Foilsithe ar 

Ciste breise ar fiú €420,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Jack Chambers TD don phróiseas pleanála teanga le linn cuairte ar Dhún na nGall

Agus é ar chuairt inniu ar Chontae Dhún na nGall, tá sé fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD go bhfuil an ciste bliantúil a bheidh curtha ar fáil feasta do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht á ardú ó €80,000 go €100,000 in aghaidh na bliana. Fágfaidh sé go mbeidh cistíocht suas le €700,000 in iomlán in aghaidh an bhaile á cur ar fáil thar shaolré seacht mbliana a gcuid pleananna don trí bhaile faoi leith – An Clochán Liath, Daingean Uí Chúis agus Béal an Mhuirthead.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Is údar áthais dom a fhógairt go bhfuil an ciste breise seo ar fiú suas le €140,000 in iomlán in aghaidh an bhaile á chur ar fáil thar shaolré seacht mbliana na bpleananna teanga faoi leith atá i gceist. De thoradh seo,beidh ciste breise ar fiú €20,000 in aghaidh na bliana – suas le €100,000 in iomlán go bliantúil – á chur ar fáil feasta don Chlochán Liath, Daingean Uí Chúis agus Béal an Mhuirthead chun cabhrú tuilleadh leo a gcuid pleananna teanga a fheidhmiú faoi scáth an phróisis pleanála teanga”.

 

Seolfaidh an tAire Stáit Plean Teanga Bhaile Seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith tráthnóna in Ionad Teampall Chróine.

 

Roimhe sin, beidh an tAire Stáit ag tabhairt óráide san iarnóin ag dúnadh chomhdháil Thionól Réigiúin na hEorpa, atá á óstáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo.

 

Rinne an tAire Stáit oscailt oifigiúil aréir ar Dhrioglann Chroithlí, ina bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag Údarás na Gaeltachta agus grúpa fiontraithe le cúpla bliain anuas agus atá anois ina háis turasóireachta chomh maith le ionad táirgiúlachta.

 

Oidhreacht na hUltaise in oirthear Dhún na nGall

Le linn a chuairte ar chontae Dhún na nGall inniu, tá an tAire Stáit Chambers ag fáil léargas ar chultúr agus oidhreacht na hUltaise in oirthear an chontae trí chuairt a thabhairt ar Ionad Oidhreachta Mhóin Riabhach, An Carraigín agus Oifigí Ghníomhaireacht na hUltaise, Ráth Bhoth.

 

Ag labhairt faoin chuairt, dúirt an tAire Stáit Chambers:

 

“Tá sé iontach deis a bheith agam níos mó a fhoghlaim faoin obair atá ar bun ag foireann Ghníomhaireachta na hUltaise i measc an phobail in oirthear Dhún na nGall chun cultúr, oidhreacht agus teanga na hUltaise a chur chun cinn.”

 

“Mar Aire Stáit le freagracht as an bhForas Teanga Thuaidh-Theas, lena n-áirítear Gníomhaireacht na hUltaise agus Foras na Gaeilge, feicim deiseanna nua chun feasacht ar an Ultais a chothú ar fud an oileáin mar chuid de thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais.”

 

“Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag tabhairt tacaíochta do phobal na hUltaise sa cheantar seo agus ar fud an chúige.”

 

CRÍOCH