Foilsithe ar 

€382,216 ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers chun Clár na gCluichí Gaelacha a riar i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thuar Mhic Éadaigh

D’fhógair Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtas agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt agus é ar chuairt ar Ghaeltacht na Gaillimhe inniu an 12ú Lúnasa go bhfuil deontas 3 bliana ar fiú suas le €382,216 é ceadaithe aige do Chomhairle Chonnacht CLG chun cur ar a gcumas leanúint ar aghaidh le riar Clár na gCluichí Gaelacha a riar i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thuar Mhic Éadaigh.

 

Faoi Clár na gCluichí Gaelacha cuirfear teagasc trí Ghaeilge ar fáil i scileanna peile, iománaíochta agus liathróid láimhe i suas le 47 scoil go ceann trí bliana eile. Meastar go mbainfidh suas le 612 dalta scoile leas as an gclár atá á riar ag an Roinn i gcomhar le Comhairle Chonnacht ó 2005.  

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

Cúis sásaimh dom bheith in ann an t-allúntas seo a cheadú inniu, go háirithe nuair a d’éirigh liom é a leathnú amach chuig scoileanna i nGaeltacht Mhaigh Eo den chéad uair cúpla mí ó shin. Tá obair fhónta ar bun ag na traenálaithe atá fostaithe faoi Chlár na gCluichí Gaelacha atá ar leas na Gaeilge agus phobal na Gaeltachta. Le fógairt na tacaíochta seo, tá céim phraiticiúil eile chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga araon. Is léiriú é chomh maith ar an gcomhpháirtíocht atá ar bun le tamall fada de bhlianta idir mo Roinn agus Comhairle Chonnacht. Mar thoradh ar an allúntas 3 bliana seo, beidh seasmhacht agus cinnteacht ann dóibh siúd atá bainteach leis an gclár a riar agus dóibh siúd a bhaineann leas as - idir scoileanna Gaeltachta, Chumann Lúthchleas Gael agus phobal na Gaeltachta trí chéile.”

 

Faoi réir an tsocraithe atá i bhfeidhm le Comhairle Chonnacht agus Comhairle na Mumhan faoi seach, seasann na Comhairlí an 33% eile den chostas iomlán a bhaineann leis an gclár. Faoin gclár seo, tugann teagascóirí a fheidhmíonn faoi scáth an dá Chomhairle cuairteanna ar scoileanna atá páirteach ann chun seisiúin pheile agus iománaíochta, a ndéantar a riar trí Ghaeilge, a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.

 

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.20 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427          Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

 

 

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

 

Seo a leanas sonraí na scoileanna a bheidh in ann leas a bhaint as an gclár:

 

Uimhir Rolla                     Bunscoil                                             Líon uaireanta                                                             gach                                                                       seachtain

                                                                                                  Peil / Iománaíochta

20256A

S.N. Thuar Mhic Éadaigh

2

12339I

S.N. Inis Meáin, Árainn

1

17289V

S.N. Caomháin, Inis Oírr

2

17456O

S.N. Rónáin, Inis Mór

1

20210W

S.N. Eoin Pól II, Inis Mór

1

13952G

S.N. Bhríde, Leitir Caladh

1

13699U

S.N. Cholm Cille, Leitir Móir

1

14724V

S.N. Rónáin, An Trá Bháin

1.3

17689O

S.N. Tír an Fhia, Leitir Móir

1.15

20345W

S.N. Leitir Mealláin

1.15

11261P

S.N. Mhuire, An Tuairín, An Cheathrú Rua

1.45

19932H

S.N. Mhic Dara, An Cheathrú Rua

3.15

12946G

S.N. Cholm Cille, Ros an Mhíl

1.3

10591I

S.N. na hAirde Móire, Carna

1

11290W

S.N. Mhuire Gan Smál, Camas

1

11373D

S.N. Mhuire, Turloch Beag

1

14421D

S.N. na hAirde Thiar, Carna

1

17463L

S.N. Bhriocáin, An Gort Mór

1

17574U

S.N. Naomh Ciarán, Cill Chiaráin

1

17770U

S.N. Naomh Colmáin, Maínis

1

18121L

S.N. Mhuire, Carna

1

12106I

S.N. Naomh Pádraig, An Chloch Bhreac

1.15

14712O

S.N. na Fairche, Clár Chlainne Mhuiris

1.15

18581W

S.N. Mhuire, Corr na Móna

1.15

19357W

S.N. Thír na Cille, An Mám

1.15

12706J

S.N. Sailearna, Indreabhán

2.15

17668G

S.N. na bhForbacha

2

185414H

S.N. Cholm Chille, An Tulach

2.15

20115F

S.N. Éinne, An Spidéal

2

15331H

S.N. Bhaile Nua, Maigh Cuilinn

2

13415D

S.N. Tuairíní, Maigh Cuilinn

1

19529C

Scoil Mhuire, Maigh Cuilinn

1

08446K

S.N. Thulach Uí Chadhain, Maigh Cuilinn

2

19803T

S.N. Shéamus Naofa, Bearna

2

19994G

Gaelscoil Mhic Amhlaigh

2

13914V

S.N. Iósef, Rathún (SN Bhuaile Beag)

2

 

                  Iar-Bhunscoil

 

71250A

Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin

1

71300M

Coláiste Naomh Éinne, Árainn

1

71370K

Coláiste Ghobnait, Inis Oírr

2

81012N

Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

2

71380N

Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc

1

91411K

Scoil Phobail Mhic Dara, Carna

1

64691Q

Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh

1.15

71320S

Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna

2.45

63130R

Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal

2

71250A

Coláiste Cholmcille, Indreabhán

2.15

 

Cumann an Fháirche

0

71330V

Coláiste na Coiribe, Br na mBúrcach

0

 

67.15