Foilsithe ar 

Léiríonn an tAire Martin go bhfuil tacaíocht ann do sheirbhís raidió nua trí mheán na Gaeilge i dtaighde nua ina gcuirtear in iúl go bhfuil spéis láidir ag lucht éisteachta níos óige inti

Inniu, Dé Céadaoin, an 15 Feabhra, d’athdhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., a tacaíocht do sheirbhís raidió Ghaeilge nua fhéideartha, agus Údarás Craolacháin na hÉireann ag foilsiú taighde ina leagtar béim ar spéis na n-éisteoirí níos óige i rogha níos leithne a bheith acu maidir le hábhar fuaime Gaeilge. Rinne an tÚdarás an taighde chun a fháil amach an spéis atá ann agus an acmhainneacht le haghaidh seirbhís raidió hibrideach lánaimseartha Gaeilge a dhíreoidh ar an lucht éisteachta 15-34 bliana d'aois in Éirinn.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin: “Tacaím go láidir le níos mó ábhar agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, agus iad a bheith ar fáil ar bhealach níos forleithne, go háirithe do dhaoine óga. Tá sé tábhachtach, áfach, go bhfaighimid tuiscint ní hamháin ar conas a éisteann daoine óga le hábhar fuaime, ar FM agus ar líne, agus ar an leibhéal spéise i seirbhís nua Gaeilge, ach ar cad a theastaíonn uathu óna leithéid de sheirbhís agus cad a chaithfidh a bheith uirthi agus a sheachadadh dóibh.”

 

I measc na dtorthaí taighde léirítear go n-éisteann daoine óga go náisiúnta le hábhar fuaime fós, agus go bhfuil an-tóir ar an raidió i gcónaí agus beagnach 90% de na freagróirí ag éisteacht ar bhonn seachtainiúil. Mar sin féin, tá an lucht féachana seo ag dul i dtreo ábhar digiteach agus bheadh ​​sé tábhachtach d’aon seirbhís nua podchraoltaí agus gearrthóga chun cur le raidió beo a bheith acu a d’fhéadfaí a roinnt.

 

Ag labhairt faoin taighde freisin, dúirt an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D.: “Tá an taighde a rinneadh ar nósanna éisteachta agus riachtanais daoine óga an-luachmhar dúinn agus cuirfidh sé bonn eolais faoin mbealach a mbeimid ag tabhairt faoi fhorbairtí sa réimse seo sna blianta amach romhainn. Is léir dom go bhféadfadh seirbhís raidió nua d’ardchaighdeán don óige níos mó daoine óga a mhealladh chun éisteacht leis an nGaeilge, ag cabhrú le húsáid na teanga a leathnú agus a normalú inár sochaí trí chéile.”

 

Léirítear sa taighde freisin go bhfuil spéis ag freagróirí a bhfuil an Béarla mar chéad teanga acu i stáisiún nua Gaeilge, agus tá siad oscailte dó. Is é an rud is mó a mheallfadh daoine chuig seirbhís dá leithéid ná an cineál ceoil a sheinntear uirthi, agus go bpléifí ceisteanna a bhaineann le daoine óga uirthi, le héagsúlacht ábhair ardchaighdeáin lena n-áirítear cultúr, spórt, seónna cainte, agus cúrsaí reatha.

 

Dúirt an tAire Martin, chomh maith: “Cé go mbeidh Coimisiún na Meán, a bhunóidh mé go hoifigiúil an mhí seo chugainn, freagrach as seirbhísí craolacháin raidió neamhspleácha a cheadúnú in Éirinn, dúirt mé cheana más féidir, ba mhaith liom an cineál seo seirbhíse a chur i bhfeidhm do dhaoine níos óige. Beidh an taighde seo an-úsáideach don Choimisiún agus iad ag breathnú ar mhianta agus riachtanais éisteoirí raidió na hÉireann.”

 

Cabhróidh sé seo le Coimisiún na Meán aon straitéisí nua ceadúnaithe a mheas mar chuid dá ngníomhaíochtaí rialála craolacháin chun a chinntiú go bhfreastalaíonn raon éagsúil seirbhísí craolacháin ar lucht féachana na hÉireann.

 

CRÍOCH

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Suíomh gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nóta d’Eagarthóirí

 

Anuraidh, choimisiúnaigh Údarás Craolacháin na hÉireann in éineacht le Foras na Gaeilge, agus le tacaíocht ó mo Roinnse, tionscadal taighde chun an leibhéal spéise i seirbhís raidió Gaeilge a dhíríonn ar an aos óg a fháil amach. Ba é Coiste Comhairleach Gaeilge an Údaráis a chuir tús leis an tionscadal ar a bhfuil ionadaithe ón Údarás; Foras na Gaeilge; CRAOL (comhlacht ionadaíoch do raidió pobail na hÉireann); Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann; RTÉ; TG4; Oireachtas na Gaeilge; agus Léiritheoirí Físe Éireann.

 

Tugadh faoi dhá thionscadal taighde ar leith:

  • Ar an gcéad dul síos, rinne Ipsos taighde chun tuairimí sampla ionadaíoch náisiúnta de dhaoine 15-34 bliana d’aois a fhiosrú maidir leis an spéis atá acu i stáisiún Gaeilge, a n-oscailteacht  i leith éisteachta, chomh maith le cén chaoi ar spreagadh iad chun éisteachta.
  • Bricolage: staidéar a dhéanamh i measc phobal na Gaeilge chun iniúchadh a dhéanamh ar nósanna fuaime agus meán agus ar an gcineál ábhair fuaime (idir Bhéarla agus Ghaeilge) a bhfuil siad ag éisteacht leis faoi láthair, agus aon bhearnaí a fheictear san ábhar Gaeilge.

 

I measc roinnt pointí a tháinig chun cinn ón taighde tá:

  • Léirítear i sonraí JNLR go n-éisteann beagnach 87% díobh siúd idir 15-34 bliana d’aois leis an raidió ar bhonn seachtainiúil (beagnach 1.1m)
  • Tá stáisiún raidió is fearr leo ag an tromlach, agus is é an ceol an príomhrud a mheallann an lucht éisteachta (deir 53% gurb é an ceol an rud is mó a thaitníonn leo faoina rogha stáisiún reatha)
  • Maidir le coincheap na seirbhíse nua Gaeilge, is dócha go n-éistfeadh 35% den lucht éisteachta náisiúnta óige a ndearnadh suirbhé orthu (i.e. uair sa tseachtain ar a laghad). Thiocfadh méadú air seo dá mbeadh an stáisiún chun idirdhealú a dhéanamh idir é féin agus seirbhísí eile agus dúirt dhá thrian go n-éistfidís leis dá labhrófaí ar an stáisiún faoi na hábhair atá tábhachtach dóibh.
  • Is tomhaltóirí neamhlíneacha iad an spriocghrúpa daoine idir 15-34 bliana d’aois agus tá siad ag dul i dtreo éisteacht le hábhar digiteach amháin
  • Níl a dhóthain de thairiscintí fuaime Gaeilge ar fáil faoi láthair, agus feictear go bhfuil bearna féideartha ann do thairiscint Ghaeilge d’ardchaighdeán atá dírithe ar an aos óg.

 

Tá sonraí faoi ról an Údaráis i gceadúnú, a ngníomhaíochtaí ceadúnaithe, chomh maith le sonraí faoi cheadúnais a bronnadh ar fáil anseo.