Foilsithe ar 

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú €170k do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, sraith deontais bheaga do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha timpeall na tíre. Beidh €170,206.50 ar fáil faoin Scéim um Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnaigh 2022.

 

Féachann tionscadail a mhaoinítear faoin Scéim seo le tairiscint chultúrtha na músaem a fheabhsú, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid na músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.

 

Tá cúig thionscadal déag ag baint tairbhe as i mbliana, lena n-áirítear Músaem Bhád Eitilte Fhainge chun macasamhail de Bhád Eitilte Boeing 314 a athchóiriú agus Músaem Chontae Mhuineacháin le haghaidh cásanna taispeántais do shuíomh nua an mhúsaeim ar an gCampas Síochána, Muineachán.

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Is acmhainn thar a bheith tábhachtach iad ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha chun rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre agus tá áthas orm a bheith in ann tacaíocht a thairiscint dóibh tríd an Scéim um Thaispeántais Mhúsaeim Réigiúnaigh.

 

Bhain forais áitiúla agus réigiúnacha úsáid as maoiniú a cuireadh ar fáil faoin scéim seo le blianta beaga anuas chun a gcuid taispeántais chultúrtha a fheabhsú dá gcuid pobal agus do chuairteoirí.

 

Is féidir le spásanna cultúrtha pobail a thabhairt le chéile agus mothaíonnn daoine go bhfuil siad rannpháirteach mar gheall orthu, agus go bhfuil siad mar chuid de rud éigin níos mó ná iad féin.”

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427          Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

 

Nóta don Eagarthóir:

Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:

 

Iarratas

Contae

Cur síos ar an Tionscadal

Maoiniú a leithdháileadh

Músaem Luimnigh

Luimneach

Stair lása Luimnigh

 €6,000.00

Ionad Oidhreacht Bhodhar na hÉireann

Baile Átha Cliath

Cartlann iomlán Oidhreacht Bhodhar na hÉireann a chatalógú

€12,546.00

Músaem Sheoda Phort Láirge

Port Láirge

Seothaispeántais agus feistiú thaitneamhacht nua do chuairteoirí

€15,000.00

Músaem Ime Chorcaí

Corcaigh

Earraí a ghlacadh go tríthoiseach do bhaliúchán an Mhúsaeim Ime

€ 4,895.00

Iarnród an Cabháin & Liatroma

Liatroim

Chun coscán aeir a sholáthar d’inneall gaile ‘Nancy’ ionas gur féidir leis an inneall traenach oibriú go sábháilte i láthair an phobail

€ 9,950.00

Ionad Cultúrtha agus Litríochta Chiarraí

Ciarraí

Obair chaomhnaithe agus forbairt ar thaispeántas nua ar bhailiúchán saothair ealaíne maisithe go Ceilteach le Michael O’Connor (1913 go 1969) a bronnadh ar an músaem le déanaí

€13,987.50

An Músaem Náisiúnta Cló

Baile Átha Cliath

'Grand Stuff, Label Art from Ireland', taispeántas faoi thionscadal nua leabhair le staraí deartha Niall McCormack a choimeád agus a thaispeáint

€8,100.00

Músaem Muireitleán agus Muirí Fhainge

Luimneach

Athchóiriú ar mhacasamhail Bhád Eitilte Boeing 314 an mhúsaeim

€15,000.00

Comhairle Chontae Mhuineacháin

Muineachán

Trí chás taispeántais do shuíomh nua an mhúsaeim ar an gCampas Síochána, Muineachán

€15,000.00

Ionad Ealaíon Sirius

Corcaigh

Taighde, catalógú agus léirmhíniú a dhéanamh ar shaothair ealaíne agus ar ábhar gaolmhar sa bhailiúchán agus sa chartlann, chomh maith le hiad a  scaipeadh agus a thaispeáint ar líne agus ar an láthair, i bhfoirm taispeántais tréimhsiúla, ag tosú le seoladh taispeántais ina bhfuil príomhshaothar ealaíne agus cartlainne amháin nó níos mó agus ábhair a léiríonn fairsinge agus éagsúlacht na míreanna atá i gceist

€10,275.00

Nano Nagle Place

Corcaigh

Troscáin léirmhínithe páiste-lárnach agus ábhar idirghníomhach a chruthú

€15,000.00

Iarsmalann Hunt

Luimneach

Scéal na cré agus na gceirmeach a iniúchadh: iniúchadh a dhéanamh ar thionchar stairiúil, sóisialta, teicniúil agus cultúrtha na cré agus conas a d'fhorbair sibhialtachtaí i gcomhar le teicneolaíochtaí ceirmeacha; scrúdú a dhéanamh ar spadhar an chine daonna cruthú i gcré agus an chaoi a bhfuil féiniúlacht fite fuaite le forbairt na gceirmeach

€15,000.00

Músaem Stair Cheilte Thiobraid Árann

Tiobraid Árann

Cogadh Cathartha Thiobraid Árann “nár insíodh” - Taispeántas ina n-áireofar earraí ó bhailiúchán an mhúsaeim agus earraí pearsanta uathúla teaghlaigh a insíonn scéalta drámatúla faoi Chogadh Cathartha Thiobraid Árann

€15,000.00

Iontaobhas Reiligí Bhaile Átha Cliath

Baile Átha Cliath

Ceannach dhá chás caighdeánach músaeim chun bailiúchán stairiúil cartlainne an Iontaobhais a thaispeáint

€12,453.00

Músaem Giúdach na hÉireann

Baile Átha Cliath

Frámú dhá phictiúr

€ 2,000.00

 €170,206.50