Foilsithe ar 

Tugann na hAirí Catherine Martin agus Thomas Byrne ómós don Pharailimpeach Jason Smyth agus é ag dul ar scor

Inniu mhol an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., agus an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, an Parailimpeach is gasta ar domhan, Jason Smyth, agus é ag dul ar scor ón spórt. Tá Jason Smyth ar cheann de na lúthchleasuithe is rathúla in Éirinn riamh, tar éis dó 6 bhonn óir Pharailimpeacha, 6 Bhonn Óir Chraobhchomórtais na hEorpa, agus 9 mBonn Óir Chraobh an Domhain a bhuachan. Rinne sé ionadaíocht ar Éirinn ag na Cluichí Para-Oilimpeacha i mBéising, Londain, Rio agus Tóiceo.

 

Dúirt an tAire Martin:

“Spreag Jason glúin iomlán Éireannaigh óga. Is mór an t-éacht é duine de na lúthchleasuithe is fearr ar domhan a bheith ag teacht ón tír seo agus ba mhór an phribhléid dúinn féachaint air ag feidhmiú ag leibhéal chomh hard le breis is deich mbliana anuas. Tá na Cluichí Parailimpeacha thar a bheith tábhachtach, anseo agus thar lear ó thaobh chúis na ndaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn. Léiríonn Jason cad is féidir a bhaint amach in ainneoin deacrachtaí. Is ionadaí iontach é ar na cluichí Parailimpeacha agus ar an spórt i gcoitinne, agus táimid go léir faoi chomaoin aige.”

 

Dúirt an tAire Byrne:

“Tá Jason ar dhuine de na lúthchleasuithe is fearr a bhí ag Éirinn riamh. Is buaiteoir il-bhonn é ar leibhéal domhanda agus léirigh sé scoth spórt na hÉireann le blianta fada anuas. D'éirigh leis barr a spóirt a bhaint amach go maorga agus go humhal. Tá a chlub, Foireann Éireann agus muintir na hÉireann iontach bródúil as. Táim ag súil go mbeidh níos mó lúthchleasuithe Éireannacha den chéad scoth ar leibhéal Jason ann mar gheall ar an gcóras ardfheidhmíochta a bhfuilimid ag tógáil agus ag feabhsú go leanúnach sa tír seo. Guím gach rath air agus ar a theaghlach amach anseo.”

 

CRÍOCH