Foilsithe ar 

Foilsíonn an tAire Catherine Martin T.D., thar cheann an Rialtais, Clár don bhliain deiridh deDheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

D’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., thar cheann an Rialtais, Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2023 inniu (an 23 Márta 2023) i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Is í seo an bhliain dheireanach den Chlár, ina gcuirfear raon tionscnaimh agus tionscadail tarraingteacha agus inrochtana i láthair chun comóradh a dhéanamh ar chuimhneacháin thábhachtacha. Bhí an tAire Martin i láthair sa Leabharlann Náisiúnta in éindí le Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairleach, an Dr. Maurice Manning agus an Dr. Martin Mansergh, don bhfoilsiú agus chun ról na bhForas Náisiúnta Cultúrtha sa Chlár Dheich mBliana óna tús sa bhliain 2013.

Cuirfear bailchrioch ar Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán (2012-2023) in 2023, agus déanfar comóradh i mí Mheán Fómhair ar chéad bliain ó ligeadh isteach Saorstát na hÉireann i gConradh na Náisiún. Déanfar comóradh ar ainghníomhartha an Chogaidh Chathartha freisin, chomh maith le deireadh na coinbhleachta.  Déanfar comóradh ar ócáidí tábhachtacha cultúrtha agus sochaíocha, lena n-áirítear bronnadh Dhuais Nobel sa Litríocht ar Yeats in 1923. 

 

Leanfaidh comhpháirtithe stáit, údaráis áitiúla, na Forais Náisiúnta Cultúir, institiúidí foghlama, caomhnóirí taifead, eagraíochtaí meán agus craolacháin, ealaíontóirí agus pobail chruthaitheacha lena ról ceannaireachta maidir le gnéithe cláir a fhorbairt agus a sheachadadh a thacaíonn le rannpháirtíocht mheasúil an phobail leis na cuimhneacháin seo agus le téamaí níos leithne. Beidh cruinneas stairiúil, ardchaighdeán acadúil agus fionnachtain chartlainne mar phríomhphrionsabail an chláir chomórtha don bhliain deiridh seo arís. 

 

Bunaíodh an Clár ar na treoirphrionsabail a leag an Sainghrúpa Comhaireach do na Cuimhneacháin Chéad Bliain, agus déanann tuairimí an Ghrúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí do na Cuimhneacháin eolas dó.

Ag labhairt faoin bhfoilsiú inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar T.D.:

 

“Le 10 mbliana anuas, mar phobal agus mar náisiún, rinneamar iarracht bogadh ón gcuimhne agus ón stair chonspóideach - go minic fós an-phearsanta agus an-íogair - go dtí machnamh aibí agus iniúchadh stairiúil ar na himeachtaí a mhúnlaigh ár dtír. Ní próiseas éasca nó gan chonspóid a bhí ann i gcónaí; ach rinneamar ár ndícheall tuiscint níos fearr a fháil, agus a admháil go bhféadfadh stair choiteann a bheith againn, ach nach bhfuil cuimhne nó tuiscint choiteann againn i gcónaí ar imeachtaí agus ar a dtionchair. 

 

Gabhaim buíochas leis an Sainghrúpa Comhairleach do Chuimhneacháin Chéad Bliain as an treoir a chuir siad ar fáil le linn na tréimhse seo, leis an nGrúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí do Chuimhneacháin Chéad Bliain as a n-ionchur, agus  leis na príomhpháirtithe leasmhara chomh maith, agus tá buíochas ar leith ag dul do na húdaráis áitiúla i gcomhar lena bpobail, a sheachaid clár machnamhach agus caolchúiseach go seasta chun aird an phobail a dhíriú ar an tréimhse chasta staire seo. Is ar chuimhneachán faoi stiúir an phobail atá cur chuige an Stáit i leith an chomórtha bunaithe.  Chonaiceamar sampla tábhachtach de seo le déanaí i gCiarraí le hiniúchadh macánta agus críochnúil ar thionchar agus ar oidhreacht an chogaidh chathartha i gCiarraí agus go náisiúnta.”

 

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin T.D.: “Tá áthas orm gur labhair mé ag roinnt de na príomhimeachtaí comórtha le dhá bhliain anuas agus chuir aibíocht na díospóireachta, fairsinge an Chláir, agus toilteanas mhuintir na hÉireann glacadh le scéalta ár staire i bhfeidhm go mór orm.

Gabhaim buíochas le gach duine a chuidigh go tuisceanach agus go sainiúil leis an tsraith imeachtaí seo chun comóradh a dhéanamh ar an tréimhse seo. Déanaimid machnamh ar chomóradh céad bliain dúshlánach i mbliana, ach tá tacaíocht ar fáil dúinn sa mhachnamh seo i saothar ár n-institiúidí foghlama, ár staraithe agus ár gcartlannaithe, institiúidí náisiúnta cultúir, údaráis áitiúla, ealaíontóirí agus pobail chruthaitheacha. Agus áirítear i mbliana ceiliúradh ar chéad bliain ó tháinig Éire isteach i gConradh na Náisiún, céim shuntasach agus dhearfach chun cinn an Stáit sa saol idirnáisiúnta. Le 10 mbliana anuas, is mór an tionchar a bhí ag rannpháirtíocht ar na cuimhneacháin – tionscnaimh chruthaitheacha atá barántúil go stairiúil, ina ndírítear ar shaoránaigh agus ar lucht féachana ilghnéitheach de gach aois agus traidisiún a mhealladh.” 

