Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Martin maoiniú do Mhionfhéilte Áitiúla agus do Mhionscoileanna Samhraidh

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leithdháileadh maoinithe €122,045 inniu do 34 imeacht chun tacú le Mionfhéilte Áitiúla agus Mionscoileanna Samhraidh a reáchtálfar ar fud na hÉireann in 2022.

 

Dearadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach mbeadh incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí níos mó cosúil leo siúd a dtugann Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí cosúil leo tacaíocht dóibh. Glacfar le hiarratais go dtí an 22 Aibreán 2022. Leithdháileadh maoiniú tar éis phróiseas iomaíoch iarratais, agus tá uasdeontas €5,000 ar fáil.

 

Tá liosta na n-iarratasóirí a gheobhaidh maoiniú thíos:

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Tá an-áthas orm tacú le Scéim na Mionfhéilte Áitiúla agus na Mionscoileanna Samhraidh i mbliana. Cuireann an cultúr agus na healaíona go mór lenár saolta agus lenár bpobal.

 

Cuireann na tionscadail seo go mór le forbairt agus le cur chun cinn thairiscint turasóireachta cultúrtha na hÉireann, ar mhaithe le turasóirí intíre agus ón gcoigríoch araon. Tréaslaím le agus guím gach rath ar na heagraithe agus tá súil agam go mbainfidh an lucht freastail taitneamh as na himeachtaí.”

 

Críoch

 

Teagmhálacha Meán:

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (díreach)

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Láithreán gréasáin: https://www.gov.ie/en/organisation/department-of-tourism-culture-arts-gaeltacht-sport-and-media/

Twitter: @DeptCHG

 

 

Iarratasóir

Cur síos ar an Tionscadal

Contae

Maoiniú a leithdháileadh

Scoil Samhraidh Mhíchíl Uí Chléirigh

Scoil samhraidh a dhéanann comóradh ar shaol agus ar éachtaí Mhíchíl Uí Chléirigh agus a chuid comhghleacaithe, baill eile ‘The Four Masters”

Dún na nGall

€5,000

Féile Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag

Sraith ceolchoirmeacha ina léireofar na hamhránaithe is fearr ó Éireann agus ón iasacht.

Corcaigh

€5,000

CCÉ an Ghoirt Chroim

Ag cur scoth cheoltóirí traidisiúnta Mhaigh Eo ar stáitse i gceolchoirm agus ag reáchtáil ceachtanna ceoil do thosaitheoirí

Maigh Eo

€5,000

Mol Cruthaitheach Choill an Chollaigh

Sraith ceardlanna treoraithe agus seisiúin ‘plein air’ ina úsáidfear roinnt teicnící cruthaitheacha éagsúla (péint, teicstíl, grianghrafadóireacht, an focal scríofa, srl.) Reáchtálfar taispeántas le linn Sheó-Thaispeántas Samhraidh 2022 ag an am céanna is a bheidh Féile Lár an tSamhraidh Choill an Chollaigh ar siúl

An Cabhán

€3,045

Comhairle Phobail Chlais Mhór (Féile Mochua)

Féile trí lá ina ndéantar ceiliúradh ar oidhreacht agus ar chultúr Chláis Mhór

Port Láirge

€5,000

Parnell Society (Avondale Trust)

New beginnings: Parnell Autumn School

Baile Átha Cliath

€4,000

Féile Litríochta Loch Gorman

Athléiriú Chath Inis Córthaidh ar an 1 Iúil 1922 (Snáithe ar leith ar aon lá amháin)

Loch Garman

€3,000

Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall

Clár leathan de cheardlanna ceoil agus disciplíní cruthaitheacha gaolmhara a sheachadfaidh teagascóirí oilte, ag críochnú le léirithe ag an deireadh seachtaine.

Dún na nGall

€5,000

Not Your Average Hooley (NYAH)

A Festival of Connection: Tabharfaidh seisear ceoltóirí, amhránaithe & rinceoirí cuairt ar Sé Theach  Altranais/Cúraim sa Chabhán 

An Cabhán

€2,600

Féile Staire Iarthar Chorcaí

Imeacht hibrideach digiteach/ar an láthair. Beidh dhá théama sa chlár seo: Éire in 1922 agus 175 bliain ó ‘47 an Bhróin

Corcaigh

€2,000

Comhairle Phobail an Dúrais agus a Cheantar

Féile Samhraidh Dúrais - Ceiliúradh ar Oidhreacht Phobail agus Chultúir

Corcaigh

€5,000

Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Bhaile Átha an Rí

ATHENRY MUSIC. ARTS. DRAMA (M.A.D.) FESTIVAL - Féile ildisciplíneach pobail a bhfuil sé mar chuspóir aici clár ealaíon cuimsitheach agus inrochtana a sholáthar do chách.

