Foilsithe ar 

Ateangairí mar chuid den Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh anois

Maoiniú €1.288m atá fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers T.D., chun an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh do 2022-2025, a bhfuil an-rath uirthi, a leathnú.

 

Tá an scéim intéirneachta leathnaithe anois chun ateangairí comhdhála a áireamh inti. Cuireadh tús leis an scéim in 2018 a raibh sé i gceist léi deiseanna a chur ar fáil do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimse speisialaithe ábhair an aistriúcháin agus na profléitheoireachta.

 

Mar chuid den scéim leathnaithe déanfar suas le ceathrar intéirneach ateangaireachta a cheapadh a thabharfaidh faoi thaithí oibre san fhómhar. Cuirfear liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí ar feadh tréimhse sé mhí – caithfidh siad dhá mhí i socrúchán teanga agus ceithre mhí i mbun dianoiliúna in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach. Tá maoiniú suas le €322,000 ceadaithe gach bliain don scéim intéirneachta ar feadh tréimhse ceithre bliana.

 

Is é a dúirt an tAire Stáit, Jack Chambers, T.D.:

 

“Tá ríméad orm leathnú na scéime intéirneachta seo a fhógairt, scéim a bhfuil an-rath uirthi, chun an ateangaireacht a áireamh inti den chéad uair riamh. Leis an scéim seo tugtar deis do chainteoirí Gaeilge taithí a fháil ar shaol na hoibre san Eoraip, oiliúint a fháil sna hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna. Cuirfidh sin deiseanna níos fearr ar fáil dóibh i gcomórtais earcaíochta amach anseo. Bhí an t-aiseolas a fuarthas ó na rannpháirtithe agus ó institiúidí éagsúla AE araon thar a bheith dearfach agus tá an rath a bhí ar an scéim soiléir mar gheall go bhfuil go leor intéirneach ag fáil post sna hinstitiúidí.  Guím gach rath ar na hintéirnigh don bhliain speisialta seo ina bhfuilimid ag ceiliúradh bhallraíocht 50 bliain na hÉireann san AE.”

 

Tá tuilleadh eolais faoin scéim le fáil ag: www.gov.ie

 

CRÍOCH

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427          Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

 

 

Nóta don Eagarthóir:

 

Bronnadh stádas oifigiúil agus oibre san AE ar an nGaeilge ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. Áiríodh maolú sa Rialachán maidir le húsáid na teanga a rabhthas le hathbhreithniú a dhéanamh air gach cúig bliana agus go mbeadh deireadh leis an gcéad tréimhse an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar an gcéad athbhreithniú, cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 920/2005. Faoi théarmaí an mhaolaithe, a bhí i bhfeidhm ó bhí 2007 ann, níor ghá ach dlíthe AE a aistriú a ndearnadh faoin bprótacal comhchinnteoireachta a ghabhann leis an nGaeilge.

 

I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle Eorpach le rialachán arna dhíriú ar dheireadh a chur leis an maolú ar bhonn céim ar chéim faoi dheireadh na bliana 2021. I ndiaidh deireadh a chur leis an maolú go rathúil an 31 Nollaig 2021, tá Institiúidí AE ag cur seirbhísí ar fáil anois trí Ghaeilge ag an leibhéal céanna agus a chuirtear seirbhísí ar fáil trí theangacha eile oifigiúla an AE.

 

Le hateangairí a chuimsiú sa scéim tacófar le hinstitiúidí AE san obair a dhéanann siad anois go bhfuil deireadh leis an maolú don Ghaeilge.