Foilsithe ar 

Ardú ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers do Mhná Tí Earnáil na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht

  • Ciste breise ar fiú suas le €460,000 curtha ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar leas tuairim is 700 teaghlach Gaeltachta

 

  • Ardú 10% ar dheontas laethúil Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (ó €10 go dtí €11)

 

  • Coláistí Gaeilge ag tosú ag athoscailt don samhradh tar éis dhá bhlain

 

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers T.D., go bhfuil ardú 10% ceadaithe aige ar an deontas laethúil atá iníoctha le teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gColáistí Gaeilge. Fágfaidh sé seo go mbeidh €11 in áit €10 in aghaidh na hoíche in aghaidh an scoláire iníoctha feasta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le lucht lóistín earnáil na gcoláistí Gaeilge. Meastar gur fiú €460,000 an t-ardú seo.

 

Bainfidh tuairim is 700 teaghlach, ó cheann ceann na Gaeltachta atá cláraithe leis an Roinn faoin scéim, leas as an ardú seo a thagann i bhfeidhm láithreach. Is é seo an chéad ardú atá ceadaithe ag an Roinn ar dheontas na scéime le cúig bliana anuas.

 

Tá ardú ceadaithe chomh maith sa deontas laethúil a íoctar faoin scéim i leith lucht freastail na gcoláistí cónaithe atá aitheanta fúithi– an chéad ardú dóibh le deich mbliana anuas, mar aon le hardú ar an deontas laethúil faoi leith a íoctar faoi na beartais ÁRAINN Gaeltachta agus ERASMUS Gaeltachta a thugann deis do scoláirí iar-bhunscoile agus mic léinn tríú leibhéil seimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht.

 

Is é cuspóir foriomlán an bheartais seo atá fógartha tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht de réir cuspóirí Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Táimid ar fad ag súil go mór le filleadh na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre ar an nGaeltacht an samhradh seo. Tá tábhacht faoi leith ag Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta araon agus í 50 bliain ar an bhfód i mbliana. Ag croílár an scéil, tá na teaghlaigh Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na mílte scoláire bliain i ndiaidh bliana. Mar aitheantas air sin agus an t-ardú atá tagtha ó 2017 ar na costais a thiteann orthu, tá sé tráthúil go n-ardófaí an deontas a íoctar faoin scéim anois agus na coláistí ar tí athoscailt. Cabhróidh an t-ardú atá fógartha agam leis an tuairim is 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil agus leis na coláistí cónaithe go deimhin atá aitheanta faoin scéim. Lena chois sin, cabhróidh an t-ardú leis na coláistí ar fad chun na táillí a ghearrtar a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus lena gcuid iarrachtaí féin chun teaghlaigh nua a earcú agus a choinneáil.”  

 

Bhí plé le gairid ag feidhmeannaigh na Roinne le hionadaíocht lucht lóistín na hearnála agus le scáthghrúpa na gcoláistí, CONCOS. Cuireadh san áireamh an t-aiseolas a fuarthas de thoradh an phlé sin agus an beartas seo á ullmhú.

 

Tagann an t-ardú sna sála ar an méid a fógraíodh le gairid maidir le cursaí nach giorra ná 3 lá a bheith á n-aithint mar bheart aon uaire, agus i ndiaidh cúig chiste cobhsaithe faoi leith a bheith bunaithe ag an Roinn thar thréimhse dhá bhliain chun cabhrú le lucht lóistín, hallaí pobail agus coláistí na hearnála araon.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG)  - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1m foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972.

 

Ó 2017 i leith d’íoctaí deontas laethúil €10 in aghaidh an scoláire faoin scéim le c. 700 teaghlach cáilithe a chuireann lóistín ar fáil don bhreis agus 26,000 foghlaimeoir a dhéanann freastal ar na cúrsaí Gaeilge a aithnítear ó cheann ceann na Gaeltachta.

 

De thoradh an ardaithe atá fógartha, beidh tuairim is €4.8m á infheistiú go bliantúil feasta ag an Roinn ar leas na hearnála. 

Faoi réir na socruithe i bhfeidhm, íocann na coláistí féin suim ionann le tuairim is €1.20 leis na teaghlaigh i leith gach €1 a íocann an Roinn. Fágfaidh sé seo go mbeidh ioncam breise c. €14 sa tseachtain in aghaidh an fhoghlaimeora á shaothrú ag teaghlaigh na hearnála nuair a chuirtear ardú na Roinne agus cúiteamh na gcoláistí san áireamh.

 

Sampla ar thionchar an ardaithe

 

  • 12 foghlaimeoirí x 22 lá x 3 chúrsa x €1.00 ón Roinn =    €792.00
  • 12 foghlaimeoirí x 22 lá x 3 chúrsa x €1.20 ón gcoláiste = €950.40
  • Iomlán = €1,742.40

 

Léargas ar bheartais na Roinne le cabhrú le cobhsú na hearnála ó 2021 i leith:

 

Feabhra 2022: Gearrchúrsaí Gaeltachta nach lú ná 3 lá le bheith aitheanta mar eisceacht i mbliana chun tacú tuilleadh le hathoscailt na gColáistí Gaeilge

https://www.gov.ie/ga/preasraitis/gearrchursaigaeltachta-nach-lu-na-3-la-le-bheith-aitheanta-mar-eisceacht-i-mbliana-chun-tacu-tuilleadh-le-hathoscailt-na-gcolaisti-gaeilge-/

 

Deireadh Fómhair 2021: Cúnamh faoi leith do Choláistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers

https://www.gov.ie/ga/preasraitis/55f0d-cunamh-faoi-leith-do-cholaisti-samhraidh-fogartha-ag-an-aire-martin-agus-ag-an-aire-stait-chambers/

 

Iúil 2021: Ciste Cobhsaithe €240,000 do hallaí pobail na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit Chambers

https://www.gov.ie/ga/preasraitis/4b2fe-ciste-cobhsaithe-240000-do-hallai-pobail-na-gaeltachta-fogartha-ag-an-aire-stait-chambers/

 

Iúil 2021: Ciste Cobhsaithe do mhná tí na gColáistí Samhraidh fógartha ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers

https://www.gov.ie/ga/preasraitis/a89ae-ciste-cobhsaithe-do-mhna-ti-na-gcolaisti-samhraidh-fogartha-ag-an-aire-martin-agus-ag-an-aire-stait-chambers/

 

Bunaíodh dhá chiste faoi leith chomh maith in 2020; sonraí ar fáil ar shuíomh na Roinne.