Foilsithe ar 

Oibríonn Cartlanna ar fud na cruinne le chéile chun beocht a chur in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann a cailleadh

Seolfaidh an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann inniu (an 27 Meitheamh). 

 

Den chéad uair le 100 bliain anuas, beidh an pobal in ann dul siar san am chun athchruthú fíorúil d’Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann agus a cuid bailiúcháin a iniúchadh, mar a bhí siad an oíche sular scriosadh iad sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ag tús an Chogaidh Chathartha. 

 

Nuair a scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann sa tine in 1922, cailleadh na céadta míle doiciméad luachmhar staire a bhain le gach gné de shaol na hÉireann — go deo, de réir dealraimh. Is taisce ollmhór é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann de dhoiciméid ionaid a aimsíodh le déanaí i gcartlanna comhpháirtíochta ar fud an domhain. Ar fáil saor in aisce agus go buan ar líne, beidh gach duine a bhfuil spéis aige/aici i scéal na hÉireann in ann seacht gcéad bliain de stair na hÉireann a iniúchadh trí na mílte doiciméad inchuardaithe. (https://virtualtreasury.ie/)

 

Is toradh é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann ar chlár taighde cúig bliana dar teideal ‘Thar 2022 Amach’, atá maoinithe ag an Stát. Faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá Thar 2022 Amach tar éis imscrúdú stairiúil, caomhnú cartlainne, agus nuálaíocht theicniúil a thabhairt le chéile chun an chartlann a cailleadh ar an 30 Meitheamh 1922 a athshamhlú agus a athchruthú, trí theicneolaíochtaí digiteacha. 

 

D'fhorbair staraithe i gColáiste na Tríonóide agus eolaithe ríomhaireachta in Ionad ADAPT SFI an clár taighde ceannródaíoch, i gcomhpháirtíocht le cúig phríomhpháirtí: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, An Chartlann Náisiúnta (RA), Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Oidhreacht fhiúntach is ea Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann do chlár an Stáit do Dheich mBliana na gCuimhneachán (2012-2023). Tá sé seo á chómhaoiniú ag Tionscadal Éire 2040 agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Sracfhéachaint ar Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann:

  • Den chéad uair le 100 bliain, ‘tar isteach’ in Oifig na dTaifead Poiblí, foirgneamh Victeoiriach sé stór, mar a bhí sé an oíche sular scriosadh é in 1922, trí thaithí thumtha 3D.

 

  • Cuardaigh na bailiúcháin sa Mhaoinchiste, lena n-áirítear téacsanna ina bhfuil 50 milliún focal, 150,000 taifead agus níos mó ná 6,000 léarscáil a chuimsíonn stair na hÉireann ó 1174 suas go dtí 1922.

 

  • An mbeadh spéis agat sa chéad daonáireamh in Éirinn a reáchtáladh in 1766? … Nó conas mar a rinneadh mapáil agus suirbhéireacht níos déine ar Éirinn ná aon áit ar domhan le linn ré Chromail? … Nó conas a rialaigh coróin Shasana Éire sa Mheánaois? ...Tá eolas iontach sna trí chnuasach ‘Gold Seam’, ina bhfuarthas ar ais suas le 80% den ábhar a cailleadh, faoin saol in Éirinn na céadta bliain ó shin.

 

  • Foghlaim faoi stair na hÉireann leis an nGraf Eolais do Stair na hÉireann – uirlis chumhachtach nua taighde inar féidir naisc nua a aimsiú idir daoine agus áiteanna…tá 2.7 milliún eintiteas sonraí nasctha ar fáil le cuardach

 

Ag labhairt roimh an seoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin: 

 

“Is oidhreacht bhuan agus fhiúntach é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is le muintir na hÉireann é, ag déanamh rochtain ar ár n-oidhreacht shaibhir chartlainne daonlathach agus ag déanamh ár stair chomhroinnte inrochtana do chách. Is acmhainn luachmhar stairiúil í do dhaoine de gach traidisiún ar fud an oileáin agus do gach duine ar fud an domhain a bhfuil sinsearacht Éireannach acu. Is éacht mhór í agus is teist í ar thiomantas agus ar dhúthracht fhoireann thionscadal Thar 2022 Amach.”

 

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar: 

 

“Is tionscadal fíorspreagúil é seo a osclaíonn doirse nua do stair na hÉireann. Tugann sé saibhreas eolais ó áiteanna ar fud an domhain le chéile chun an méid a tharla in Éirinn a léiriú, agus cuidíonn sé leis na bearnaí a líonadh a d’eascair as an tine cháiliúil sin in 1922 in Oifig na dTaifead Poiblí. Tréaslaím leis an bhfoireann as beocht a chur sa tionscadal iontach seo.”

 

Dúirt an tAire Catherine Martin:

 

“Tá an teicneolaíocht nuálach atá taobh thiar de thionscadal Thar 2022 Amach iontach spreagúil agus is léiriú í ar cheannaireacht agus tallann na hÉireann i dtaighde agus nuálaíocht cheannródaíoch. Chuir Deich mBliana na gCuimhneachán acmhainní iontacha ar fáil dúinn, cosúil le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, chun cabhrú linn dul siar san am agus foghlaim faoinár  stair, bunaithe ar an bhfianaise fhíorasach ar na himeachtaí a tharla. Nochtar gnéithe nár scrúdaíodh riamh dúinn, gnéithe a bhí dothuigthe nó dorochtana dúinn roimhe seo, ag ligean dúinn léargas agus dearcthaí nua a fháil. Is oidhreacht spreagúil agus marthanach í do Dheich mBliana na gCuimhneachán, a bhfuil an-áthas ar mo Roinn tacú leis faoi Thionscadal Éire 2040. Tá comhpháirtíocht agus flaithiúlacht na gcomhpháirtithe cartlainne agus an comhoibriú uile-oileáin agus idirnáisiúnta a eascraíonn as sin thar barr agus táimid iontach buíoch as.”

 

 

Dúirt Stiúrthóir Chlár ‘Thar 2022 Amach’ an Dr Peter Crooks, Ollamh Comhlach le Stair na Meánaoise, Coláiste na Tríonóide:

 

“Bhí an Taisce Taifead in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann ar cheann de chartlanna móra na hEorpa. Chuir cailleadh cultúrtha tubaisteach na cartlainne in 1922 isteach ar ár dtuiscint ar stair na hÉireann. A bhuí le coimeád taifead mionchúiseach na nglúnta cartlannaithe, staraithe, cóipeálaithe, ginealeolaithe agus cléireach, caomhnaíodh na mílte cóipeanna agus tras-scríbhinní de thaifid na hÉireann a scaipeadh ar fud an domhain. Diaidh ar ndiaidh, tá beocht á chur ag staraithe, cartlannaithe agus eolaithe ríomhaireachta arís i dtaisce náisiúnta na hÉireann a scriosadh.”

 

“Tógann Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann neart ó chomhpháirtíochtaí a nascann na comhpháirtithe anois le breis is 70 institiúid ar fud an domhain, lena n-áirítear Leabharlann na Comhdhála, SAM; Leabharlann Huntington California; Cartlann Pharlaiminteach Thithe na Parlaiminte sa RA agus Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Níos gaire don bhaile, ghlac cartlanna contae, leabharlanna ollscoile agus bailiúcháin phríobháideacha ar fud na hÉireann páirt san obair. De réir mar a thagann níos mó comhpháirtithe isteach agus de réir mar a chuirtear taifid stairiúla leis, leanfaidh an Maoinchiste ag fás.”

 

Dúirt Propast Choláiste na Tríonoide, Dr Linda Doyle:

 

“Rinneadh taighde stairiúil a chomhcheangal le nuálaíocht teicneolaíochta chun an Maoinchiste seo a chruthú. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann in Ionad ADAPT i gColáiste na Tríonóide a d’oibrigh go cruthaitheach le staraithe agus cartlannaithe chun an taisce fíorúil seo a dhéanamh inrochtana don phobal. Is iontach an rud é go bhfuil an tsochaí in ann úsáid a bhaint as an teicneolaíocht ar an mbealach seo agus, tar éis dom an tionscadal seo a fheiceáil ag teacht chun cinn le ceithre bliana anuas, cuireann sé an-bhród orm an méid a léirítear inniu a fheiceáil.”

 

Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Ghrúpa Sainchomhairleach na gCuimhneacháin Chéad Bliain:

 

“Siar sa bhliain 2018, bhí lúcháir ar an nGrúpa Sainchomhairleach tacú leis an gcoincheap taighde tosaigh atá mar bhonn agus thaca ag an Maoinchiste. Is fíor a rá gur sháraigh an méid a baineadh amach ó shin i leith an méid a rabhamar ag súil leis.  Cruthaíonn Thar 2022 Amach deis iontach d’idir óg agus aosta chun an stair a iniúchadh agus foghlaim fúithi ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana, bunaithe ar anailís fhíorasach agus ar fhionnachtain chartlainne. Is oidhreacht iontach agus bhuan é do Dheich mBliana na gCuimhneachán.”

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin:  An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: DepartmentofTourismCultureArtsGaeltachtSportandMedia

 

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

 

Imeachtaí rannpháirtíocht phoiblí atá le teacht: 

 

Building the Virtual Record Treasury of Ireland: Scope, Scale and Transformations | Dé Máirt, an 28 Meitheamh 2022, 12.00–14.00…

 

Pléifidh Taighdeoirí Staire (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus Ríomheolaíochta (Ionad ADAPT) na dúshláin agus na fionnachtana a tháinig chun cinn ina gcuid oibre ar Thar 2022 Amach. 

 

Reverberations: Memory, Art and Archives | Déardaoin, an 30 Meitheamh 2022, 16.00–17.30…

 

Ar chomóradh céad bliain scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, scrúdófar sa phlé painéil seo freagraí cruthaitheacha ar chaillteanas cultúrtha agus ar chomóradh atá ina ábhar achrainn. San imeacht seo beidh an chéad léiriú ar shaothar ealaíne nua le Mairéad McClean, Ealaíontóir Cónaithe Dheich mBliana na gCuimhneachán le Thar 2022 Amach, agus plé painéil ina dhiaidh. 