 

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.: “Gabhaim buíochas ó chroí leis na páirtithe leasmhara go léir a chuidigh go díograiseach agus go tuisceanach le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, go háirithe leo siúd a bheidh i gceannas ar thionscnaimh sa bhliain dheireanach seo. Le chéile, thugamar aghaidh ar chastacht ár gcuid staire agus ar na dúshláin a bhaineann leis an gcomóradh, agus leanfaimid ar aghaidh ag déanamh amhlaidh i mbliana agus muid ag dul tríd an gcéim dheireanach íogair seo, ina léireofar teacht chun cinn Stát neamhspleách na hÉireann le linn an Chogaidh Chathartha a d’fhág lorg domhain ar an tír.  Cé go mb’fhéidir go raibh éagsúlacht ag baint leis na dearcthaí, thugamar faoi dhíospóireacht agus plé measúil, le tacaíocht ó neart scoláireachta agus ábhair ó chartlanna náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear foinsí digiteacha nua. Ghlac ár n-ealaíontóirí páirt freisin, le lucht féachana nua agus seanbhunaithe, agus iad ag iniúchadh na n-imeachtaí agus na dtéamaí stairiúla faoi Shnáithe Shamhlaíocht Chruthaitheach an Chláir. Tugtar tacaíocht bhreise don ghné seo i gClár 2023 trí ART:2023, Clár Chumann Yeats ina ndéanfar comóradh ar bhronnadh Duais Nobel sa Litríocht ar WB Yeats in 1923 agus tacaíocht leanúnach do Ghradam Markievicz agus do scéim na nEalaíontóirí Cónaithe.”

 

Dúirt an Dr. Maurice Manning, Cathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairleach: “Rinneadh dul chun cinn suntasach sa staireagrafaíocht le deich mbliana anuas. Má thugaimid breithiúnas ar an tionscnamh ó thaobh taighde agus foilseachán  de, chonaiceamar glúin nua éirimiúil, nuálaíoch agus misniúil scoláirí ag teacht chun cinn, leathnú mór ar theorainneacha na n-ábhar a ndearnadh neamhaird orthu nó a seachnaíodh go dtí seo - ról na mban, an chaoi a gcaitear le mionlaigh, ceisteanna deacra sóisialta agus sochaíocha, na healaíona agus an cultúr, gan ach cúpla ceann a lua.  Saothar ceannródaíoch atá i gcuid mhaith den obair seo - agus leanfar leis i mbliana agus amach anseo.  Bhí áthas ar mo chomhghleacaithe sa Sainghrúpa Comhairleach, lena n-áirítear an Dr Éamon Phoenix nach maireann, tacaíocht agus treoir a sholáthar sa tionscnamh tábhachtach seo de chuid an Rialtais.”

 

Dúirt an Dr. Martin Mansergh - Leas-Chathaoirleach an tSainghrúpa Chomhairleach: “Ní raibh baint ag Deich mBliana na gCuimhneachán le stair oifigiúil an Stáit ná le ceartchreideamh nua a bhunú. Admhaítear go hoscailte go bhfuil go leor snáitheanna insinte éagsúla ann. Is éard a bhí i gceist leis an tionscnamh ná comhbhrón a dhéanamh a tháinig as tuiscint níos leithne, gan a cheangal ar aon duine a ndílseachtaí a thréigean. Ní dhearnadh aon iarracht caillteanais na réabhlóide a cheilt i measc na bhfíor-éachtaí atá le ceiliúradh.”

 

Dúirt an Dr. Audrey Whitty, Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: “Múnlaíodh Éire sa tréimhse idir 1912 agus 1923. Mar choimeádaí cuimhne na hÉireann, bhí ról fíorthábhachtach ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann maidir le tús a chur le plé faoin am atá thart agus faoin lá atá inniu ann. Déanann an tionchar cumhachtach atá ag ár mbailiúchán i gcónaí, agus úsáid ár mbailiúchán náisiúnta ar bhealach comhoibritheach cuimsitheach chun stair 100 bliain ó shin a fhiosrú, raon insintí agus guthanna nach gcloistear go minic a dhlisteanú. Tacaíonn an riachtanas seo agus léiríonn sé aidhmeanna straitéiseacha an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go n-aontaíonn an cultúr muidne, go gcuireann sé tearmann ar fáil dúinn, chomh maith le spás dúinn le machnamh a dhéanamh ar an todhchaí atá uainn dár dtír agus dá caidreamh leis an domhan."

Tá an clár iomlán ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla anseo.

CRÍOCH