Foilsithe ar 

Iarraidh ar Thairiscint fógartha ag an Aire Stáit Chambers i leith ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge

Tá céim eile chun cinn tógtha anois ó thaobh fheidhmiú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 le próiseas soláthair phoiblí iomaíoch fógartha ar 31 Lúnasa 2022 ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers, T.D., maidir le hullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge.

Is é príomhaidhm an Phlean Náisiúnta seo soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú trí chéile. Tá ullmhú an Phlean ag teacht chomh maith le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach, is é sin gur daoine inniúil i nGaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.

Is é an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge atá freagrach as an bPlean a chur i dtoll a chéile roimh an 19 Meitheamh 2024. Bunaíodh an Coiste Comhairleach faoin Acht i mí an Mheithimh i mbliana agus, i gcomhréir lena chuid feidhmeanna reachtúla, thóg siad an cinneadh ag a chéad chruinniú an mhí seo caite taighde a choimisiúnú i leith ullmhú an Phlean.

Tá cistiú de €325,500 (gan CBL san áireamh) ar fáil don tionscadal agus is conradh bliana a bheidh i gceist chun a chinntiú go gcloínn an Coiste leis an spriocdháta uaillmhianach atá leagtha síos faoin Acht d’ullmhú an Phlean ina iomláine.

I measc tosaíochtaí an taighde, beidh:

  • Na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge mar atá faoi láthair a aithint agus moltaí a thabhairt faona bhféadfaí dul i ngleic leo seo;
  • Na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) a aithint agus moltaí a thabhairt faoina bhféadfaí a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe i LPT agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge;
  • Staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge san earnáil phoiblí a aithint; agus
  • Moltaí a dhéanamh maidir le hearcú dhaoine le Gaeilge.

Ag labhairt faoin tionscadal inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Táim ana-shásta an Iarraidh ar Thairiscint seo a fhógairt inniu ar ábhar an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge. Beidh torthaí an taighde a bheidh á choimisiúnú mar thoradh ar an bpróiseas seo lárnach d’obair an Choiste Chomhairligh agus iad ag forbairt an Phlean Náisiúnta. Go deimhin, is mór an cuidiú a bheidh ann dúinn uile chomh maith agus muid ag obair i dtreo bealaí straitéiseacha a aithint chun feabhas a chur ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge trí chéile, ach go háirithe i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Tréaslaím le díograis an Choiste agus iad ag tabhairt faoina chuid oibre go dtí seo agus guím gach rath ar an bpróiseas tairisceana.”

Foilsíodh an Iarraidh ar Thairiscint ar an ardán ríomhthairiscintí etenders.gov.ie (RFT 221396) agus ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJ/S) – (2022/S 170-482283).Is é 1i.n. ar an 30 Meán Fómhair 2022 an spriocdháta atá ann le tairiscintí a chur isteach.

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427         Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

 

Nótaí don eagarthóir:

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2021/act/49/enacted/ga/html

 

Mír Ábharthach den Acht anseo

 

PR maidir le Bunú an Choiste anseo

 

PR maidir le Céad Chruinniú an Choiste anseo