Foilsithe ar 

An céad searmanais saoránachta ó thosaigh an phaindéim óstáilte ar an láthair ag an Aire McEntee chun fáilte a chur roimh shaoránaigh is nuaí na hÉireann

 

Óstálfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, dhá shearmanas saoránachta an-speisialta inniu chun fáilte a chur roimh 950 duine a ndéanfar saoránaigh Éireannacha díobh. Beidh an t-imeacht seo ar an gcéad cheann de shearmanais saoránachta ar an láthair ó bhuail ráig den phaindéim i Márta na bliana 2020.

 

Beidh na searmanais ar siúl san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí. Beidh an Breitheamh Uasal Bryan McMahon, Breitheamh den Ard-Chúirt ar Scor agus an Breitheamh Uasal Paddy McMahon, Breitheamh den Chúirt Dúiche ar Scor, i gceannas ar shearmanas amháin an duine.

 

Ag labhairt di roimh an imeacht dúirt an tAire McEntee,

 

“Is é seo an chéad uair a mbeidh sé de phribhléid agamsa a bheith i láthair go pearsanta ag searmanas saoránachta agus is mór an onóir a bheidh ann domsa fáilte a chur roimh an oiread sin daoine a bhfuil sé socraithe acu a mbaile féin a dhéanamh d’Éirinn.

 

Cé go bhfuil mé thar a bheith mórtasach as na himeachtaí ceiliúrtha atá reáchtáilte ag mo Roinn ar líne le dhá bhliain, ní bhuailfeadh rud ar bith an t-eispéireas sin aithne a chur ar na saoránaigh is nuaí atá againn agus an tábhacht a bhaineann leis dóibhsean go bhfuil a n-aistear saoránachta tugtha chun críche acu a fheiceáil go pearsanta.

 

Is ócáid ar chóir meas a bheith uirthi é teacht chun bheith i do shaoránach Éireannach, do shaoránaigh nua s'againne agus dá dteaghlaigh agus cairde araon.  Trína gcuid cultúir agus traidisiúin ar leith féin a roinnt linn, beidh ár saoránaigh is nuaí ina gcuid dár bpobail agus is saibhre muid dá mbarr.”

 

Leanann na searmanais saoránachta ar an láthair i gCill Airne roinnt tionscnamh a forbraíodh agus a cuireadh i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19 chun fáilte a chur roimh shaoránaigh is nuaí na hÉireann.

 

In Iúil, 2020, bhí Éire ar an gcéad tír Eorpach chun searmanas ríomh-shaoránachta a óstáil agus reáchtáladh trí imeacht ceiliúrtha eile ar líne sa bhliain 2021.

 

In Eanáir, 2021, thug an tAire McEntee isteach córas sealadach a chuir ar chumas iarratasóirí a bpróiseas eadóirseachta a thabhairt chun críche trí dheimhniú reachtúil dílseachta a shíniú. Bhí deis ag breis is 15,000 iarratasóir a dteastais saoránachta a fháil tríd an gcóras sealadach.

 

Déanfar na searmanais a shruthú beo as Ionad Comhdhála Chill Airne ag 10.45am agus ag 1.45pm ar chainéil meán sóisialta na Roinne. Beidh daoine ábalta úsáid a bhaint as na haischlibeanna #IrishCitizen2022 agus #SaoránachÉireannach2022 chun a dtacaíocht a roinnt le saoránaigh nua na hÉireann.

 

Tá tús curtha le pleanáil do shearmanais ar an láthair eile i gCill Airne le haghaidh mhí na Nollag, 2022.

 

 

CRÍOCH.../

 

Nótaí d'eagarthóirí

 

  • Tugadh cuireadh do thuairim is 1,300 iarratasóir chuig an searmanas ar an láthair ar an 20 Meitheamh agus ghlac thart ar 950 díobh leis.
  • Ó cuireadh tús leis na searmanais saoránachta ar dtús, tá 154 searmanas reáchtáilte go dtí seo ag a bhfuair daoine as breis is 180 tír deimhniú ar a n-eadóirseacht.
  • Tá saoránacht Éireannach faighte ag thart ar 148,000 duine go dtí seo ón mbliain 2011 i leith.
  • Sa bhliain 2021, rinne an Roinn 11,512 cinneadh maidir le saoránacht, an leibhéal is airde ó bhí an bhliain 2015 ann.
  • Tá líon céimeanna glactha chun luas a chur leis an bpróiseáil ar iarratais agus tá líon bearta digitithe tugtha isteach chomh maith chun éifeacht an phróisis a ardú, lena n-áirítear ríomh-Imréiteach cánach, ríomh-ghrinnfhiosrú agus íocaíochtaí ar líne.
  • Leis an bpróiseas digitithe, beidh níos mó ama ag níos mó den fhoireann chun díriú ar iarratais a phróiseáil in am trátha agus i mbealach éifeachtach chun seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú agus amanna feithimh a laghdú.