Foilsithe ar 

Freastalaíonn an tAire Cosanta, Simon Coveney, ar Shearmanas Coimisiúnaithe de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh in Inis Sionnach

 

D’fhreastail an tAire Cosanta, Simon Coveney TD, ar Shearmanas Coimisiúnaithe na Seirbhíse Cabhlaigh na bliana seo ag bunáit an Chabhlaigh in Inis Sionnach, Contae Chorcaí áit ar ceapadh daltaí den 60ú rang le bheith ina nOifigigh ar na Buan-Óglaigh.

 

Ag labhairt leis na hOifigigh nua-choimisiúnaithe, ghabh an tAire Coveney buíochas leo as a gcuid dúchrais agus as a gcuid seirbhíse, agus iad ar tí páirt a ghlacadh i saol Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann.

 

“Ta fíor-éacht Rang 60 na nDaltaí á ceiliúradh againn inniu. Is ócáid iontach chinniúnach í seo i saol na n-oifigeach óga seo atá a gcuid dílseachta á ngeallúint acu don Stát agus do shaoránaigh na hÉireann.

 

Is féidir le muintir na hÉireann bród a bhaint as an obair iontach atá déanta ag an tSeirbhís Chabhlaigh agus guím gach rath ar an gceathrar os mo chomhair amach ina gcuid iarrachtaí amach anseo.”

 

Tharraing an tAire Coveney aird  ar an bhfiúntas a mbaineann le gairm bheatha in Óglaigh na hÉireann, gairm ina bhfuil na dúshláin aici ach ina bhfuil sásamh mór aici chomh maith.

 

“Mar Aire, ba mhaith liom a rá go n-aithníonn an Stát sibhse agus gur mór an meas atá aige oraibh féin agus ar bhur gchomráidí uile, a fhir agus a mhná de chuid  Oglaigh na hÉireann.”

 

CRÍÓCH

 

Le tabhairt faoi deara ag eagarthóirí

 

Liostáladh an 60ú Rang na nDaltaí i Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann i mí Mheán Fómhair na bliana 2020 agus chuir siad tús lena gcuid oiliúna i Scoil Traenála na nOifigeach. Sa chéad choicís, tugadh an 60ú Rang na Daltaí isteach sa tSeirbhís Chabhlaigh trí am a chaitheamh ar bord an LÉ George Bernard Shaw sular aistríodh iad go Scoil na nDaltaí sa Choláiste Míleata i gCampa an Churraigh, Contae Chill Dara. Cuireadh oiliúint ar na Daltaí ansin mar shaighdiúirí coisithe, ag díriú ar an druileáil, ar an marcaíocht, ar an smacht míleata, ar an aclaíocht agus ar loingseoireacht na talún. I mí Nollaig na bliana 2020, tháinig an 60ú Rang na nDaltaí ar ais go dtí Inis Sionnach chun tús a chur le Céim 2 dá gcuid Oiliúna.

 

Cuireadh tús le Céim 2 na hoiliúna i mí Eanáir na bliana 2021. Sa chéim ‘Muireachtáileachta’ seo, rinne na Daltaí staidéar ar loingseoireacht agus d'fhreastail siad raon cúrsaí ar nós Innealtóireacht, Cumarsáid, Iascach, Gunnadóireacht agus Staidéir Straitéiseacha.

 

Chuaigh an 60ú Rang na nDalta isteach leis an LÉ Samuel Beckett chun tús a chur le céim 3 dá gcuid oiliúna.

 

Tháinig Céim 4 ina dhiaidh sin, agus rinne an 60ú Rang na nDaltaí staidéar i gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann (CNMÉ) i Rinn an Scidígh.

 

Gach lá sa choláiste, rinne na Daltaí freisin a gcuid scileanna píolótaíochta a chleachtadh sna insamhlóirí, agus é mar sprioc acu go mbeadh an dóthain inniúlachta acu le haghaidh loingseoireacht a dhéanamh acu ar long don chéad uair. Tar éis 22 mí oiliúna á freastal acu, tá Daltaí an 60ú Rang réidh chun an chéad chéim eile ina gcuid ghairmeacha a ghlacadh.