Foilsithe ar 

Seolann an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich Tionscadal "History Links" go hoifigiúil

Seolfaidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire na Gaeltachta, Tionscadal "History Links" go hoifigiúil in Amharclann an Balor, an Phríomh-Shráid, Bealach Féich, tráthnóna inniu.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go gcuideoidh an tionscadal seo go mór le muinín agus tuiscint a chothú idir pobail na teorann.

Tá go leor cosúlachtaí idir na pobail seo ó thaobh a stair shóisialta agus a gcultúr

a dúirt an tAire.

Thug an tAire Mac Fhionnlaoich aitheantas don tacaíocht airgid a fuarthas ón gCiste Idirnáisiúnta d'Éirinn, Ionad Acmhainní Leifir Chluain Lao, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus Coiste Gairmoideachais Contae Dhún na nGall.

Ghabh an tAire buíochas freisin agus mhol sé Tionscadal Inis Eoghain/Léim an Mhadaidh as a chlár chun scileanna bunúsacha Teicneolaíocht Faisnéise a theagasc do dhaoine gan aon scileanna ríomhaireachta.

Tá eolas ar ríomhairí riachtanach sa lá atá inniu ann nuair a dhéantar a oiread sin gnó tríd an idirlíon. Cloisim ar an raidió freisin go bhfuil daoine nach raibh aon chleachtadh acu ar ríomhairí ná aon scileanna acu a bhain le ríomhairí ag baint go leor úsáid as an acmhainn mhór seo anois. Chomh maith leis sin, tá mé cinnte go mbeidh an suíomh gréasáin pobail ina acmhainn luachmhar don dá thraidisiún agus go ndéanfar go leor cainte faoi. Chuige sin, creidim go bhfuil fóram plé ann a thabharfaidh deis do rannpháirtithe an tionscadail bheith i dteagmháil lena chéile

a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich.