteacht ar Bhóithre, Scoileanna, Feirmeoirí agus an Earnáil Ghnó. Tá achoimre den fhaisnéis atá ar fáil curtha le chéile i leabhrán ar féidir a íoslódáil ón láithreán gréasáin.

Seo a leanas príomhchuspóirí an fheachtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’:

· Comhairle phraiticiúil a thabhairt maidir le conas is fearr ullmhú don gheimhreadh atá romhainn.

· Cinntiú go bhfuil a fhios ag an bpobal cá háit ar féidir comhairle agus cabhair a fháil, má tá gá leo.

· Dearbhú don phobal go bhfuil ullmhúcháin á ndéanamh agus go bhfuil socruithe curtha i bhfeidhm le cinntiú go rachfar i ngleic ar bhealach comhordaithe le himeachtaí aimsire crua.

Tá comhairle don phobal ar fáil freisin trí mheán an leathanach Aertel 592, agus, ina theannta sin, táthar chun cuntas twitter a sheoladh i mbliana agus beidh an Oifig Pleanála Éigeandála ag tvuíteáil le linn an gheimhridh chun cur leis an bhfeachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’. Is féidir an cuntas twitter a leanúint ar @emergencyIE agus moltar don phobal páirt a ghlacadh sa chomhrá ag #bewinterready.

Leag an bheirt Airí béim ar an bpointe gurb í an phríomhtheachtaireacht a bhfuil siad ag iarraidh a chur in iúl inniu ná – bí ullamh, coimeád slán agus bíodh a fhios agat cá háit a bhféadann tú cabhair a fháil má tá sí ag teastáil uait.