Foilsithe ar 

Fógraítear maoiniú €626,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniu níos mo ná €626,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.

Tríd an tacaíocht seo, meallfaidh nócha a haon tionscadal, a chlúdaíonn ailtireacht, rince, scannánaíocht, litríocht, ceol, ceoldrámaíocht, drámaíocht agus na hamharcealaíona, lucht féachana réamh-mheasta os cionn 1.1 milliún i 27 dtír.

 

Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin:

 

“Is mór an pléisiúr dom an babhta seo de mhaoiniú Chultúr Éireann a fhógairt a chuireann ar chumas ealaíontóirí Éireannacha an lucht féachana domhanda atá tuillte acu a mhealladh. Ó cheol barócach sa Chróit go rac-cheol sa Ghearmáin agus ó cheoldráma comhaimseartha i Londain go haontaí ealaíon tábhachtacha i Seoul agus sa Nua-Eabhrac – téann réimse leathan na n-ealaíontóirí Éireannacha agus a gcuid saothar atá á dtacú thar raon foirmeacha ealaíne éagsúla i bhfeidhm go mór orm. Tá an cur i láthair idirnáisiúnta seo ina theist ar an dea-cháil atá ar chultúr na hÉireann, agus is gné fhíorphraiticiúil é d’athnuachan agus téarnamh earnáil chultúir na hÉireann.”

 

 

I measc na dtionscadal tá:

  • Tacaíocht do scannánóirí Éireannacha chun freastal ar léirithe dá gcuid oibre ag féilte scannán lena n-áirítear Féile Scannán Idirnáisiúnta Dhún Éideann (Lúnasa), Féile Scannán Telluride (Meán Fómhair), Féile Scannán na hÉireann Toronto (Deireadh Fómhair) agus Féile Scannán na hÉireann San Francisco (Meán Fómhair).
  • Scríbhneoirí Éireannacha – lena n-áirítear Doireann Ní Ghríofa, Paul Muldoon, Peter Sirr agus Nuala O’Connor – le feiceáil ag féilte litríochta ar fud na hEorpa lena n-áirítear Féile Litríochta Cheltenham (RA – Deireadh Fómhair), Féile Liteartha Llangwm (RA – Lúnasa), Féile RiflessiDiVersi (an Iodáil – Meán Fómhair) agus Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bheirlín (an Ghearmáin – Meán Fómhair).
  • Tacaíochtaí camchuairte i dtreo ealaíontóirí rac/pop na hÉireann atá ag teacht chun cinn lena n-áirítear Just Mustard, Sinead O’Brien, Sprints, NewDad, Ryan Mack, CMAT agus THUMPER.
  • Beidh Ceoldrámaíocht Náisiúnta na hÉireann ar stáitse arís ag an gCeoldráma Ríoga, Londain lena léiriú Least Like the Other – Searching for Rosemary Kennedy le Brian Irvine agus Netia Jones (RA – Eanáir 2023).
  • Tacaíocht do thaispeántais le healaíontóirí Éireannacha lena n-áirítear Jesse Jones in Talbot Rice Gallery (Albain, Samhradh 2023), Niamh McCann in Wilhelm Hack Galerie (An Ghearmáin - Deireadh Fómhair), Alan James Burns in Earth Vision (Londain - Deireadh Fómhair), agus Nick Miller in Art Space Gallery (Londain - Meán Fómhair/Deireadh Fómhair).
  • Tar éis léirithe rathúla níos luaithe i mbliana ag Féile Brighton, rachaidh The Patient Gloria le Gina Moxley (Amharclann Pan Pan) go Nua-Eabhrac le haghaidh léirithe in St. Ann’s Warehouse, Brooklyn (SAM – Samhain/Nollaig).
  • Tagann Camerata Kilkenny & Ensemble Dagda le chéile le Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus Ceolfhoireann Bharócach Óige na hÉireann (a fógraíodh roimhe seo) chun ainmniú na hÉireann mar thír chomhpháirtíochta a chomóradh ag Tráthnónanta Barócacha Varaždin in Varaždin, an Chróit (Meán Fómhair).
  • Tacaíocht do raon ealaíontóirí Éireannacha/traidisiúnta ar camchuairt ar fud na hEorpa agus SAM, lena n-áirítear Shane Hennessy sa Ghearmáin, Gerry O’Connor sa tSualainn, Aoife Scott sa Danmhairg, sa Bhreatain agus sna SA, The Jeremiahs sa Ghearmáin, John Blek ar fud na hEorpa agus MOXIE in Albain.
  • Maoiniú do phríomhfhéilte agus d’ionaid Éireannacha lena n-áirítear Ionad Cultúrtha na hÉireann, Hammersmith, The Trip to Bermingham Tradfest, Milwaukee IrishFest, agus Féile Celtic Junction.
  • Rannpháirtíocht gailearaithe Éireannacha agus taispeántas saothar le healaíontóirí Éireannacha ag aontaí ealaíne mór le rá i mBeirlín, Nua Eabhrac agus Seoul.

Áiríonn an babhta seo freisin tacaíocht do Walking with Ghosts (Landmark Productions), a cuireadh le Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann le déanaí (RA – Lúnasa) agus cuid de chlár fairsing gníomhaíochta Showcase de chuid Chultúr Éireann i bhFéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, Féile Fringe Dhún Éideann agus Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann. Tá sonraí iomlána chlár Chultúr Éireann i nDún Éideann ar fáil anseo: https://issuu.com/cultureireland/docs/ci_edinburgh_digital 

Tá liosta iomlán na bhfaighteoirí deontais ar fáil ar

 

CRÍOCH