Foilsithe ar 

Digitiú Dhaonáireamh 1926

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, go bhfoilseofar na tuairisceáin aonair ó Dhaonáireamh 1926 ar líne inchuardaithe agus saor in aisce i mí Aibreáin 2026. Is í Cartlann Náisiúnta na hÉireann a thabharfaidh faoin tionscadal.

Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh faisnéis a cruthaíodh sa daonáireamh lena n-áirítear daonra, aois, slí bheatha, reiligiún, tithíocht agus an Ghaeilge. 

Ar an 18 Aibreán 1926, 2,971,992 a bhí i ndaonra na hÉireann, 49% baineann agus 51% fireann.  Sa daonáireamh roimhe sin in 1911, 3,139,688 a bhí sa daonra, rud a léiríonn laghdú 5.3% ar an daonra i 15 bliana go 1926. Ba é Baile Átha Cliath an t-aon chontae inar taifeadadh ardú daonra  beagnach 6% sa tréimhse idirdhaonáirimh, agus taifeadadh caillteanas i ngach contae eile. In 1926, Caitlicigh a bhí in 96.2% den daonra agus bhí 18.3% in ann Gaeilge a labhairt. Díobh siúd a bhí fostaithe, bhí 51% ina ngairmeacha talmhaíochta, bhí 4% ina n-iascairí, 14% i ndéantúsaíocht agus bhí 7% díobh ar aimsir i dtithe. Foilsíodh sonraí ar shuíomh gréasáin Oifig Staidrimh na hÉireann:

https://www.cso.ie/en/census/censusvolumes1926to1991/historicalreports/census1926reports/

Is féidir faisnéis phearsanta a chuirtear ar fhoirmeacha daonáirimh aonair a fhoilsiú 100 bliain tar éis daonáireamh a reáchtáil. Ó foilsíodh an t-eolas pearsanta atá i dtuairisceáin dhaonáirimh 1901 agus 1911 deich mbliana ó shin, tháinig méadú ar spéis an phobail i gcúrsaí ginealais, agus tá spéis sna sonraí atá i ndaonáireamh 1926 á méadú i gcónaí. Sna tuairisceáin seo tá sonraí pearsanta faoi gach duine a bhí beo in Éirinn ag an am. I ndaonáireamh 1926 bailíodh 21 tacar sonraí ar nós ainm, aois, gnéas, stádas pósta, creideamh, coinníollacha tithíochta agus cumas sa Ghaeilge. Tá sé beartaithe na tacair sonraí go léir a dhigitiú agus a fhoilsiú. Is cinnte go dtabharfaidh an t-eolas seo léargas iontach ar shaol na hÉireann sa bhliain 1926 agus beidh sé an-úsáideach ag pobal na hÉireann agus ag an diaspóra ar fud an domhain.

Cuirfear tús anois le hobair chun na tuairisceáin daonáirimh aonair a chaomhnú, a thrascríobh agus a dhigitiú ar chostas €5 milliún. Leithdháil an tAire Martin an maoiniú le haghaidh na n-oibreacha speisialaithe riachtanacha chun na taifid seo a chur ar fáil saor in aisce don phobal i mí Aibreáin 2026. Tá an beartas rochtain oscailte seo ar aon dul le Straitéis fhoriomlán an Rialtais maidir le Sonraí Oscailte agus d’fhéadfaí comparáid a dhéanamh idir na sonraí roimh 1922 agus sonraí 1926, tréimhse inar tharla athrú ó bhonn in Éirinn.

Faoi láthair, tá daonáireamh 1926 á stóráil in 1,344 bosca, ina bhfuil os cionn 700,000 bileog tuairisceáin, gach ceann acu thart ar 630mm x 290mm (297x430mm is ea A3). Cuirtear na tuairisceáin le chéile in 2,464 mála canbháis agus léiríonn gach ceann díobh ceantar áirimh laistigh de gach ceann de na 26 chontae. 

