Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Martin plean gníomhaíochta nua do chur i bhfeidhm moltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., (Dé Céadaoin, an 18 Eanáir 2023) gur cheadaigh an Rialtas Straitéis Forfheidhmithe agus Plean Gníomhaíochta chun foráil a dhéanamh do chur i bhfeidhm na moltaí a rinneadh i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Sa phlean seo leagtar amach conas atá sé beartaithe ag an Rialtas éifeacht a thabhairt do na moltaí ar glacadh leo i dtuarascáil an Choimisiúin, agus is plean é chun forbairt leanúnach na meán seirbhíse poiblí in Éirinn a chumasú i bhfianaise an athraithe atá ar siúl san earnáil. Príomhghné den chur chun feidhme leanúnach a bheidh ann ná rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara, agus beidh m’oifigigh ag tabhairt cuireadh do raon leathan páirtithe leasmhara go luath chun páirt a ghlacadh sa phróiseas.”

 

Cuirfidh an Meitheal Teicniúil a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar athchóiriú ar an Táille Ceadúnais Teilifíse a dtuarascáil i dtoll a chéile i R1 na bliana seo.

Áireofar le seachadadh na Straitéise forbairt ar chaighdeáin Chomhionannais, Éagsúlachta agus Chuimsithe ag Coimisiún na Meán, athbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhísí Gaeilge ar fud earnáil na meán ar fad agus tabhairt isteach raon tacaíochtaí maoinithe nua trí Chiste Meán nua, le tosaíocht á tabhairt ag an Aire Martin do scéimeanna Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil agus Tuairiscithe Cúirteanna. 

 

Dúirt an tAire Martin, chomh maith:

“Tá sé ríthábhachtach go léireoidh ár seirbhísí meán éagsúlacht an lucht éisteachta a bhfuil siad ag iarraidh freastal orthu. Rachaidh Coimisiún na Meán i dteagmháil le craoltóirí agus soláthraithe ábhair chun a chinntiú go gcloistear guth gach cuid de shochaí na hÉireann agus go bhfuil bealach ann chun iad a chuimsiú sna meáin seirbhíse poiblí.”

 

Foilsíodh an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta inniu freisin agus tá siad ar fáil anseo.

 

Críoch

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 8562936 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tar éis dó tuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán a bhreithniú i mí Iúil na bliana seo, ghlac an Rialtas, i bprionsabal, le 49 as 50 moladh a rinneadh.

Bunaíodh Grúpa Forfheidhmithe, faoi chathaoirleacht na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán, ar a bhfuil ionadaithe ó Roinn an Taoisigh; Airgeadais; Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe; Dlí is Cirt; Fiontar, Trádála & Fostaíochta; agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá sé de chúram ar an nGrúpa:

  • Plean Forfheidhmithe a aontú agus an t-achar ama is oiriúnaí lena chur i bhfeidhm;
  • Na hathruithe reachtacha a aithint a theastaíonn chun tacú le cur i bhfeidhm;
  • Breathnú ar an struchtúr agus ar an leagan is oiriúnaí le haghaidh tuilleadh rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara na hearnála; agus
  • Maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus tuarascálacha tréimhsiúla a dhéanamh don Rialtas.

Tar éis breithniú a dhéanamh ar gach togra, d'fhorbair an Grúpa an Straitéis Forfheidhmithe agus an Plean Gníomhaíochta a d’fhaomh an Chomh-Aireacht.

Leagtar amach i moltaí an Choimisiúin clár oibre straitéiseach chun earnáil meán na hÉireann a athrú, lena chinntiú go leanann Éire le meán iolraíoch, neamhspleách a sholáthraíonn ábhar seirbhíse poiblí ar ardchaighdeán, atá riachtanach do chomhtháthú sóisialta agus daonlathas sláintiúil. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta raon beart a dearadh chun an cuspóir seo a bhaint amach:

  • Bearta comhionannais, éagsúlachta agus cuimsithe (CÉC) chun a chinntiú go bhfuil meáin na hÉireann ionadaíoch go hiomlán dár sochaí, le caighdeáin nua CÉC agus critéir mhaoinithe;
  • Oibriú go dlúth leis an earnáil chun Plean Inbhuanaitheachta nua a fhorbairt, agus critéir mhaoinithe chuí a thabhairt isteach;
  • Ciste Meán nua ina leathnófar na tacaíochtaí atá ar fáil don earnáil níos leithne, lena n-áirítear tacaíocht d’athrú digiteach agus do na meáin phobail;
  • Athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar na meán Gaeilge agus machnamh ar imfhálú tacaíochtaí d’ábhar Gaeilge;
  • Athbhreithniú ar infheistíocht i léiriúcháin neamhspleácha; agus
  • Gealltanais chun athchóiriú na ndlíthe clúmhillte a chur chun cinn agus plé le páirtithe leasmhara maidir le hoibriú na ndlíthe cóipchirt.

Bhunaigh an Rialtas Meitheal Teicniúil ar leith freisin chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna maidir le hathchóiriú agus feabhsú mhúnla táille an cheadúnais teilifíse, agus tuairisceoidh sé don Aire Martin i R1 na bliana seo.