Foilsithe ar 

Déanann an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., athbhreithniú ar Shaighdiúirí Éireannacha atá ag dul i gcomhair seirbhíse le UNDOF

Rinne an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Simon Coveney, T.D., athbhreithniú inniu (an 15 Meán Fómhair) ar bhaill an 66ú Grúpa Coisithe a fhágfaidh sna seachtainí amach romhainn le haghaidh seirbhíse le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) in Arda Golan.

 

Ag labhairt dó le linn an Athbhreithnithe, dúirt an tAire Coveney, “Le breis agus leathchéad bliain anois, tá ról ríthábhachtach ag Óglaigh na hÉireann mar choimeádaithe síochána ar fud an domhain. Tá traidisiún onórach againn maidir le tacú leis na Náisiúin Aontaithe ar mhaithe le síocháin agus slándáil. Is sibhse, fir agus mná an 66ú Grúpa Coisithe, an grúpa is déanaí a leanfaidh leis an traidisiún fada bródúil seo”.

 

Tá saighdiúirí as 22 contae timpeall na hÉireann i measc an ghrúpa 130 atá ag imlonnú chuig UNDOF. Tá níos mó ná an tríú cuid den ghrúpa ar tí imlonnú ar a gcéad turas ar dualgas thar lear.

 

Ag labhairt dó leis an 66ú Grúpa Coisithe, dúirt an tAire, “Mar choimeádaithe síochána, tá ról tábhachtach agaibh maidir le saol na saoránach ar an talamh agus saol na bpobal leochaileach a fheabhsú. In a lán cásanna, is féidir iarmhairtí tubaisteacha a bheith ag coimhlint agus líon méadaithe imirceach, dídeanaithe agus daoine díláithrithe go hinmheánach a bheith mar thoradh uirthi mar a chonaiceamar leis an gcoimhlint san Úcráin."

 

Dúirt an tAire freisin “Cuireann rannpháirtíocht leanúnach na hÉireann in UNDOF agus in oibríochtaí síochánaíochta eile íomhá dhearfach d'Éirinn agus d'Óglaigh na hÉireann chun cinn. Tá sé seo fíor freisin laistigh den phobal idirnáisiúnta ag na Náisiúin Aontaithe, agus leis na pobail áitiúla a iarrtar oraibh seirbhís a dhéanamh iontu. Is coimeádaithe dílse gach duine agaibh atá ag dul go dtí an tSiria."

 

Rinne an tAire comhghairdeas le baill an 66ú Grúpa Coisithe faoi cheannas an Leifteanantchoirnéil David McNamara as an méid atá bainte amach acu go dtí seo agus ghuigh sé misean sábháilte agus rathúil orthu.

 

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir:

 

Ar iarratas ó na Náisiúin Aontaithe, tar éis cead a fháil ón Rialtas agus ó Dháil Éireann, rinneadh meitheal den Bhuanfhórsa Cosanta a imscaradh mar Chúltaca Soghluaiste chuig UNDOF ar Arda Golan ó 2013 i leith.

 

Imlonnóidh meitheal na hÉireann den 66ú Grúpa Coisithe ina bhfuil 130 pearsanra chuig Campa Faouar ar thaobh na Siria den limistéar scartha agus tiocfaidh siad in ionad phearsanra an 65ú Grúpa Coisithe.