Déanfaidh Cartlann Náisiúnta na hÉireann digitiú ar Dhaonáireamh 1926 i ndlúthchomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh - na comhlachtaí reatha agus na comhlachtaí a bheidh freagrach as an daonáireamh amach anseo.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Tá an-áthas orm maoiniu €5m a chur ar fáil do dhigitiú agus foilsiú dhaonáireamh 1926. Creidim gur chóir go mbeadh rochtain fhorleathan ar thaifid daonáirimh agus ar thaifid ghinealais eile agus go gcuirfí ar fáil saor in aisce don phobal iad. Soláthróidh maoiniú €5m don phróiseas casta,  fadálach agus ilchéimeach chun an t-eolas ar fad a bailíodh sa chéad daonáireamh sa Saorstát a dhigitiú. Táim muiníneach go gcríochnófar an obair in am le scaoileadh 100 bliain tar éis reáchtáil an daonáirimh. I bhfianaise rath thuairisceáin digitithe dhaonáirimh 1901 agus 1911, táim cinnte go mbeidh an oiread céanna éilimh ar dhaonáireamh 1926 agus go mbainfidh daoine ar fud an domhain úsáid as nuair a scaoilfear é. Is cuid bhunúsach dár n-oidhreacht náisiúnta agus dár n-eolas é an daonáireamh.”

Críoch

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

  • Reáchtáladh an chéad daonáireamh iomlán de chuid Rialtas na hÉireann in 1821 le daonáirimh bhreise gach deich mbliana ó 1831 go 1911. Reáchtáladh daonáireamh i Meitheamh 1921, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag ach ní ar oileán na hÉireann mar gheall ar Chogadh na Saoirse. Reáchtáladh an chéad daonáireamh i Saorstát na hÉireann ar an 18 Meitheamh 1926.
  • Reáchtáladh na daonáirimh ó 1851 go 1911 faoi mhaoirseacht an Ard-Chláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí. Reáchtáladh daonáireamh 1926, agus gach daonáireamh ina dhiaidh sin faoin Acht Staidrimh, 1926. Aistríodh an fhreagracht maidir le daonáirimh a reáchtáil ón Ard-Chláraitheoir go dtí an Brainse Staidrimh nuabhunaithe sa Roinn Tionscail agus Tráchtála. Tá an fhreagracht sin ar an bPríomh-Oifig Staidrimh sa lá atá inniu ann.
  • Tá tuairisceáin dhaonáiremh 1926, agus go deimhin, gach daonáireamh níos óige ná 100 bliain d’aois, fós faoi rialú dlíthiúil an Phríomh-Oifig Staidrimh.  Go dtí seo reáchtáladh daonáirimh in 1926, 1936, 1946, 1951, 1956, 1961, 1966, 1971, 1979 (cealaíodh an daonáireamh a bhí le reáchtáil in 1976 mar bheart eacnamaíoch), 1981, 1986, 1996, 2002 agus 2006. Coinnítear tuairisceáin 1926 - 1946 agus cuid díobh sin do 1951 sa Chartlann Náisiúnta, ach tá siad fós faoi smacht an Phríomh-Oifig Staidrimh. Tá na tuairisceáin is déanaí fós i seilbh an Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • In Ailt 33 agus 35 den Acht Staidrimh 1993 ceadaítear scaoileadh faisnéise a bhailítear trí Dhaonáireamh a bhaineann go díreach nó go hindíreach le duine inaitheanta 100 bliain tar éis an dáta a reáchtáladh an daonáireamh.
  • Tar éis 100 bliain, ní mór na tuairisceáin daonáirimh a aistriú go foirmiúil chuig an gCartlann Náisiúnta agus iad a scaoileadh le haghaidh iniúchadh poiblí, de réir Alt 8 den Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986.
  • D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh, mar an comhlacht atá freagrach as sonraí daonáirimh a bhailiú, faisnéis shuntasach ó dhaonáireamh 1926 in 10 n-imleabhar lena n-áirítear daonra, aois, slí bheatha, creideamh, tithíocht, coinníollacha pósta, spleáchas, tionscail agus an Ghaeilge. Tá na 10 n-imleabhar ar fáil ar shuíomh gréasáin na hOifige faoi Thuarascálacha Dhaonáireamh 1926 - An Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • Ní raibh sé chomh casta daonáirimh 1901 agus 1911 a dhigitiú ó 2007 go 2010 toisc gur chuir Cumann Ginealais Utah (na Mormannaigh) tuairisceáin an daonáirimh ar mhicreascannán sna 1960idí. Sa digitiú rinneadh an micreascannán a scanadh go foirm dhigiteach agus cruthaíodh innéacs bunachar sonraí don fhaisnéis a taifeadadh sna foirmeacha. Ligeann innéacs an bhunachair sonraí seo d’úsáideoir an suíomh gréasáin sonraí an daonáirimh a chuardach de réir céadainm, sloinne, contae, seoladh, aois agus inscne. Cuireadh naisc le sonraí an daonáirimh freisin le híomhánna digiteacha na dtuairisceáin aonair inar taifeadadh na sonraí. Ba é an costas iomlán a bhain le tuairisceáin dhaonáirimh 1901 agus 1911 a dhigitiú agus sonraí an daonáirimh a innéacsú ná €3.6 mhilliún.
  • I ndaonáirimh 1901 agus 1911 rinneadh digitiú ar an eolas go léir a bailíodh sa daonáireamh ionas go mbeadh gach réimse ar fáil anois (agus inchuardaithe) ar an suíomh gréasáin. Tá sé beartaithe cur chuige cosúil leis seo a ghlacadh le daonáireamh 1926 agus an t-eolas go léir a bailíodh ag an am a chur ar fáil ar líne. 21 tacar sonraí atá ann roinnte idir Foirm A ar a bhfuil 13 thacar sonraí agus Foirm B ar a bhfuil 8 dtacar sonraí.

