Foilsithe ar 

Cabhróidh leasú ar dhlíthe ceadúnaithe agus tacaíocht bhreise le geilleagar oíche níos beoga, níos éagsúla agus níos oscailte a chruthú

Inniu chuir an tAire Martin fáilte roimh fhoilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille um Dhíolachán Alcóil a dhéanfaidh leasú agus cuíchóiriú ar dhlíthe ceadúnaithe chun tacú leis an ngeilleagar oíche agus é a spreagadh. 

D'fhógair an tAire Martin pacáiste tacaíochta don gheilleagar oíche chun 9 mbaile agus gcathair nua a chur san áireamh sa tionscnamh nua píolótach do Chomhairleoirí Oíche. Tugadh gealltanas freisin do dhul chun cinn a dhéanamh ar sholáthar dheontais fuaimdhíonta d'ionaid chun cabhrú le hullmhú d’oscailt dhéanach.

Ag labhairt ag foilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille um Dhíolachán Alcóil 2022, san Acadamh Ríoga Ibeirneach, dúirt an tAire Martin:

 

“Bhí nuachóiriú ár ndlíthe ceadúnaithe seanchaite ar cheann de phríomh-mholtaí an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche a bhunaigh mé siar in 2020. Léiríonn foilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille um Dhíolachán Alcóil a d’aontaigh an Rialtas inniu tiomantas an Rialtais seo chun tacú le geilleagar oíche níos éagsúla agus níos beoga. Luadh ár ndlíthe ceadúnaithe seanchaite arís agus arís eile mar cheann de na príomhchonstaicí i mbealach an athraithe, na nuálaíochta agus na cruthaitheachta dóibh siúd a oibríonn sa Gheilleagar Oíche. Tá súil agam gur féidir le gach duine tacú leis na hathruithe seo a dhéanfaidh córas ceadúnaithe níos cuíchóirithe, níos éifeachtaí agus níos trédhearcaí, ag teacht níos fearr le sochaí nua-aimseartha agus éagsúil agus tá súil agam go n-osclófar tuilleadh deiseanna in earnáil an chultúir”.

 

Thapaigh an tAire an deis freisin pacáiste tacaíochtaí breise a fhógairt a chabhróidh le gnólachtaí agus le pobail dul i dtaithí ar aon athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar dhlíthe ceadúnaithe chomh maith le cur le Geilleagar Oíche níos ilchisealaí. Sa chomhthéacs seo, roghnaigh painéal athbhreithnithe neamhspleách, faoi stiúir an Chumainn Bainistíochta Cathrach agus Contae 9 gcathair agus mbaile phíolótacha nua le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Is iad na cathracha píolótacha a roghnaíodh ná Cathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí, Cathair Luimnigh, Cathair na Gaillimhe, Cill Chainnigh, Droichead Átha, Sligeach, Bun Cranncha agus Baile Longfoirt. Shocraigh an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche sé thionscadal phíolótacha ar dtús ach cheadaigh an tAire Martin maoiniú do thrí thionscadal phíolótacha breise.

 

Dúirt an tAire Martin: “Earcófar Comhairleoirí Geilleagar Oíche do na bailte agus na cathracha píolótacha nua seo a chabhróidh le Geilleagar Oíche níos inbhuanaithe a thiomáint agus a thacú ina gceantair. Oibreoidh siad le gnólachtaí, pobail, ionaid, áitritheoirí agus ealaíontóirí chun saol oíche níos beoga a chruthú do chách agus beocht a thabhairt ar ais chuig lár ár gcathracha agus ár mbailte ar bhealach sábháilte agus inbhuanaithe. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCumann Bainistíochta Cathrach agus Contae as a bheith i gceannas ar an bpróiseas seo agus táim ag tnúth leis na Comhairleoirí a cheapadh agus iad ag cur tús lena gcuid oibre”.