Gaillimh

€5,000

Músaem Scríbhneoirí Chiarraí

Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta Lios Tuathail 2022

Ciarraí

€5,000

Cumann Yeats Shligigh

63ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats

Sligeach

€5,000

Oidhreacht Bhaile Átha Í

22nd Shackleton Autumn School/Festival Hybrid

Cill Dara

€4,500

Féile Imeallach Bhéal an Átha

Féile na nEalaíon Beag ina mbeidh amharc-ealaíona, ceol beo, drámaíocht, ealaín na bpáistí agus ealaín sráide

Maigh Eo

 €5,000

Creative Spark

Is féile ealaíon, oidhreachta agus chultúir í SEEK a bhfuil sé mar aidhm aici roinnt de na healaíontóirí múrphictiúr agus ealaíontóir uirbeacha is fearr ar domhan a mhealladh go Dún Dealgan

An Lú

€ 5,000

Ceardaíocht agus Dearadh Chorcaí

Clár imeachtaí 31 lá a reáchtálfar le linn mhí Lúnasa. Tá liosta cuimsitheach deiseanna oideachasúla sa chlár seo ó dhisciplíní éagsúla ceardaíochta ó cheardaithe agus ó fhiontair cheardaíochtaí ar fud na tíre. Sa chlár oideachasúil beidh: ceardlanna, taispeántais, caintanna ealaíontóra, máistir-ranganna agus turais amharc-ealaíon.

Corcaigh

 € 5,000

Brainse Mhuinchille, Comhaltas Ceoltóiri Éireann

Reáchtálfar an 15ú Féile Bhliantúil Cheoil Thraidisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar Gerry Whelan i Muinchille, Co. an Chabháin ar an deireadh seachtaine an 9/10/11 Meán Fómhair 2022.

An Cabhán

 €1,000

Féile Liam O'Flynn

Ceiliúradh bliantúil ar tharraingteacht fhairsing chultúrtha agus cheoil Chontae Chill Dara le béim láidir ar cheol traidisiúnta

Cill Dara

€ 5,000

Féile Cheoil Larry Reynolds

Deireadh seachtaine lán le ceol, ealaíona agus oidhreacht na hÉireann chun grá Reynolds do chultúr agus d’oidhreacht oirthear na Gaillimhe a choinneáil beo.

Gaillimh

€ 5,000

Carndonagh Traders Association CLG (Live at the Marquee)

Féile cheoil agus teaghlaigh ceithre lá ina ndéantar ceiliúradh ar ealaíontóirí agus ceoltóirí áitiúla agus ina reáchtáltar ceardlanna leanaí

Dún na nGall

€3,500

Féile Cheoil Tíre agus Thraidisiúnta Bhéal Átha Seanaidh

Seisiúin bhríomhara i dtithe tábhairne, siamsaíocht sráide, ceardlanna, comórtais bhuscála agus céilithe

Dún na nGall

€5,000

Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann (The Speaker Connolly Summer School)

Fondúireacht a thógáil chun éagsúlacht, féiniúlacht agus athmhuintearas na hÉireann a fhiosrú trí mheán taifeadta scannán go príomha agus ardáin ilmheán ar nós YouTube. Chomh maith leis an imeacht ar an láthair, craolfar an scoil samhraidh arís saor in aisce.  

Cill Dara

€3,150

Féile Ealaíon an Chabháin

Is féile ealaíon ildisciplíneach nuálach atá ag teacht chun cinn í Féile Ealaíon an Chabháin. Tá ealaíona, ealaíona faoin aer, obair shainsuíomh & obair “dochatagóirithe” sa chlár.

An Cabhán

 €3,500

Muckno Mania Festival

Féile ealaíon agus cultúrtha trí lá a chuireann rannpháirtíocht shaor in aisce an phobail sna healaíona, sa chultúr agus i ngníomhaíochtaí fóillíochta chun cinn.

Muineachán

€2,500

Forbairt Phobail Theach Solais

ÓMÓS - Féile Chultúrtha

An Cabhán

€2,500

Comhaltas Aimiréal de Brún, Ceathrú na Líne (Deireadh Seachtaine Traidisiúnta Cheathrú na Líne)

Ceithre cheardlann ag druidim le Deireadh Seachtaine Traidisiúnta Cheathrú na Líne

Maigh Eo

€2,500

Comhaltas na Cathrach

Seó Samhraidh - leathnú ar an gclár atá ann cheana. Tugadh cead d’ocht seó chun cur leis na himeachtaí ceoil i mbliana agus níos mó amhránaíochta agus damhsa a thabhairt isteach.

Tiobraid Árann

€1,250

Féile Lár an tSamhraidh Choill an Chollaigh & Imeachtaí Baile

Féile Phobail Sráide aon lá chun tacú le healaíontóirí, ceoltóirí agus siamsóirí áitiúla

An Cabhán

€2,000

Cumann Cairde Cholmcille (Féile Cholmcille)

Féile aon lá de chainteanna, siúlóidí agus ceol chun ceiliúradh a dhéanamh ar Shlí Cholmcille

An Mhí

€3,000

Deireadh Seachtaine Ealaíon Chionn tSáile

Iarraidh ar ealaíontóirí óga clár a phéinteáil ar fhoirgnimh nach bhfuil in úsáid ar fud an bhaile i stíl chomhaimseartha, uathúil agus oiriúnach d’fhéile sráide

Corcaigh

€1,000

Féile Scannán Phort Láirge

3 chomórtas bhliantúla sa scannánaíocht, scríbhneoireacht scripte agus grianghrafadóireacht

Port Láirge

€1,000

Mullahoran GFC

Féile Cheoil Tíre a reáchtálfar thar trí oíche

An Cabhán

€1,000

Iomlán

 

 

€122,045