Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Martin Sainghrúpa Sábhailteachta ar Líne ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar chóras gearáin aonair

Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, tar éis sainghrúpa a chur ar bun inniu chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí foráil do chóras gearán aonair sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne.

 

Is é ról an tsainghrúpa a scrúdú an bhfuil sé indéanta córas gearán aonair a áireamh sa Bhille agus, má tá, a chur in iúl conas is féidir é sin a dhéanamh.

 

Beidh 90 lá ag an ngrúpa óna mbunú chun scrúdú a dhéanamh ar an raon ceisteanna casta praiticiúla agus dlí a ardaíonn an cheist seo agus chun tuairisciú ar ais chuig an Aire Martin. Ina dhiaidh sin, breithneoidh an tAire an Bille a leasú de réir mar a théann sé tríd an Oireachtas ar bhonn mholtaí an Ghrúpa.

 

Bunaíonn an tAire an sainghrúpa seo de bhun dhá mholadh de chuid Chomhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin a d’eascair as an ngrinnscrúdú réamhreachtach a rinne siad ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne.

 

Dúirt an tAire Martin:

 

“Más féidir foráil a dhéanamh do chóras gearán aonair tríd an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne, ba mhaith liom a chinntiú go ndéantar é sin.

 

“Bunaím an sainghrúpa i bhfianaise mholtaí an Chomhchoiste Oireachtais ón ngrinnscrúdú réamhreachtach a rinne siad ar an mBille, chun scrúdú a dhéanamh an féidir foráil a dhéanamh do chóras gearán aonair agus, más féidir, conas a n-oibreodh an córas sin.

 

“Tá sé casta bealaí sásaimh a sholáthar maidir le píosaí aonair ábhair  ar líne agus ag deireadh an lae caithfidh aon mholadh a thabharfaidh mé ar aghaidh chun dul i ngleic leis an gceist seo a bheith praiticiúil agus láidir ó thaobh an dlí.

 

Táim ag tnúth le moltaí an tsainghrúpa a fháil.”

 

Dúirt Cathaoirleach an tSainghrúpa, Isolde Goggin:

 

“Ardaíonn foráil do chóras gearán aonair sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne roinnt ceisteanna praiticiúla agus dlíthiúla ach d’fhéadfadh go mbeadh éifeachtaí dearfacha aici do dhaoine aonair a mbíonn tionchar ag ábhar díobhálach ar líne orthu.

 

“Ní mór dúinn a bheith réalaíoch faoi na dúshláin a bhaineann le córas den sórt sin a sholáthar agus a bheith feasach ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann agus féachaint le teacht ar réitigh inoibrithe, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar dhea-chleachtais maidir le déileáil le gearáin ó chomhlachtaí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is é seo go díreach a dhéanfaidh an grúpa saineolaithe chun ár moltaí a chur faoi bhráid an Aire Martin.”

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Is féidir an Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne a léamh anseo agus is féidir níos mó eolais a fháil faoi anseo.

 

Baill an tSainghrúpa

 

  • Cathaoirleach: Isolde Goggin, iar-Chathaoirleach ar an gCoimisiún Iomaíochta agus Cosaint Tomhaltóirí

 

  • Brian O’Neill, saineolaí acadúil neamhspleách ar shábháilteacht ar líne do leanaí agus Leas-Chathaoirleach ar an gComhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne

 

  • Ana Niculescu, Príomhfheidhmeannach Hotline.ie

 

  • Ronan Lupton, Abhcóide Sinsearach

 

  • An Bhanbharún Kidron, tacadóir chearta leanaí, Cathaoirleach Fhondúireacht 5Rights

 

  • Peter Tyndall, iar-Ombudsman, Coimisinéir Faisnéise, agus Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil