Iarratasóir | Cur síos ar an Tionscadal | Contae | Maoiniú a leithdháileadh |
Scoil Samhraidh Mhíchíl Uí Chléirigh | Scoil samhraidh a dhéanann comóradh ar shaol agus ar éachtaí Mhíchíl Uí Chléirigh agus a chuid comhghleacaithe, baill eile ‘The Four Masters” | Dún na nGall | €5,000 |
Féile Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag | Sraith ceolchoirmeacha ina léireofar na hamhránaithe is fearr ó Éireann agus ón iasacht. | Corcaigh | €5,000 |
CCÉ an Ghoirt Chroim | Ag cur scoth cheoltóirí traidisiúnta Mhaigh Eo ar stáitse i gceolchoirm agus ag reáchtáil ceachtanna ceoil do thosaitheoirí | Maigh Eo | €5,000 |
Mol Cruthaitheach Choill an Chollaigh | Sraith ceardlanna treoraithe agus seisiúin ‘plein air’ ina úsáidfear roinnt teicnící cruthaitheacha éagsúla (péint, teicstíl, grianghrafadóireacht, an focal scríofa, srl.) Reáchtálfar taispeántas le linn Sheó-Thaispeántas Samhraidh 2022 ag an am céanna is a bheidh Féile Lár an tSamhraidh Choill an Chollaigh ar siúl | An Cabhán | €3,045 |
Comhairle Phobail Chlais Mhór (Féile Mochua) | Féile trí lá ina ndéantar ceiliúradh ar oidhreacht agus ar chultúr Chláis Mhór | Port Láirge | €5,000 |
Parnell Society (Avondale Trust) | New beginnings: Parnell Autumn School | Baile Átha Cliath | €4,000 |
Féile Litríochta Loch Gorman | Athléiriú Chath Inis Córthaidh ar an 1 Iúil 1922 (Snáithe ar leith ar aon lá amháin) | Loch Garman | €3,000 |
Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall | Clár leathan de cheardlanna ceoil agus disciplíní cruthaitheacha gaolmhara a sheachadfaidh teagascóirí oilte, ag críochnú le léirithe ag an deireadh seachtaine. | Dún na nGall | €5,000 |
Not Your Average Hooley (NYAH) | A Festival of Connection: Tabharfaidh seisear ceoltóirí, amhránaithe & rinceoirí cuairt ar Sé Theach Altranais/Cúraim sa Chabhán | An Cabhán | €2,600 |
Féile Staire Iarthar Chorcaí | Imeacht hibrideach digiteach/ar an láthair. Beidh dhá théama sa chlár seo: Éire in 1922 agus 175 bliain ó ‘47 an Bhróin | Corcaigh | €2,000 |
Comhairle Phobail an Dúrais agus a Cheantar | Féile Samhraidh Dúrais - Ceiliúradh ar Oidhreacht Phobail agus Chultúir | Corcaigh | €5,000 |
Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Bhaile Átha an Rí | ATHENRY MUSIC. ARTS. DRAMA (M.A.D.) FESTIVAL - Féile ildisciplíneach pobail a bhfuil sé mar chuspóir aici clár ealaíon cuimsitheach agus inrochtana a sholáthar do chách. | Gaillimh | €5,000 |
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí | Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta Lios Tuathail 2022 | Ciarraí | €5,000 |
Cumann Yeats Shligigh | 63ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats | Sligeach | €5,000 |
Oidhreacht Bhaile Átha Í | 22nd Shackleton Autumn School/Festival Hybrid | Cill Dara | €4,500 |
Féile Imeallach Bhéal an Átha | Féile na nEalaíon Beag ina mbeidh amharc-ealaíona, ceol beo, drámaíocht, ealaín na bpáistí agus ealaín sráide | Maigh Eo | €5,000 |
Creative Spark | Is féile ealaíon, oidhreachta agus chultúir í SEEK a bhfuil sé mar aidhm aici roinnt de na healaíontóirí múrphictiúr agus ealaíontóir uirbeacha is fearr ar domhan a mhealladh go Dún Dealgan | An Lú | € 5,000 |
Ceardaíocht agus Dearadh Chorcaí | Clár imeachtaí 31 lá a reáchtálfar le linn mhí Lúnasa. Tá liosta cuimsitheach deiseanna oideachasúla sa chlár seo ó dhisciplíní éagsúla ceardaíochta ó cheardaithe agus ó fhiontair cheardaíochtaí ar fud na tíre. Sa chlár oideachasúil beidh: ceardlanna, taispeántais, caintanna ealaíontóra, máistir-ranganna agus turais amharc-ealaíon. | Corcaigh | € 5,000 |
