Foilsithe ar 

Tugann an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich cuairt ar Ghaeltacht na nDéise

Tabharfaidh Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Aire Stáit na Gaeltachta, cuairt Déardaoin (20ú Deireadh Fómhair 2011) ar roinnt ionad sa Rinn i nGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge.

Ag 9.30 a.m. cuirfidh an tAire Mac Fhionnlaoich tús lena chuairt i Nemeton Teo. an Rinn. Casfaidh an tAire le hIrial Mac Murchú agus le Tadhg Ó Maoileoin agus cuirfear ar an eolas é faoi obair na cuideachta. Mar chuid den eolas sin, beidh léargas ar na cláir faisnéise atá coimisiúnaithe agus an obair a dhéanann Nemeton Teo. do TG4 agus RTÉ. Gheobhaidh an tAire eolas freisin ar an gCúrsa Dioplóma atá á reáchtáil ag an gcuideachta i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge. Tá sé mar aidhm ag an gCúrsa Dioplóma scileanna Léiriúcháin Teilifíse a fhorbairt.

Ag 10.10 a.m. tabharfaidh an tAire Mac Fhionnlaoich cuairt ar Innealtóireacht Teicneolaíochta Teo. Tá 18 oibrí lánaimseartha fostaithe sa chuideachta, atá faoi stiúir Sheán agus Eibhlín de Paor, agus is é a mac, Feargal, atá ina bhainisteoir margaíochta agus díolacháin. Beidh deis ag an Aire Mac Fhionnlaoich breathnú ar an obair atá ar bun acu ar amadóirí leictreacha do chomhlaí solanóideach.

Ag 10.40 a.m. tabharfaidh an tAire cuairt ar Mheánscoil San Nioclás. Cuirfidh an Bord Bainistíochta, an fhoireann, na daltaí agus na tuismitheoirí fáilte roimh an Aire. Labhróidh an tAire leis na daltaí faoi churaclam éagsúil na scoile, chomh maith leis na héachtaí atá bainte amach acu i ndrámaíocht agus sna healaíona lasmuigh dá gcroí-ábhar.

Rachaidh an tAire ar aghaidh ansin chun castáil le Comhlacht Forbartha na nDéise ag an Údarás sa

Seanphobal ag 11.15 a.m. i gcomhair cruinnithe leis an eagraíocht seo agus le hoifigigh ó Údarás na Gaeltachta.

Ag 12 meán lae casfaidh an tAire le Clíona Mhic Ghiolla Chuda, ó Mheitheal Trá na Rinne, arb é an fheirmeoireacht, próiseáil agus dáileadh oisrí chuig príomhmhargaí sa Fhrainc agus san Iodáil an phríomhghníomhaíocht a bhíonn ar bun aici.

Tabharfaidh an tAire a chuairt dheiridh ag 12.30 p.m. ar Choláiste na Rinne. Bunaíodh an Coláiste i 1909 agus tá cáil air mar scoil chónaithe agus mar scoil shamhraidh agus cuirtear cláir oideachais trí Ghaeilge ar fáil ann freisin do mhic léinn tríú leibhéal agus do dhaoine fásta.

Ag labhairt dó roimh a chuairte ar Phort Láirge, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich “Is mór an phribhléid domsa, mar Aire a bhfuil freagracht air as an nGaeltacht, cuairt a thabhairt ar cheantar na nDéise agus castáil leis na daoine atá ag obair agus ina gcónaí ann. Is daoine iad seo atá tiomanta do chothabháil ár bhféiniúlacht Ghaelach mar thraidisiún beo agus is iad na daoine seo, go háirithe daltaí na scoile, a bheidh ina gcaomhnóirí ar an teanga agus ar an gcultúr Gaelach ar feadh na nglúine atá le teacht” a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich.