Foilsithe ar 

Tugann an tAire Foley cuireadh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí, do mhic léinn agus do pháirtithe leasmhara a dtuairimí maidir leis an Scéim Iompar Scoile a nochtadh

D’oscail an tAire Oideachais Norma Foley TD próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara inniu mar chuid den athbhreithniú ar an scéim iompair scoile.

Cuimsíonn an t-athbhreithniú, atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais an scéim iompair scoile do leanaí le riachtanais oideachais speisialta agus na scéimeanna iompair bunscoile agus iar-bhunscoile.

Déanfar iniúchadh ar an scéim reatha san athbhreithniú, agus ar a éifeachtúlacht agus a inmharthanacht ghinearálta, d’fhonn a chinntiú go bhfreastalaíonn sé go hiomchuí ar mhic léinn agus ar a dteaghlaigh.  I measc saincheisteanna eile atá le meas tá éifeachtúlacht na seirbhíse agus an deis a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cur chuige níos comhordaithe le ranna eile Rialtais atá rannpháirteach sna seirbhísí iompair.

Dúirt an tAire Foley: “Mar chuid den athbhreithniú ar iompar scoile, beimid ag éisteacht le tuairimí na dtuismitheoirí agus na gcaomhnóirí, na mac léinn, na bpáirtnéirí oideachais agus na bpáirtithe leasmhara eile. Bainfimid úsáid as suirbhéanna, grúpaí fócais agus cruinnithe, agus iarrfar aighneachtaí scríofa chomh maith.

“Tugaimid cuireadh do na páirtithe leasmhara seo a dtuairimí agus a mbarúlacha a roinnt linn ionas gur féidir linn iad a bhreathnú sa mheastóireacht agus iad a úsáid mar threoir bheartais maidir le feidhmiú na scéime amach anseo.”

Tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí suirbhé a chomhlánú: tá an suirbhé ar fáil ag an nasc https://dessurveys.education.gov.ie/surveys/Parent-and-Guardian-School-Transport-Survey agus ar gov.ie at gov.ie/schooltransportreview.

Tugtar cuireadh do mhic léinn iar-bhunscoile chomh maith suirbhé a chomhlánú: tá an suirbhé ar fáíl ag https://dessurveys.education.gov.ie/

Tugtar cuireadh do mhic léinn iar-bhunscoile chomh maith suirbhé a chomhlánú: tá an suirbhé ar fáíl ag https://dessurveys.education.gov.ie/surveys/Post-Primary-Pupils-School-Transport-Survey agus ar gov.ie ag gov.ie/schooltransportreview. Is é seo a leanas an dáta deiridh chun na suirbhéanna seo a chomhlánú Déardaoin 10ú Feabhra.

Tá an Roinn ag obair leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige d’fhonn éisteacht le tuairimí leanaí i mbunscoileanna agus leanaí le riachtanais oideachais speisialta.

Beidh an Roinn i dteagmháil leis na comhpháirtithe oideachais agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile le cuireadh a thabhairt dóibh aighneachtaí scríofa a chur faoi bhráid agus socruithe cruinnithe a dhéanamh mar is cuí. 

Leanfaidh an Grúpa Stiúrtha ag tuairisciú don Aire ar bhonn eatramhach de réir mar a théann an t-athbhreithniú ar aghaidh, d’fhonn tuarascáil deiridh a chur i láthair le moltaí maidir le hoibriú Scéim Iompair Scoile na Roinne sa todhchaí.

surveys/Post-Primary-Pupils-School-Transport-Survey agus ar gov.ie ag gov.ie/schooltransportreview. Is é seo a leanas an dáta deiridh chun na suirbhéanna seo a chomhlánú Déardaoin 10ú Feabhra.