Foilsithe ar 

Sraith don Raidió faoi Thithe Móra an Iarthuaiscirt á seoladh ag an Aire Stáit McHugh

Rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., sraith raidió faoi Thithe Móra an Iarthuaiscirt a sheoladh go hoifigiúil inniu (an 27 Lúnasa) ar Ocean FM.

Féachann an tsraith raidió seo ar ról stairiúil Thithe Móra áirithe i Maigh Eo, Sligeach, Dún na nGall, Ros Comáin, Liatroim agus Fear Manach agus an méid atá i ndán dóibh amach anseo.

Le himeacht na haimsire agus de bharr taighde stairiúil nua, tá athrú tagtha ar ár dtuiscint de ról an Tí Mhóir. Aithnítear anois nach scartha amach ón gcuid eile den tsochaí a bhí an Teach Mór, ach go raibh páirt mhór aige i saol tuaithe na hÉireann, fiú ar feadh cuid mhór den bhfichiú haois. I ndáiríre ba áit a bhí ann ina dtáinig snáitheanna éagsúla de shaol na hÉireann le chéile - Angla-Éireannaigh, Éireannaigh, Protastúnaigh, Caitlicigh, náisiúnaithe, dílseoirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí, lucht na Gaeilge, oibrithe, tionóntaí, saighdiúirí, polaiteoirí agus cléir.

Léiríonn an Teach Mór traidisiún saibhir ailtireachta, a tosaíodh san Eoraip ach a bhfuil rian na hÉireann le feiceáil go soiléir air. Tugann speisialtóirí sna réimsí gaolmhara sainchur síos ar gach teach sa tsraith. Ar na speisialtóirí sin tá ionadaí d'Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Leis na blianta, tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus na Ranna a bhí ann roimpi ag cur cistiú ar fáil do líon áirithe de na tithe móra a phléitear sa tsraith seo, ar nós Cathair na Mart, Temple House, Brownhall agus Hazelwood. Mar aitheantas ar a dtábhacht i ndáil le hoidhreacht náisiúnta, faigheann go leor de na tithe seo faoiseamh cánach tábhachtach maidir le caiteachas ar dheisiú agus ar chothabháil faoi Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánach. Tá sé mar choinníoll den bhfaoiseamh sin go dtabharfar cead don bpobal rochtain áirithe a fháil ar an teach, lena n-áirítear le linn na seachtaine seo: An tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta

Tá an Chomhairle Oidhreachta – arna maoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta - ag tacú leis an tsraith raidió seo.

Dúirt an tAire McHugh: "Tá cláir raidió mar seo an-luachmhar ó thaobh feasacht an phobail a mhéadú faoin tábhacht a bhaineann lenár n-oidhreacht. Tá sé soiléir nach féidir tuiscint feabhsaithe ar áiteanna stairiúla a bhaint amach ach le plé poiblí, taighde agus foilsiú acadúil."

Lean an tAire Stáit lena cuid cainte: "Tá lúcháir orm go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tacú leis an tsraith seo tríd an Chomhairle Oidhreachta."