Foilsithe ar 

Tugann an tAire Stáit Jack Chambers TD cuairt ar Bhéal Feirste Cruinniú le pobail na Gaeilge agus na hUltaise

Dé hAoine, 17 Meitheamh 2022

 

Tugann an tAire Stáit Jack Chambers TD cuairt ar Bhéal Feirste

 

Cruinniú le pobail na Gaeilge agus na hUltaise

 

Tá Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers TD, ag tabhairt cuairte ar eagraíochtaí Gaeilge, grúpaí pobail agus cultúrtha agus comhlachtaí spóirt mar chuid de chuairt dhá lá ar Bhéal Feirste.

 

Bhuail an tAire Chambers le hionadaithe ó chodanna éagsúla de phobal Gaeilge na cathrach i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich aréir.

 

Ag labhairt sa Chultúrlann aréir, dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Tuigim go mbíonn tionscadal agus comhoibriú trasteorann ar bun ag an gCultúrlann go háirithe i réimse na healaíona – ceoltóirí, drámadóirí, scríbhneoirí agus foilsitheoirí ó gach cearn den Oileán seo.

“Tá sé go hiontach an meascán Grúpaí a oibríonn anseo a fheiceáil – grúpa drámaíochta Aisling Ghéar; siopa leabhar An Ceathrú Póilí, foilsitheoir An tSnáthaid Mhór, Gaelchúrsaí ag cur an oideachais chun cinn, iris Nós, agus Taca ag tacú le foghlaimeoirí agus b’fhéidir an áis is tábhachtaí an Bhialann.

 

Maidin inniu thug an tAire cuairt ar cheanncheathrú Ghníomhaireacht na hUltaise ar Shráid Gordon sa chathair sular chaith sé tamall le pobal An Droichead i ndeisceart na Cathrach.

Le linn a chuairte, phléigh an tAire Chambers an comhoibriú tábhachtach pobail atá ar bun ar bhonn uile-oileáin faoi choimirce Chomhaontú Aoine an Chéasta tríd an bhForas Teanga Thuaidh Theas, Comhaontú New Decade, New Approach, agus tionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais. Chuir sé béim ar an ngá atá le leanúint leis an obair thábhachtach seo amach anseo.

“Tá sé iontach a bheith anseo i measc an phobail i mBéal Feirste. Tá comhoibriú Thuaidh-Theas tábhachtach domsa, go háirithe mar Aire Stáit le freagracht as an bhForas Teanga Thuaidh-Theas.

“Bhuail mé ar maidin le foireann agus comhaltaí boird Ghníomhaireacht na hUltaise ina gcuid oifigí ar Shráid Gordon. Tá oifig ag Gníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth i nDún na nGall chomh maith le pobail láidre i gContae Mhuineacháin agus i gContae an Chabháin.

“Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag tabhairt tacaíochta do phobal na hUltaise sna ceantair seo agus ar fud an chúige.

“Ba mhór an pléisiúr é bualadh aréir leis an oiread sin ionadaithe agus gníomhaithe iontacha ó phobal na Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich atá ina thearmann do na healaíona agus don chultúr Gaelach agus a thacaíonn le pobal bríomhar Gaeilge i mBéal Feirste.

 

CRÍOCH