Foilsithe ar 

Foilsítear Leabhar Nua faoi Dhialanna Mhichíl Uí Choileáin 1918-1922

Ó 1918 go 1922 scríobh Micheál Ó Coileáin dialanna oibre faoina shaol gnóthach réabhlóideach. Is éard atá iontu ná cnuasach nótaí a scríobhadh faoi dheifir, liostaí, ainmneacha agus coinní, tascanna le déanamh, agus tascanna nach bhfuil déanta. Tugtar cuntas iontu ar na laethanta fada oibre a bhí aige, agus d’éirigh leis freastal ar chruinnithe in am mar gheall orthu.

 

Sa leabhar seo, ‘Days in the Life, Reading the Michael Collins Diaries 1918-1922’, cuireann beathaisnéisithe Uí Choileáin, Anne Dolan agus William Murphy, nádúr an fhoinse nua seo faoin gCoileánach in iúl. Léiríonn siad conas a athraíonn na dialanna céard atá ar eolas againn faoi agus conas a smaoinímid faoina shaol.

 

Ba dhuine de na réabhlóidigh é Ó Coileáin nuair a thosaigh sé na dialanna; agus tagann deireadh leis na dialanna in 1922 agus an Coileánach ar an duine is cumhachtaí in Éirinn. Thosaigh Ó Coileáin na dialanna agus é ina fhear singil; tagann deireadh leo agus é ar tí pósadh. Cuireann na na húdair ábhair mhachnaimh faoi théamaí i láthair ar an méid a nochtann na dialanna faoina shaol athraithe.

 

Léiríonn siad ábhar agus uigeacht na ndialann agus laethanta fiúntacha agus randamacha an tsaoil. Sa leabhar seo úsáidtear na dialanna chun tréimhsí ríthábhachtacha i réabhlóid Uí Choileáin a mheas. Toisc gur dialanna iad freisin dá shaol laethúil, scrúdaítear eachtraí sonracha sa leabhar, na hiontrálacha aisteacha agus gnáth-iontrálacha, a ligeann dúinn an Coileánach a fheiceáil ó dhearcthaí níos éagsúla ná riamh. Ardaítear ceisteanna nua faoina shaol sna dialanna.

 

Ag labhairt faoin leabhar nua, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

 

“Tá lúcháir orm tacú le heisiúint an leabhair nua seo faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 chun céad bliain ó fuair Micheál Ó Coileáin bás i mí Lúnasa 1922 a chomóradh. Is leabhar speisialta é atá bunaithe ar dhialanna nach bhfaca an pobal riamh cheana.

 

Ba mhór an onóir dom a bheith i láthair ag áit bhreithe Mhichíl Uí Choileáin i nGort na Coille, Corcaigh i mí na Samhna seo caite nuair a thug teaghlach Liam agus Betty Collins, nia le Micheál Ó Coileáin, na dialanna don Chartlann Náisiúnta.

 

Tá an Chartlann Náisiúnta ag obair go dian ó shin i leith chun na cúig dhialann ar fad a chaomhnú agus a dhigitiú, rud a chinntigh go gcaomhnófar iad go fadtéarmach. 

 

I gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann agus ag obair le staraithe, scríobh Anne Dolan agus William Murphy an leabhar álainn seo ina n-insítear scéal shaol suaithinseach i dtréimhse neamhghnách don phobal.”

 

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir an Chartlann Náisiúnta faoin leabhar nua:

 

“Is iontach an rud é an deis a fháil dialanna Mhichíl Uí Choileáin a thaispeáint don phobal níos leithne agus comhrá a thosú faoi na rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo agus cur leis an gcomhiarracht leis an bhfoinse nua seo a léirmhíniú.

 

Sna dialanna, lena léargas ó lá go lá ar na cúig bliana suntasacha deiridh dá shaol, tugtar léargas nua an-láidir ar eispéireas na réabhlóide in Éirinn. 

 

Táimid ag súil freisin le scáileán tadhaill digiteach a chur i láthair sa Chartlann Náisiúnta ó mhí Mheán Fómhair a thabharfaidh rochtain ar na dialanna, bliain i ndiaidh bliana, mí i ndiaidh míosa, seachtain i ndiaidh seachtaine agus lá i ndiaidh lae.”

 

Dúirt Ruth Hegarty, Eagarthóir Bainistíochta Acadamh Ríoga na hÉireann:

 

“Tá lúcháir ar mhuintir an Acadaimh dul i gcomhar leis an gCartlann Náisiúnta chun an leabhar agus an ríomhleabhar seo a fhoilsiú a thugann léargas nua ar shaol Mhichíl Uí Choileáin. Feicfidh léitheoirí leathanaigh ó na dialanna agus is féidir leo féachaint ar thaifid an Chartlann Náisiúnta agus an iliomad foinsí eile faoi threoir na n-údar Anne Dolan agus William Murphy.”

 

Foilsíodh ‘Days in the Life, Reading the Michael Collins Diaries 1918-1922’ le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

 

CRÍOCH

 

An Phreasoifig agus an Oifig Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán gréasáin:  Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

NÓTAÍ EAGARTHÓRA

 

Tá ‘Days in the Life, Reading the Michael Collins Diaries 1918-1922’ ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre, ar phraghas €20. Tá sé ar fáil chomh maith ar www.ria.ie.

 

Beidh scáileán tadhaill digiteach ar a mbeidh na cúig dhialann ar fad le feiceáil sa Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8 i mí Mheán Fómhair.