Foilsithe ar 

Ár dTodhchaí Tuaithe: €357,000 ceadaithe ag an Aire Humphreys chun héileapad nua a thógáil ar Inis Toirc, Co Mhaigh Eo

Tá fógartha inniu ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, go bhfuil deontas os cionn €357,000 ceadaithe aici chun héileapad nua a thógáil ar Inis Toirc, amach ó chósta Mhaigh Eo.

 

Cuirfidh an infheistíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail acmhainn ríthábhachtach ar fáil don Gharda Cósta le rochtain a fháil ar an oileán i gcás éigeandála.

Tá Inis Toirc lonnaithe i gCuan Mó, Co. Mhaigh Eo agus tá tarraingt mhór air mar áit saoire.

 

Is ionann an maoiniú atá ceadaithe inniu agus suas le 90% den chostas caipitil an tionscadail agus cuirfidh Comhairle Chontae Mhaigh Eo an fuílleach ar fáil.

 

Tagann an fógra seo sna sála ar infheistíochtaí móra eile dár n-oileáin atá ceadaithe ag an Aire Humphreys le deireanaí.

 

D’fhógar an tAire conradh seirbhíse aeir €4.9 milliún d’Oileáin Árann an mhí seo caite agus os cionn €2 mhilliúin chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre ar oileáin Dhún na nGall.

 

Ag fógairt an mhaoinithe don héileapad ar Inis Toirc, dúirt an tAire Humphreys:

 

“Tá mé sásta go bhfuil ar chumas mo Roinne cuidiú leis an bhforbairt riachtanach seo ar Inis Toirc atá ar na bacáin le fada an lá.

“Beidh an héileapad ina acmhainn ríthábhachtach do Gharda Cósta na hÉireann mar áit shábháilte le tuirlingt ar an oileán féin.

“Tá sé mar thosaíocht agam mar Aire go gcuirfí le hinbhuanaitheacht ar na hoileáin. Tá ríméad orm infheistíocht shuntasach a dhéanamh ar na hoileáin mar chuid de chur i bhfeidhm ár straitéise forbartha tuaithe, ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’.

“Níl aon amhras orm ach gur dea-scéala é do phobal Inis Toirc go bhfuil an maoiniú seo ceadaithe agus ba mhaith liom moladh a thabhairt chomh maith don obair a dhéanann Garda Cósta na hÉireann.”

 

CRÍOCH