Tá fógartha inniu (Dé Máirt, 21ú Feabhra 2012) ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas do chuidiú deontais ó Údarás na Gaeltachta do Largo Foods Exports Ltd., cuideachta atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Cuideoidh an deontas de €579,564 leis an chuideachta trealamh a thabhairt chun dáta agus clár taighde agus forbartha a mhaoiniú do tháirgí nua mórluacha a bheidh á dtáirgeadh sa Ghaeltacht do mhargaí na hÉireann agus na Breataine.
Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: "Tá an infheistíocht seo ríthábhachtach sa mhéid agus go gcinnteoidh sé go bhfanfaidh Largo Food Exports Ltd. i nGaoth Dobhair. Léiríonn infheistíocht an Stáit sa chuideachta seo go bhfuil an Rialtas dáiríre faoi fhostaíocht a neartú i gceantair ar nós ceantar Ghaoth Dobhair chun pobail inmharthana tuaithe a choinneáil beo agus, go háirithe, chun tacú leis an Ghaeilge mar theanga an phobail i gceantar láidir Gaeltachta."
Dúirt an tAire Stáit chomh maith go dtacaíonn an fógra seo le coimitmint an Rialtais d'fheidm fhiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choimeád agus don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 -2030. "Tá cruthú post sna ceantair Ghaeltachta lárnach d'aidhm na Straiteise, is é sin, a chinntiú go ndéantar an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga bhríomhar an phobail agus an teaghlaigh," a dúirt an tAire Stáit. Thréaslaigh an tAire Stáit le Largo Foods, agus lena phríomhfheidmeannach, Raymond Coyle, ach go háirithe, as a dtiomantas leanúnach don ghnó i nGaoth Dobhair a thacaíonn lena chomhionann de 125 post lán-aimseartha.
CRÍOCH
Nóta do na heagarthóirí:·
Is é Largo Food Exports Ltd. máthairchuideachta Arán Pita Éireann Teo., Bia Ghaoth Dobhair Teo., Largo Intellectual Properties Ltd., agus Bia Ghaoth Barra Teo., agus tá siad uile lonnaithe i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
· Cuireann na cuideachtaí seo sneaicbhia ar fáil do mhiondíoltóirí móra ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Tesco, Safeway, Lidl, Morrisons, Sainsburys agus Butterkist. Táirgeann siad sneaicbhia dá máthairchuideachta, Largo Food Exports Ltd., freisin faoin mbranda Tayto.
· Tá Grúpa Largo, a bhfuil a cheanncheathrú i gCill Dhéagláin, Co. na Mí, ag cur fostaíocht sheasmhach ar fáil i nGaeltacht Dhún na nGall le blianta fada. Faoi láthair tá 125 ball foirne cóibhéiseach lánaimseartha fostaithe ag an ngrúpa i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.
www.ahg.gov.ie