Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Martin leasuithe ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne i láthair

Inniu chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, roinnt leasuithe Rialtais ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne i láthair. Tá na leasuithe seo á gcur síos le linn breithnithe ar an mBille ag Céim na Tuarascála sa Seanad. Is é an príomhchuspóir atá acu ná aghaidh a thabhairt ar raon ceisteanna a d’ardaigh Seanadóirí le linn Chéim Choiste an tSeanaid, a tháinig chun críche ar an 31 Bealtaine 2022.

 

Ina measc seo tá trí leasú a thugann éifeacht do ghealltanas an Aire foráil shoiléir a dhéanamh do ról an Choimisinéara um Shábháilteacht ar Líne laistigh den Bhille. Is é éifeacht na leasuithe seo ná a cheangal go n-ainmneofar ar a laghad duine amháin de na coimisinéirí laistigh den rialtóir a chruthaigh an Bille, Coimisiún na Meán, mar Choimisinéir um Shábháilteacht ar Líne.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as an méid a chuir siad leis an díospóireacht ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne agus é ag dul tríd an Seanad. Aithním an tábhacht a bhaineann le roinnt ceisteanna a d’ardaigh Seanadóirí le linn Chéim Choiste an tSeanaid. Sin an fáth go bhfuil 62 leasú Rialtais ar an mBille á gcur síos agam inniu ag Céim na Tuarascála sa Seanad, a thabharfaidh aghaidh ar raon leathan ceisteanna.

 

I measc na leasuithe seo tá trí cinn a dhéanfaidh foráil shoiléir do ról an Choimisinéara um Shábháilteacht ar Líne. Cé go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh freisin ar roinnt leasuithe a mhol Seanadóirí ó Chéim Choiste an tSeanaid, tugann an grúpa leasuithe seo éifeacht do mo ghealltanas foráil shoiléir a dhéanamh do ról an Choimisinéara um Shábháilteacht ar Líne sa Bhille.”

 

Críoch

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Is féidir an Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne a léamh anseo agus is féidir níos mó eolais a fháil faoi anseo.

 

Is féidir na leasuithe a mhol an tAire a léamh ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

 

I dteannta leis an leasú a bhaineann leis an gCoimisinéir um Shábháilteacht ar Líne, seo a leanas na leasuithe atá á moladh ag an Aire:

 

  • Cumhachtaí agus feidhmeanna Choimisiún na Meán a shoiléiriú trí:

 

    • leagan amach go bhfuil tiomantas ar leith ag an gCoimisiún do shábháilteacht leanaí;

 

    • forálacha a chur leis nach mór don Choimisiún aird a thabhairt ar éagsúlacht teanga agus shocheacnamaíoch mhuintir oileán na hÉireann le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh maidir le seirbhísí craolacháin agus seirbhísí físe ar éileamh;

 

    • forálacha chur leis lena gceanglaítear ar Choimisiún na Meán rannpháirtíocht agus ionadaíocht mhuintir oileán na hÉireann ar sheirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh a chur san áireamh;

 

    • forálacha a chur leis lena gceanglaítear ar Choimisiún na Meán úsáid na Gaeilge sna meáin chumarsáide a chur chun cinn agus a spreagadh; agus

 

    • forálacha a chur leis lena gceanglaítear go sonrach ar Choimisiún na Meán aird a thabhairt ar ábhair a bhaineann le sábháilteacht leanaí agus le rialáil an chearrbhachais agus ar bheartais an Rialtais agus Airí agus comhlachtaí poiblí ábhartha ina leith sin.

 

  • Foráil a dhéanamh chun Coiste Comhairleach Óige a bhunú ag Coimisiún na Meán, a thabharfaidh comhairle, go háirithe, don Choimisiún maidir lena fheidhmeanna sábháilteachta ar líne mar a bhaineann siad le daoine nach mó ná 25 bliana d’aois.

 

  • Foráil a dhéanamh do Choimisiún na Meán doiciméid, tuarascálacha agus rialacha tábhachtacha éagsúla a fhoilsiú nó iad a chur ar fáil don Chomhchoiste Oireachtais ábhartha;

 

  • Ábhair a bhaineann le roinnt sonraí agus rialachas sonraí a shoiléiriú trí:

 

    • foráil a dhéanamh, sa chás go nochtann an Coimisiún sonraí pearsanta duine de réir fhorálacha ábhartha an Achta Craolacháin 2009 (a leasaíodh faoin mBille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne) go dtabharfaidh siad fógra don duine faoin nochtadh a mhéid agus is féidir é sin a dhéanamh; agus,
    • a cheangal ar an Aire a bhreithniú cibé an bhfuil sé riachtanach rialacháin bheartaithe a chur faoi réir tuilleadh comhlachtaí a ordú a bhféadfaidh Coimisiún na Meán sonraí pearsanta a nochtadh dóibh nó ábhair bhreise maidir lena bhféadfaí sonraí pearsanta a nochtadh do mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí agus, más amhlaidh, measúnú den sórt sin a dhéanamh.

 

  • Cumhachtaí Choimisiún na Meán a shoiléiriú chun cumarsáid tráchtála a thoirmeasc nó a shrianadh trí sheirbhís meán agus trí chóid sábháilteachta ar líne.

 

  • Foráiltear, sa chás go ndéanann Coimisiún na Meán gearán a rinneadh maidir le seirbhís meán closamhairc a tharchur nó a dhíbhe, go dtabharfaidh an Coimisiún fógra don duine laistigh de 30 lá ó dháta an tarchurtha nó an dífe.

 

  • Soiléiriú a dhéanamh ar an téarmaíocht a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar chláir chlosamhairc is féidir a mhaoiniú trí Scéim Oibreacha Eorpacha trí:

 

    • shonrú go bhféadfaí cláir a bhaineann le bithéagsúlacht a mhaoiniú; agus,

 

    • Thagairt níos soiléire a dhéanamh do chearta an duine, don chomhionannas, don éagsúlacht agus don chuimsiú.