Foilsithe ar 

Deontas €16,110 ceadaithe ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich do Chomhar Chuigéil Teo.

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2013), go bhfuil deontas de €16,110 ceadaithe aige do Chomhar Chuigéil Teo. le go mbeidh ar a gcumas leanúint orthu leis an obair ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun athchóiriú a dhéanamh ar chóras séarachais an Chomharchumainn. Baineann cuid den deontas atá ceadaithe chomh maith le hoibreacha athchóirithe a dhéanamh ar shíleáil an halla san ionad.

“Nuair a chuirtear san áireamh an tábhacht faoi leith a bhaineann le gníomhaíochtaí Chomhar Chuigéil agus tábhacht an fhoirgnimh mar áis phobail agus mar ionad don choláiste Gaeilge, tá sé an-tábhachtach cuidiú leis an gcomharchumann na hoibreacha riachtanacha seo a chur i gcrích,” a dúirt an tAire Stáit.