Foilsithe ar 

Seoltar Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath 2022 le tacaíocht na Roinne don chlár cultúrtha

 

Inniu chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte roimh sheoladh Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath 2022, agus go háirithe roimh an gclár gníomhaíochtaí a bhaineann le saothar ealaíontóirí agus daoine cruthaitheacha eile.

Bhí áthas ar an Aire Martin leithdháileadh maoinithe €54,000 a cheadú óna Roinn do ghnéithe cultúrtha d’Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath 2022. Dúirt sí go bhfuil “féile bhliantúil Bhróid tar éis fás go dtí an léiriú agus an ceiliúradh is mó ar chomhionannas agus ar ghlacadh na héagsúlachta inár sochaí. Is cuireadh ón bpobal LADTA+ chuig gach duine freastal ar imeachtaí na féile é agus chun tacú leis an dul chun cinn i dtreo sochaí níos cothroime agus níos cuimsithí. Déanaim comhghairdeas leis na heagraithe as an iarracht mhór a chuireann siad isteach. Guím gach rath ar na heagraithe, na rannpháirtithe, a dteaghlaigh agus a gcairde agus tá súil agam go mbeidh deireadh seachtaine speisialta taitneamhach acu lán le bród.”

Dúirt Philippa Ryder, Cathaoirleach Fhéile Bhróid Bhaile Átha Cliath 2022, “tá sé ríthábhachtach d’aon phobal go mbeimid in ann ár scéalta a insint agus ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht a cheiliúradh. Déanann ár n-ealaíontóirí, taibheoirí, filí, agus scéalaithe é sin dúinn, cuidíonn siad linn ár gcultúr a roinnt le daoine eile agus cuidíonn sé sin linn croíthe agus meonta daoine a athrú. Thug tacaíocht an Aire deis dúinn tacú le healaíontóirí Aiteacha agus le tionscadail chultúrtha, ní hamháin le linn seachtain an Bhróid ach i rith na bliana. Táimid ag tnúth le leanúint leis an gcomhpháirtíocht seo agus le tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí LADTA+ a thacaíonn, dá réir sin, lenár bpobal.”

D'fhógair an tAire Martin inniu freisin go bhfuil leithdháileadh tacaíochta speisialta de €23,000 ceadaithe d’Fhéile Idirnáisiúnta Dhrámaíocht Aerach Bhaile Átha Cliath. Cabhróidh sé seo le cumas eagraíochtúil an tionscadail a neartú, cuideoidh sé le cur chun cinn na Féile go hidirnáisiúnta agus feabhsóidh sé cláreagrú, áirithintí agus coimisiúnú foriomlán do na blianta atá le teacht.  

Agus í ag fógairt na tacaíochta inniu, dúirt an tAire Martin go bhfuil ag “éirí thar barr leis an bhFéile le blianta fada anuas. Baineadh é seo amach trí iarracht phobail. Bhí an tiomantas agus an tacaíocht ó thaibheoirí, léiritheoirí, oibreoirí ionaid, agus raon soláthraithe seirbhíse thar a bheith tábhachtach freisin maidir le scileanna saothair ealaíne, priontála agus léiriúcháin a sholáthar. Tá áthas orm cabhrú leis na heagraithe todhchaí mhaith a chinntiú agus iad a chumasú chun na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun fás agus teagmháil a dhéanamh le lucht féachana níos leithne sna blianta atá romhainn”.

Dúirt Brian Merriman, Bunaitheoir agus Stiúrthóir Ealaíne na Féile, go bhfuil “tacaíocht shuntasach agus dhílis an Aire ina chroílár don obair dheonach dochreidte a chruthaigh agus a chothaigh ár gcéad dhá scór bliain de dhrámaíocht a bhfuil aitheantas uathúil aici. Tar éis tréimhse ina raibh sé an-deacair ár n-amharclann LADTA+ cuimsitheach a choinneáil inmharthana, cabhróidh an leibhéal ríthábhachtach tacaíochta seo go mór linn comóradh 20 bliain a bhaint amach in 2023. Tabharfaidh sé deis dúinn faoi dheireadh forbairt agus nuálaíocht a dhéanamh agus táthar ag súil go spreagfaidh sé níos mó urraíochta príobháidí, ionas gur féidir leis an imeacht uathúil drámaíochta seo barr a chumais a bhaint amach.

Chomh maith lenár gclár spreagúil coimeádaithe, roinnfimid an tacaíocht ríthábhachtach seo anois le comhpháirtithe ealaíne trí dheis sparánachta léiriúcháin nua. Roghnóidh painéal measúnóirí cáilithe Éireannacha agus idirnáisiúnta triúr iarrthóirí sparánachta rathúla le haghaidh tacaíocht dhíreach airgeadais breise chun a gcuid oibre a thabhairt ‘ó leathanach go hardán’ i gclár 2023 na Féile. A bhuí leis an tacaíocht dhearfach seo ón Aire agus ón Roinn inniu, táimid ag tnúth leis an gcéad deich mbliana eile de chur ar chumas scríbhneoirí agus ealaíontóirí a gcuid scéalta LADTA+ a fheiceáil agus a chloisteáil i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine seo chugainn”. 

Is é an sprioc atá againn ná cabhrú leis an bhFéile a bheith ina ardán níos láidre dá gcláir amach anseo, ag cur deiseanna ar fáil do scríbhneoirí, taibheoirí agus gach duine a bhfuil baint acu le léiriú amharclainne. Tá sé beartaithe ag an bhFéile a naisc idirnáisiúnta agus a líonrú a athbhunú i ndiaidh COVID, chun straitéisí margaíochta agus fógraíochta a neartú chun teagmháil a dhéanamh le lucht féachana níos leithne agus chun infheictheacht ar líne a fheabhsú le heolas faoi chláir agus faoi ghníomhaíochtaí.”

CRÍOCH