Ní féidir rochtain phoiblí ar dhaonáireamh 1926 a sholáthar ach amháin má dhéantar tuairisceáin an daonáirimh a dhigitiú agus a chur ar fáil mar acmhainn inchuardaithe ar líne, mar a rinneadh le daonáirimh 1901 agus 1911.  Caomhnú agus na dtuairisceán, atá 96 bliain d'aois, a bheadh i gceist leis seo.   

 

Is éard atá i ndaonáireamh 1926 ná 630,048 tuairisceán tí le bileog tuairisceáin daonáirimh amháin in aghaidh an teaghlaigh mar aon le thart ar 70,0000 bileog áiritheoirí. Tá gach tuairisceán thart ar 630mm x 290mm (297x430mm is ea A3).  Tá na tuairisceáin le chéile in 2,464 mála canbháis agus léiríonn gach ceann díobh ceantar áirimh laistigh de gach ceann de na 26 contae. Tá an daonáireamh ar fad á stóráil in 1,344 boscaí.

 

I ndaonáireamh 1926 bailíodh 21 tacar sonraí agus tá sé beartaithe chuige sin go ndéanfar iad go léir a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne in 2026. Tá 13 thacar sonraí sa tuairisceán teaghlaigh – Foirm A – agus tá na 8 gcinn eile ar Fhoirm B, bileoga na n-áiritheoirí. 

Tuairisceáin Teaghlaigh (Foirm A) 13 thacar sonraí faisnéise do gach teaghlach

  1. Ainm agus sloinne;
  2. Gaol le ceann an teaghlaigh;
  3. Aois (i mblianta agus míonna);
  4. Inscne;
  5. Pósadh nó dílleacht;
  6. Áit bhreithe (ainm an pharóiste san áireamh)
  7. Gaeilge;
  8. Credieamh;
  9. Slí bheatha agus fostaíocht: gairm bheatha phearsanta;
  10. Slí bheatha agus fostaíocht: fostaíocht/ainm an fhostóra;
  11. Eolas maidir le pósadh láithreach ag teastáil ó mhná pósta: líon na mblianta  agus míonna curtha i gcrích sa phósadh láithreach, agus líon na leanaí a rugadh beo sa phósadh faoi láthair;
  12. Faisnéis maidir le póstaí láithreacha agus póstaí roimhe seo ag teastáil ó Fhir Phósta, ó Bhaintreacha Fir agus ó Bhaintreacha: líon na mac, iníonacha, leasmhac agus leas-iníonacha atá beo faoi bhun 16 bliana d'aois, cibé acu a bhfuil cónaí orthu mar bhaill den teaghlach seo nó in áit eile.
  13. An t-achar iomlán in acra reachta do gach gabháltas talmhaíochta (más ann do) atá i Saorstát na hÉireann arb é daoine a chónaíonn sa teaghlach seo de ghnáth na háititheoirí.

 

Tuairisceáin Áiritheora (Foirm B) do gach baile fearainn/sráid:

  1. Cibé an tithe cónaithe príobháideacha nó foirgnimh eile iad foirgnimh;
  2. Cibé an bhfuil duine ina gcónaí ann nó nach bhfuil
  3. Líon na dteaghlach ar leith atá ina gcónaí i ngach teach nó foirgneamh;
  4. Ainm ceann gach teaghlaigh;
  5. Líon na bhfear;
  6. Líon na mban;
  7. Daonra iomlán;
  8.  
  9. Líon na seomraí atá ag gach teaghlach.