Foilsithe ar 

Tá na mílte scoláire Éireannach le bheith ar stáitse chun Laoi don Áthas” le Beethoven a léiriú chun ceiliúradh a dhéanamh ar Éirinn a bheith mar bhall den Aontas Eorpach le 50 bliain anuas

Tá os cionn 470 scoil agus grúpa ar fud na hÉireann ag ullmhú chun Our Anthem/Ár nAmhrán a léiriú - Laoi don Áthas le Beethoven - ar Lá na hEorpa, ar an 8‑9 Bealtaine.

Tá an tionscnamh mar chuid de EU50, clár imeachtaí an Rialtais ó mhí Eanáir 2022 go dtí Bealtaine 2023 ina ndéantar ceiliúradh ar Éirinn a bheith ina ball den Aontas Eorpach le 50 bliain anuas. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus le Ceol‑Acadamh Ríoga na hÉireann a thug cuireadh do scoileanna ag gach leibhéal chun ár nAmhrán AE a fhoghlaim, a chleachtadh agus a sheinm chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcomhluachanna Eorpacha agus ar ár saoránacht Eorpach.

Glacfaidh na mílte scoláire páirt sna léirithe beo i scoileanna chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na hEorpa, ach úsáid a bhaint as socruithe uirlise agus as amhránaíocht i nGaeilge, i mBéarla, i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann agus in Úcráinis, agus i nGearmáinis mar a bhí ann sa bhunleagan. 

Mar an t‑imeacht deiridh den chlár EU50, cuirfidh Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta léiriú ceiliúrtha ar siúl de Naoú Siansa Beethoven, lena n‑áirítear Laoi don Áthas, sa Cheoláras Náisiúnta, sa tráthnóna an 9 Bealtaine, Lá na hEorpa. I measc an Chóir speisialta EU50 a chuir an stiúrthóir David Brophy le chéile beidh amhránaithe óga agus náisiúnaigh AE atá ina gcónaí in Éirinn, a chuirfidh le léirithe na scoileanna le linn an dá lá.

Bhí an méid seo le rá inniu ag an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta, Micheál Martin TD:

“Tugann paisean agus samhlaíocht na múinteoirí, na scoláirí agus na bpobal ar fud na hÉireann spreagadh dom chun glacadh le léiriú roinnte ár bhféiniúlachta Eorpaí, agus muid ag déanamh machnamh ar thionchar dearfach na 50 bliain den AE a bheith mar chuid den saol atá againn mar shaoránaigh Éireannacha agus Eorpacha.”

 

Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley TD:

 “Tá an‑áthas orm go nglacfaidh an oiread sin scoláirí agus scoileanna in Éirinn páirt sa cheiliúradh speisialta ar Lá na hEorpa, lá a bheidh ina chabhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar Éirinn a bheith mar bhall den Aontas Eorpach le 50 bliain anuas. Is deis iontach í seo chun cruthaitheacht agus tallann, ceol, teanga agus éagsúlacht a chur ar taispeáint, agus táim ag súil leis an léiriú a thabharfaidh páistí agus daoine óga ar fud na tíre ar an saothar cáiliúil seo, agus iad ag taispeáint an chaoi a gcuireann ár gcomhluachanna agus ár saoránacht Eorpach barr feabhais ar ár saol agus ar ár bpobal go ríméadach.”

CRÍOCHAn Phreasoifig05 Bealtaine 2023

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Tá Ár nAmhrán/Our Anthem EU50 mar chuid de chlár EU50 de chuid Rialtas na hÉireann chun ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach a cheiliúradh.
  • Is comhpháirtíocht í idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Oideachais agus Ceol‑Acadamh Ríoga na hÉireann.
  • Choimisiúnaigh an Rialtas Ceol‑Acadamh Ríoga na hÉireann chun rogha ábhar ilchineálach inrochtana a fhorbairt agus a chur ar fáil chun an t-amhrán a fhoghlaim agus a sheinm, lena n‑áirítear na céadta socrú ceoil idir‑inoibritheach do réimse leathan uirlisí agus ensemble a bhfuil an‑tóir orthu.
  • Bhí aistriúcháin Ghaeilge, Bhéarla agus Úcráinise ar na liricí, mar aon leis an mbunleagan Gearmáinise a bheith ar fáil freisin.
  • Cuirfear an togra i gcrích le léiriú beo ar an amhrán agus Lá na hEorpa ag teannadh linn, an 8‑9 Bealtaine, 2023, a chuireann deis ar fáil teagmháil a dhéanamh le gach saoránach i ngach aoisghrúpa chun ceiliúradh a dhéanamh ar Éirinn a bheith mar bhall den AE le 50 bliain anuas.
  • Tugadh cuireadh do na scoileanna a gcuid léirithe a fhoilsiú ón 1 Bealtaine ar na meáin shóisialta faoi #ÁrnAmhránEU50, de réir mar is cuí.
  • Is deis é Ár nAmhrán/Our Anthem EU50 chun béim a leagan an athuair ar an ról atá ag an Aontas Eorpach i saol shaoránaigh na hEorpa, agus ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa.