Foilsithe ar 

Seolann an tAire Heather Humphreys Comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, 2023, atá ag athrú pobal le 65 bliain anuas

Sheol an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, i gcomhar le Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, Ian Allen, comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, 2023 inniu (an 23 Márta 2023).

 

Ó 1958 i leith, tá an comórtas, atá á riar ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á urrú ag SuperValu, ina thionscnamh ríthábhachtach chun pobail a thabhairt le chéile agus aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin chomhshaoil atá le tabhairt againn mar shochaí sa lá atá inniu ann.

 

Comóradh 65 bliain den chomórtas atá á cheiliúradh i mbliana agus táthar ag súil le go dtarraingeofar ceann de na líonta iontrálacha is mó riamh go dtí seo.

 

Bhí an seoladh oifigiúil ar siúl i mBaile Átha Troim, Contae na Mí – buaiteoirí Chomórtas Bhailte Slachtmhara Supervalu, 2022.

 

Ag labhairt i mBaile Átha Troim, dúirt an tAire Humphreys:

 

“Cuireann sé gliondar ar mo chroí a bheith anseo ar chiumhais na Bóinne i mBaile Átha Troim, an Baile is Slachtmhaire in Éirinn don bhliain 2022, agus muid ag seoladh comórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu, 2023. I mbliana, táimid ag déanamh ceiliúradh ar 65 bliain den chomórtas iontach seo, atá anois mar chuid lárnach den tsochaí in Éirinn.

 

“Leis an seanfhocal sin ‘ní neart go cur le chéile’, is é sin le rá gur ionann an aontacht agus an neart atá againn, tugtar le fios céard atá i gceist le Bailte Slachtmhara SuperValu, amach is amach.

 

“Beidh an bhéim leagtha arís i mbliana ar phobail agus oibrithe deonacha na mBailte Slachtmhara de gach aois a thabhairt le chéile agus muid ag cur fíor-athruithe suntasacha i bhfeidhm agus ag déanamh ár mbailte agus sráidbhailte ina n-áiteanna níos fearr mar áit chónaithe mar áit oibre agus mar cheann sprice cuairte chomh maith le háit chun clann a thógáil.”

 

Lean an tAire Humphreys ar aghaidh, agus dúirt:

 

“Is bealach iontach chun páirt a ghlacadh i saol an phobail áitiúil dul isteach i ngrúpa na mBailte Slachtmhara i do cheantar áitiúil.

 

“Tacaíonn mo Roinn féin le pobail bhríomhara, uilechuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann tríd an mbeartas náisiúnta forbartha tuaithe ‘Ár dTodhchaí Tuaithe’.

 

“Mholfainn do gach duine teagmháil a dhéanamh leis an ngrúpa ina gceantar féin agus obair dheonach a dhéanamh leis, ní chreidfeá na buntáistí a bheadh aige duit féin agus don phobal i gcoitinne.

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtí agus lenár n-urraitheoir, SuperValu, freisin as a dtacaíocht leanúnach agus a ndíograis sa líonra náisiúnta de ghrúpaí miondíoltóirí tacaíochta atá acu.

 

“Is é seo an 32ú bliain do SuperValu urraíocht a dhéanamh ar Chomórtas na mBailte Slachtmhara agus tá siad ag cur go mór leis an bhfeasacht ar an gcomórtas go háirithe i réimsí na bithéagsúlachta agus na maireachtála inbhuanaithe.”

 

Dúirt Ian Allen, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, agus é ag labhairt ag an seoladh freisin:

 

“Is mór an t-údar bróid dom Bailte Slachtmhara SuperValu a sheoladh in éineacht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Is é an rud atá speisialta faoi Bhailte Slachtmhara SuperValu ná go léirítear ann cumhacht an phobail agus an chaoi ar féidir le gníomhartha beaga comhchoiteanna difríocht mhór a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh ár bpobail ina n-áiteanna níos inbhuanaithe chun cónaí, chun obair agus chun spraoi do na glúnta atá le teacht.”

 

Gach bliain, tugann 29,648 oibrí deonacha in 924 coiste éagsúla os cionn trí mhilliún uair an chloig dá gcuid ama do Bhailte Slachtmhara SuperValu – sin iarracht dochreidte, as cuimse. Ba mhór againn an borradh atá tagtha ar an mbéim atá leagtha ar thionscadail bhithéagsúlachta agus inbhuanaitheachta le blianta beaga anuas, chomh maith leis an bhfuinneamh cumaisc atá ag an aos óg agus na scileanna ríluachmhara atá ag na baill a bhfuil taithí acu ar na céadta coistí Bailte Slachtmhara ar fud na tíre.

 

“Tá lúcháir orainn gur roghnaíodh SuperValu chun leanúint lenár n-urraíocht ar chomórtas na mBailte Slachtmhara ar feadh na gcúig bliana amach romhainn agus táimid thar a bheith buíoch den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail as an deis spreagúil seo. Táimid ar bís faoi go mbeimid ag obair i gcomhar le comhghleacaithe, cairde agus comharsana i ngach cearn den tír chun ár bpobail a fheabhsú. Molaimid go láidir do dhaoine dul i dteagmháil lena gcoiste áitiúil de Bhailte Slachtmhara SuperValu chun páirt a ghlacadh sna comhiarrachtaí atá á ndéanamh chun pobail níos inbhuanaithe do chách a thógáil.” 

 

Tá líon na n-iontrálacha ag méadú go buan agus tá go leor grúpaí nua ann atá ag cur isteach ar an gcomórtas den chéad uair nó atá ag filleadh lán díograis agus tiomantais nua chun a gceantar áitiúil a fheabhsú. Leantar leis go bhfuil gné bhreise curtha leis an gcomártas leis na Gradaim Speisialta agus tá raon suntasach de ghradaim speisialta againn arís i mbliana, agus roinnt duaiseanna iontacha ann.

 

Is é Dé Céadaoin, an 10 Bealtaine 2023 an dáta deiridh chun iontrálacha a fháil don chomórtas seo i mbliana. Tá foirmeacha iontrála le haghaidh chomórtas Bhailte Slachtmhara SuperValu ar fáil ag www.tidytowns.ie agus cuirfear ar ríomhphost iad chuig gach grúpa cláraithe. Ní ghlacfar le hiontráil ar an gcomórtas ach trí ríomhphost a chuirtear chuig an seoladh tidytowns@drcd.gov.ie

 

Tá sonraí iomlána an chomórtais ar fáil ar www.tidytowns.iewww.supervalu.ie