Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Chambers allúntas faoi leith ar fiú os cionn €130,000 don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta

Agus é ar chuairt inniu ar Ghaeltacht na Gaillimhe, d’fhógair Jack Chambers TD, Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt, gur cheadaigh sé maoiniú breise nach mó ná €130,644 don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, chun go mbeidh siad in ann an pacáiste tacaíochta teaghlaigh atá á riar acu thar ceann na Roinne a bhainistiú agus a fhorbairt.

 

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Tá obair shuntasach á déanamh ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta chun cur le húsáid na Gaeilge i measc teaglaigh Gaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le gaeilge nó ar mian leo sin a dhéanamh, le cúnamh leanúnach ó mo Roinn féin.  Leis an maoiniú breise seo don phacáiste tacaíochta teaghlaigh, beidh deis ag Tuismitheoirí na Gaeltachta cur le tionchar agus éifeacht an phacáiste agus lena gcuid oibre tábhachtaí féin.”

 

Sheoil an Aire Stáit leabhrán nua atá curtha le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta 'Taisce Teaghlaigh' agus é ag tabhairt cuairt ar oifigí Tuismitheoirí na Gaeltachta sa Cheathrú Rua. Is leabhrán a spreagfaidh teaghlaigh Gaeltachta dul i mbun tóraíocht nádúrtha sa Ghaeltacht. Cuirfidh an leabhrán seo le hobair an phacáiste tacaíochta teaghlaigh.

 

Dúirt Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair faoi cheadú an mhaoinaithe bhreise seo: “Tugann an maoiniú seo deis dúinn freastal níos fearr a dhéanamh ar na teaghlaigh a dhéanann iarratas ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh. Beidh córas nua á chur i bhfeidhm ina mbeidh riachtanais na dteaghlach á gcur san áireamh agus pacáistí atá bunaithe ar na riachtanais sin á gcur ar fáil. Beidh níos mó eolais á chur sa phacáiste Gaeltachta faoi obair Thuismitheoirí na Gaeltachta agus an proiséas pleanála teanga agus deis ag teaghlaigh eolas a chuardach agus teacht ar sheirbhísí sa phobal dá réir.”

 

Lá dhá lá anuas, tá an t-Aire Chambers tar éis an deis a thapú cuairt a thabhairt ar scata cholaistí samhraidh in iarthar na tíre; inné i Maigh Eo agus inniú i gConamara. Is ar an gCeathrú Rua a bheidh an tAire ag tabhairt cuairte ar Choláiste Chiaráin, atá ar an bhfód le beagnach daichead bliain. Fad is a bheidh sé ann, buailfidh sé le stiúrthóirí an Choláiste Cóilín Ó Domhnaill agus Sean de Paor, agus le múinteoirí agus scoláirí. 

 

Beidh ós cionn 1,000 scoláire meánscoile agus macléinn ollscoile tar éis freastal ar chúrsaí i gColáiste Chiaráin i mblaina.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

  • Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta in 2011 i nGaillimh agus bunaíodh an craobh i nDún na nGall in 2014 chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo é sin a dhéanamh.

 

  • Eagraíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta raon gníomhaíochtaí éagsúla le cúnamh leanúnach na Roinne chun cabhrú le teaghlaigh óga na Gaeltachta na dúshlán atá bainteach le clann a thógáil le Gaeilge a shárú. Tacaíonn an eagraíocht le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo é sin a dhéanamh.

 

  • Leis an maoiniú atá a fhógairt inniu beidh ar chumas na heagraíochta oifigeach a fhostú go páirtaimseartha le díriú ar dháileadh an phacáiste ar a bhfuil fás de beagnach 239% tagtha ar éileamh ina leith ó 2019.

  

  • Baineann ós cionn 2,000 teaghlaigh leas as imeachtaí agus gníomhaíochtaí na eagraíochta mar atá le sonrú sna táblaí ag bun na cáipéise.  

 

  • Fáiltíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh rannpháirtithe ó gach Limistéir Pleanála Teanga agus chuir an eagraíocht go mór lena gníomhaíochtaí mórthimpeall na Gaeltachta sa tréimhse 2018 go dáta.

 

  • Ceadaíodh clár oibre trí bliana gur fiú suas le €1,600,522 do Thuismitheoirí na Gaeltachta i mBealtaine na bliana seo, a ligfidh don eagraíocht cur leis an obair atá déanta acu ar son teaghlaigh na Gaeltachta.

 

  • Léiríonn an tábla thíos an maoiniú atá ceadaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta ó 2014 go 2023.

 

Bliain

Maoiniú Reatha

2014

€40,000

2015

€40,000

2016

€40,000

2017

€50,000

2018

€181,170

2019

€420,340

2020

€426,103

2021

€515,865

2022

€604,230*

2023

€611,071**

*Allúntas bliantúil de €535,062 móide maoiniú breise de €69,168 le forbairt a dhéanamh ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh i 2022

** Allúntas bliantúil de €549,595 móide maoiniú breise de €61,476 le forbairt a dhéanamh ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh i 2023

 

  • Léiríonn an tábla thíos an líon iarratais a fuair Tuismitheoirí na Gaeltachta ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh ó 2019 ar aghaidh.

 

Bliain

Líon iarratais

2019

1,163

2020

2,207

2021

2,775

Iomlán

6,145