Foilsithe ar 

An tAcht um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2022

Soláthraíonn an Bille um Fhorais Náisiúnta Cultúir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2022 an bonn reachtúil d’aistriú an Cheolfhoireann agus na Cóir Shiansacha Náisiúnta ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta.

 

Is céim thábhachtach eile é an t-aistriú chun fís an Cheolárais Náisiúnta a bhaint amach mar cheann scríbe spreagúil ceoil a bhfuil cáil dhomhanda air, rochtain ag cách air agus a shaibhríonn tírdhreach cultúrtha na hÉireann. Tá an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta, mar phríomhcheolfhoireann na hÉireann, ríthábhachtach maidir leis an bhfís seo a sheachadadh, mar aon leis na pleananna uaillmhianacha athfhorbartha don Cheoláras faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, chun é a chlaochlú ina lárionad ceannródaíoch don cheol in Éirinn.

 

Bille teicniúil den chuid is mó atá sa Bhille chun tacú le haistriú feidhmeanna. Seo a leanas príomhfhorálacha an Bhille:

  • Feidhmeanna a bhaineann leis an gCeolfhoireann agus na Cóir Shiansacha Náisiúnta a aistriú ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta;
  • Forálacha caighdeánacha a bhaineann le foireann, maoin, dliteanais agus gnóthais dhlíthiúla a bhaineann leis an gceolfhoireann agus na cóir a aistriú ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta; agus
  • Méadú ar líon na gcomhaltaí Boird ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta chun soláthar a dhéanamh do chomhalta nua a bhfuil saineolas sonrach aige/aici ar fhorbairt ceolfhoirne.

 

 

 

Rinneadh aistriú riaracháin na ceolfhoirne agus na gcór ar an 24 Eanáir 2022 agus tá an cheolfhoireann agus na cóir ag feidhmiú go hiomlán anois laistigh de struchtúir riaracháin  an Cheolárais Náisiúnta. 

 

 

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

 

“Tá áthas orm maoirseacht a dhéanamh ar fhoilsiú an Bhille seo, ar céim thábhachtach é in aistear na ceolfhoirne agus an Cheolárais Náisiúnta araon. Is cuid ríthábhachtach é an t-aistriú seo d’fhís uaillmhianach an Cheolárais maidir le forbairt an cheoil shiansaigh in Éirinn, le ceolfhoireann shiansach athchóirithe ag glacadh a háit i gceoláras san 21ú haois.”

 

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

 

“Cuirfidh an reachtaíocht seo ar chumas an Cheolárais tús a chur leis an bpróiseas chun an cheolfhoireann a thabhairt ar ais go lán-neart agus iad a chumasú chun an fhís ealaíne a leagadh amach i dtuarascáil Boaden a sheachadadh.”

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427          Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

Achoimre ar na forálacha sa Bhille

 

Tá 4 chuid sa Bhille, agus tugtar achoimre ar phríomhfhorálacha na gcodanna sin thíos: 

Cuid 1 - Réamhrá agus ginearálta

Leagtar amach gearrtheideal an Bhille in Alt 1.

Foráil chaighdeánach atá in Alt 2 ina soláthraítear sainmhínithe ar fhocail agus ar théarmaí áirithe a úsáidtear sa Bhille. 

Foráil chaighdeánach atá in Alt 3 maidir le costais a thabhaíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Bille á riar, a luaithe agus a achtófar é. 

Cuid 2 - Aistriú Feidhmeanna, Foirne agus Maoine go dtí an Ceoláras Násiúnta

In Alt 4 foráiltear d’aistriú feidhmeanna a bhaineann leis an gceolfhoireann agus leis na cóir ó RTÉ go dtí an an Ceoláras Náisiúnta ar lá an aistrithe. Déantar foráil ann freisin maidir le haon riarachán agus gnó a aistriú i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna sin. 

Déantar foráil in Alt 5 maidir le baill foirne a chomhlíon dualgais a bhaineann leis an gceolfhoireann nó leis na cóir a aistriú ó RTÉ go dtí an Ceoláras agus leagann sé síos na coinníollacha don aistriú sin.

In Alt 6 foráiltear d’aistriú maoine, roghanna i gcaingean, airgead, stoic, scaireanna agus urrúis, mar a chomhaontaítear idir RTÉ agus an Ceoláras Náisiúnta, ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta.

In Alt 7 foráiltear d’aistriú ceart agus dliteanas a bhaineann leis an gceolfhoireann nó leis na cóir ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta.

In Alt 8 foráiltear d’aistriú conarthaí reatha a bhaineann leis an gceolfhoireann nó leis na cóir ó RTÉ go dtí an Ceoláras Náisiúnta.

Cuirtear ainm an Cheolárais Náisiúnta in ionad ainm RTÉ in Alt 9 in aon imeachtaí dlí a bhaineann leis an gceolfhoireann nó leis na cóir.  

In Alt 10 foráiltear go measfar gach gníomh a dhéanfaidh RTÉ nó an Ceoláras Náisiúnta maidir leis an aistriú roimh thosach feidhme na coda seo a bheith bailí agus éifeachtach chun gach críche.

Cuid 3 - Leasú ar an bPríomh-Acht

In Alt 11 leasaítear Alt 7 den Phríomh-Acht chun cothabháil agus oibriú ceolfhoirne agus cóir a chur le feidhmeanna an Cheolárais.

In Alt 12 leasaítear Alt 10 den Phríomh-Acht chun ballraíocht an Bhoird a mhéadú ó 8 go 9 gcomhalta, agus foráiltear ann go gcaithfidh ar a laghad comhalta Boird amháin taithí agus saineolas a bheith aige ar fhorbairt ceolfhoirne.

In Alt 13 leasaítear Alt 13 den Phríomh-Acht chun an córam do chruinnithe Boird a mhéadú ó 4 go 5.

 

Cuid 4 - Leasú ar Acht 2009

In Alt 14 leasaítear feidhmeanna RTÉ mar a leagtar amach iad in Alt 114 den Acht Craolacháin 2009 trí fheidhm chun ceolfhoireann cheolchoirme a bhainistiú a chur in ionad na feidhme roimhe sin chun ceolfhoirne agus cóir a bhainistiú.