Brainse Mhuinchille, Comhaltas Ceoltóiri Éireann | Reáchtálfar an 15ú Féile Bhliantúil Cheoil Thraidisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar Gerry Whelan i Muinchille, Co. an Chabháin ar an deireadh seachtaine an 9/10/11 Meán Fómhair 2022. | An Cabhán | €1,000 |
Féile Liam O'Flynn | Ceiliúradh bliantúil ar tharraingteacht fhairsing chultúrtha agus cheoil Chontae Chill Dara le béim láidir ar cheol traidisiúnta | Cill Dara | € 5,000 |
Féile Cheoil Larry Reynolds | Deireadh seachtaine lán le ceol, ealaíona agus oidhreacht na hÉireann chun grá Reynolds do chultúr agus d’oidhreacht oirthear na Gaillimhe a choinneáil beo. | Gaillimh | € 5,000 |
Carndonagh Traders Association CLG (Live at the Marquee) | Féile cheoil agus teaghlaigh ceithre lá ina ndéantar ceiliúradh ar ealaíontóirí agus ceoltóirí áitiúla agus ina reáchtáltar ceardlanna leanaí | Dún na nGall | €3,500 |
Féile Cheoil Tíre agus Thraidisiúnta Bhéal Átha Seanaidh | Seisiúin bhríomhara i dtithe tábhairne, siamsaíocht sráide, ceardlanna, comórtais bhuscála agus céilithe | Dún na nGall | €5,000 |
Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann (The Speaker Connolly Summer School) | Fondúireacht a thógáil chun éagsúlacht, féiniúlacht agus athmhuintearas na hÉireann a fhiosrú trí mheán taifeadta scannán go príomha agus ardáin ilmheán ar nós YouTube. Chomh maith leis an imeacht ar an láthair, craolfar an scoil samhraidh arís saor in aisce. | Cill Dara | €3,150 |
Féile Ealaíon an Chabháin | Is féile ealaíon ildisciplíneach nuálach atá ag teacht chun cinn í Féile Ealaíon an Chabháin. Tá ealaíona, ealaíona faoin aer, obair shainsuíomh & obair “dochatagóirithe” sa chlár. | An Cabhán | €3,500 |
Muckno Mania Festival | Féile ealaíon agus cultúrtha trí lá a chuireann rannpháirtíocht shaor in aisce an phobail sna healaíona, sa chultúr agus i ngníomhaíochtaí fóillíochta chun cinn. | Muineachán | €2,500 |
Forbairt Phobail Theach Solais | ÓMÓS - Féile Chultúrtha | An Cabhán | €2,500 |
Comhaltas Aimiréal de Brún, Ceathrú na Líne (Deireadh Seachtaine Traidisiúnta Cheathrú na Líne) | Ceithre cheardlann ag druidim le Deireadh Seachtaine Traidisiúnta Cheathrú na Líne | Maigh Eo | €2,500 |
Comhaltas na Cathrach | Seó Samhraidh - leathnú ar an gclár atá ann cheana. Tugadh cead d’ocht seó chun cur leis na himeachtaí ceoil i mbliana agus níos mó amhránaíochta agus damhsa a thabhairt isteach. | Tiobraid Árann | €1,250 |
Féile Lár an tSamhraidh Choill an Chollaigh & Imeachtaí Baile | Féile Phobail Sráide aon lá chun tacú le healaíontóirí, ceoltóirí agus siamsóirí áitiúla | An Cabhán | €2,000 |
Cumann Cairde Cholmcille (Féile Cholmcille) | Féile aon lá de chainteanna, siúlóidí agus ceol chun ceiliúradh a dhéanamh ar Shlí Cholmcille | An Mhí | €3,000 |
Deireadh Seachtaine Ealaíon Chionn tSáile | Iarraidh ar ealaíontóirí óga clár a phéinteáil ar fhoirgnimh nach bhfuil in úsáid ar fud an bhaile i stíl chomhaimseartha, uathúil agus oiriúnach d’fhéile sráide | Corcaigh | €1,000 |
Féile Scannán Phort Láirge | 3 chomórtas bhliantúla sa scannánaíocht, scríbhneoireacht scripte agus grianghrafadóireacht | Port Láirge | €1,000 |
Mullahoran GFC | Féile Cheoil Tíre a reáchtálfar thar trí oíche | An Cabhán | €1,000 |
Iomlán | | | €122,045 |