 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Cathaoirleach Choiste Gnó, Fiontair, Nuálaíochta, Athnuachana Eacnamaíochta Uirbeach/Bhaile an Chumainn Bhainistíochta Contae agus Cathrach: “Beidh ról na gComhairleoirí Geilleagair Oíche sna 9 mbaile agus  gcathair phíolótacha lárnach maidir le saol oíche rathúil a bhunú dár bpobail. Tá siad ríthábhachtach maidir le comhordú a sheachadadh ag an leibhéal áitiúil chun cabhrú le geilleagar oíche níos beoga agus níos éagsúla a thacú, a thiomáint agus a chothú. Beidh an méid a fhoghlaimeofar ó na 9 dtionscadal phíolótacha mar threoir don chur chuige a ghlacfar chun pleananna don gheilleagar oíche a rolladh amach ar fud ár gcathracha agus ár mbailte i gcoitinne.”

 

Gheall an tAire Martin freisin oibriú leis an earnáil agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chun próiseas deontais a fhorbairt chun ionaid oiriúnacha a fhuaimdhíonadh. Cabhróidh sé seo le tacú leis an síneadh atá beartaithe ar uaireanta oscailte do chlubanna oíche agus d’ionaid eile a oibríonn sa gheilleagar oíche.

 

Dúirt an tAire Martin: “Tá bealaí éagsúla le tabhairt faoi seo á scrúdú againn faoi láthair – múnla Bheirlín mar chur chuige amháin. Mar sin féin, oibreoimid go dlúth leis an earnáil agus le saineolaithe ábhartha chun a chinntiú go gcruthóimid múnla a uasmhéadóidh na tairbhí do ghnólachtaí agus do phobail máguaird. Táimid i dteagmháil freisin leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le réitigh bhreise maolaithe.

 

Duirt si chomh maith, “Leithdháil an Roinn seo €6 mhilliún ar an nGeilleagar Oíche i mbuiséad na bliana seo, rud a léiríonn ár dtiomantas d’fhorbairt ár nGeilleagar Oíche. Rinneamar dul chun cinn inbhraite maidir leis na gníomhaíochtaí i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche agus táimid in ann roinnt athruithe a fheiceáil anois.  Leanfaimid ag obair leis an earnáil chun cur leis an móiminteam seo”.

 

CRÍOCH

Press and Information Office

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Tel: 087 6737338 / 087 7374427 Email: press.office@tcagsm.gov.ie Website:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Foilsíodh Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche i mí Mheán Fómhair 2021.  Moladh i nGníomh 22 go ndéanfaí athbhreithniú agus athchóiriú ar na hAchtanna Ceadúnaithe 1833 go 2018 agus ar na hAchtanna um Chlárú Clubanna 1904 go 2008 d’fhonn Bille athbhreithnithe um Dhíol Alcóil a fhoilsiú agus chun an tAcht um Hallaí Damhsa Poiblí 1935 a aisghairm. Tá an gníomh seo á stiúradh ag an Roinn Dlí agus Cirt.

 

Moladh i nGníomh 19 go mbunófaí tionscadail phíolótacha i 6 bhaile/chathair in dhá chatagóir – bailte ina bhfuil daonra idir 5,000 agus 10,000 agus bailte/cathracha ina bhfuil daonra os cionn 10,000 faoina mbunófar Coistí Geilleagair Oíche agus faoina gceapfar Comhairleoirí Geilleagair Oíche, agus a thacófar le maoiniú. D'eisigh an Cumann Bainistíochta Cathrach agus Contae glao ar iarratais chuig gach údarás áitiúil le haghaidh sé bhaile/chathair phíolótacha agus rinne coiste meastóireachta ar a raibh comhaltaí a d'ainmnigh an Cumann Bainistíochta Cathracha agus Contae agus an Roinn (lena n-áirítear ainmnithe seachtracha) athbhreithniú ar na hiarratais. Roghnaigh an coiste meastóireachta bailte agus cathracha in dhá chatagóir – dhá bhaile ina bhfuil daonra idir 5,000 agus 10,000 agus 7 mbaile agus gcathair ina bhfuil daonra os cionn 10,000. Cuirfear tús anois go luath leis an bpróiseas iarratais chun Comhairleoirí Oíche a earcú.

 

Fuair an tAire Martin ciste caipitil suas le €2m i mBuiséad 2023 chun féachaint an bhféadfaí deontais fuaimdhíonta a sholáthar d’earnáil an Gheilleagair Oíche.  Tacaíonn sé seo le Gníomh 17 de Thuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche.