Foilsithe ar 

Fógra Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise 2023

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D. gur roghnaíodh ‘In Search of Hy-Brasil’ chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an 18ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2023.

Roghnaíodh an tionscadal comhoibríoch atá á stiúradh ag an ailtire Peter Cody, tar éis glao oscailte ó Chultúr Éireann, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Tá na hailtirí Peter Carroll, Elizabeth Hatz, Mary Laheen agus Joseph Mackey ar an bhfoireann coimeádaíochta méadaithe.

Dúirt an tAire Martin:

“Scrúdaíonn “In Search of Hy-Brasil’ an gaol idir oileáin na hÉireann agus a dtimpeallacht nádúrtha. Is iontach an rud é a fheiceáil cén chaoi a léiríonn ár gcumas chun déileáil le cúinsí deacra leis na céadta bliain dúinn conas maireachtáil níos inbhuanaithe sa lá atá inniu ann. I ré an téimh dhomhanda agus na ndúshlán a bhaineann le hathrú aeráide, is téama é a bhfuil tábhacht dhomhanda leis.”

Dúirt an fhoireann coimeádaíochta:

“Ghríosaigh oileáin na hÉireann “In Search of Hy-Brasil’ agus spreagann sé muid go léir athshamhlú a dhéanamh ar ár ndúiche ollmhór talún agus farraige. Is áiteanna láidre, acmhainneacha agus cruthaitheacha iad ár n-oileáin atá iargúlta go geografach agus imeallach go príomha don dioscúrsa comhaimseartha. Is piolóidí suntasacha iad le fada an lá maidir le teanga, ceol agus amhránaíocht. Tá siad ceangailte le heispéireas beo agus tacaíonn siad le bithéagsúlacht shaibhir uathúil. Leabaigh a bpobail bheaga, atá ar imeall na hinmharthanachta, eolas agus tuiscint dhomhain ina n-ord sóisialta agus ina gcuimhne chultúrtha ar bhainistíocht aigéin, talún agus acmhainní agus an cleachtas timpeallachtaí inbhuanaithe a chothú.Mar náisiún oileánda atá ag tabhairt aghaidh ar thodhchaí éiginnte, ní mór aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide, fuinnimh in-athnuaite, táirgeadh bia eiticiúil agus bithéagsúlacht go tapa agus go dionghbháilte, ag athnuachan na cothromaíochta caillte eadrainn féin agus an domhan nádúrtha.”

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ón bhfoireann coimeádaíochta anseo.

Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 20 Bealtaine go dtí an 26 Samhain 2023, fós an t-ardán domhanda is tábhachtaí maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacann an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugann sé deis uathúil d’ailtirí Éireannacha lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh. Tógfaidh ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis in 2023 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise le blianta beaga anuas agus moladh ‘Entanglement’ agus ‘Free Market’ le Annex go domhanda in 2021 agus 2018 faoi seach. Choiméadaigh Shelley McNamara agus Yvonne Farrell ó Grafton Architects an 16ú Biennale Ailtireachta sa Veinéis in 2018.

Tar éis é a chur i láthair sa Veinéis, rachaidh ‘In Search of Hy-Brasil’ ar camchuairt in Éirinn in 2024.

Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.

CRÍOCH