 

Cúlra Bhailiúcháin Gold Seam i dMaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann:

 

Is athchruthuithe lánscála de shraith iomlán cartlann a scriosadh in 1922 iad bailiúcháin ‘Gold Seam’ sa Taisce Thaifid Fhíorúla. Trí íomhánna digitithe de lámhscríbhinní ionaid a thabhairt le chéile le tras-scríbhinní agus aistriúcháin, cuireann ‘Gold Seams’ tuiscint shaibhrithe ar fáil ar an saol ag an am.

 

Cuireann Medieval Exchequer Gold Seam rochtain ar fáil ar cheann de na foinsí is suntasaí nach mbaintear go leor úsáide as do stair na hÉireann sa mheánaois dhéanach agus a naisc leis an mBreatain agus an domhan mór — taifid státchiste meánaoiseach na hÉireann. Ag dul siar go dtí an tríú haois déag agus ag leanúint ar aghaidh ar feadh beagnach 200 bliain, tá na taifid seo lán le heolas faoi shochaí, eacnamaíocht agus pholaitíocht na hÉireann sna céadta bliain tar éis Éire a chur faoi smacht. Léiríonn na taifid conas a maoiníodh an rialtas ríoga agus an chaoi ar riar Coróin Shasana Éire ar son na Corónach.

 

Soláthraíonn Cromwellian Surveys Gold Seam rochtain nach bhfuair aon duine a dhéanann taighde ar úinéireacht talún in Éirinn le linn na tréimhse Nua-Aoise Luath riamh. Tá na léarscáileanna agus na leabhair a chuirtear i láthair anseo an-saibhir ó thaobh mionsonraí agus tugann siad léargas ar shaol an uaisleacht Chaitliceach in Éirinn agus ar an gcinsealacht Phrotastúnach a tháinig ina háit go príomha.

 

Tá daonáireamh reiligiúnach na hÉireann 1766 ar cheann de na foinsí is saibhre atá ar fáil don taighdeoir staire agus ginealais don tréimhse sular cuireadh tús leis an tsraith reachtúil daonáirimh sa bhliain 1813. Is féidir níos mó ná 50% de dhaonáireamh 1766 a thógáil go hiomlán nó go páirteach. Trascríobhadh breis agus 50,000 ainm daoine aonair thar gach creideamh reiligiúnach ó na foinsí seo. Tháinig 59 mír bhunaidh ón daonáireamh slán ó thine na gCeithre Chúirteanna, a chlúdaigh paróistí in Ard Mhacha, Corcaigh, Doire, Luimneach, an Lú, Tiobraid Árann, Tír Eoghain agus Port Láirge toisc gur coinníodh iad sa Strong Room um Cháisc 1922. Chaomhnaigh agus dhigitigh an Chartlann Náisiúnta (Éire) na tuairisceáin seo a sábháladh le tacaíocht ó Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann.

 

Tuilleadh Eolais faoi Thar 2022 Amach

 

Bunaíodh clár taighde ‘Thar 2022 amach’ i gColáiste na Tríonóide in 2016. In 2017 agus 2018, tháinig an Chartlann Náisiúnta (institiúid chomharba ar Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann), an Chartlann Náisiúnta (RA) agus Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, le chéile chun comhpháirtíocht taighde a chruthú le Coláiste na Tríonóide agus le hIonad ADAPT. Ba é seo an chéad chomhpháirtíocht fhoirmiúil de na trí institiúid chartlainne seo atá ‘nasctha go géiniteach’. Go luath tháinig Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath isteach mar Chomhpháirtithe leo. In 2018 d’aithin Grúpa Sainchomhairleach na gCuimhneacháin Chéad Bliain Thar 2022 Amach mar thionscnamh suntasach uile-oileáin agus idirnáisiúnta, a d’fhéadfadh oidhreacht bhuan agus fhiúntach a sholáthar do Dheich mBliana na gCuimhneachán. In 2019, d’fhógair an Taoiseach tacaíocht faoi Thionscadal Éire 2040 tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, rud a chuir ar chumas Thar 2022 Amach teacht in aibíocht i gcreat comhoibríoch uathúil laistigh de shaol cultúrtha agus acadúil na hÉireann. 

 

Teagmhálacha:

 

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin maidir le Thar 2022 Amach, déan teagmháil le Fiona Tyrrell, Oifigeach um Chaidrimh na Meán, Gnóthaí Poiblí agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (Teil: 086-1037283; ríomhphost: TYRRELLF@tcd.ie

 

Is féidir féachaint ar Chlár na Roinne do Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022 ag an nasc seo a leanas:

 

https://www.decadeofcentenaries.com/wp-content/uploads/2022/02/2022-Decade-of-Centenaries-Programme-English.pdf.

 

Má tá ceisteanna agat maidir le Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán, déan teagmháil le do thoil leis an Oifig Preasa agus Eolais sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.(Teil:087-6737338/087-7374427; ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie)