Foilsithe ar 

Leanann Cultúr Éireann le healaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain le pacáiste maoinithe €745,000

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú níos mó ná €745,000 inniu chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.

Rachaidh an maoiniú chun tairbhe do 101 tionscadal in 22 tír, lena n-áirítear damhsa, scannán, litríocht, ceol, drámaíocht, na hamharcealaíona, ailtireacht agus sorcas.

Ag fógairt na ngradam, dúirt an tAire Martin:

“Tá lúcháir orm an babhta maonithe seo de chuid Chultúr Éireann a fhógairt a chuirfidh ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain, rud a chruthóidh deiseanna nua d’ealaíontóirí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair ar fud an domhain. Léiríonn an rathúlacht le déanaí ag Duaiseanna an Acadaimh an cháil atá ar ealaíontóirí na hÉireann as barr feabhais. Tá a fhios agam go dtacófar leis an rath sin leis an mbabhta maoinithe seo agus go gcruthófar naisc leis idir ár n-ealaíontóirí le lucht féachana idirnáisiúnta.”

I measc na dtionscadal tá:

  • Prime Cut Productions ag léiriú Removed le Fionnuala Kennedy mar chuid de Dream Big Children’s Festival in Space Theatre, Adelaide, san Astráil (Bealtaine 2023);
  • Hands Down Circus ag léiriú Tape That ar chamchuairt go dtí an Chóiré, an tSualainn agus an Bhreatain Mhór (Bealtaine - Iúil 2023).
  • Léiriú MÁM le Teaċ Daṁsa in Teatro Malibran, sa Veinéis, san Iodáil mar chuid de Biennale Damhsa na Veinéise, 2023;
  • Tacaíocht do scannánóirí Éireannacha do chlár camchuairte Earrach/Samhradh 2023, Irish Film London, (Aibreán – Iúil 2023);
  • Léiriú saothar le Ian Wieczorek & Noel Arrigan in Aonach Ealaíne an Ollmhargaidh, Stócólm (Bealtaine 2023);
  • Green on Red Galley ag léiriú saothar le Fergus Martin, Nigel Rolfe, agus Kirstin Arndt in Art Dusseldorf, sa Ghearmáin, 30 Aibreán - 2 Bealtaine 2023.
  • A Louth Lilt ag seinnt ag Speyfest, Albain (Iúil 2023);
  • Taispeántas d’ealaíontóirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn agus iad ag glacadh páirte in Cambridge Folk Festival, (Iúil 2023);
  • Goitse ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall SAM agus Cheanada, (Lúnasa 2023);
  • Scustin ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall na Breataine, na Gearmáine agus na hÍsiltíre, (Aibreán-Bealtaine 2023).
  • David Toms agus Roisin Kiberd ag glacadh páirte i léamha agus comhrá ag Curious Fox Books, Beirlín, sa Ghearmáin, (Bealtaine 2023).  
  • Léiriú A Change in the Air le Jane Clarke in West Greenwich Library, Londain, sa Bhreatain, (Meitheamh 2023)
  • Léiriú Fréamhshamhail Struchtúir le Miriam Dunn ag Time Space Existence 2023, sa Veinéis, san Iodáil (Bealtaine go Samhain 2023);

 

Léigh liosta iomlán d’fhaighteoirí an bhabhta deontais seo anseo

 

CRÍOCH