Inniu osclófar taispeántas uathúil de ghrianghraif, de phleananna ailtireachta, de líníochtaí, de léarscáileanna agus d’ingearchlónna, d’fhíseáin agus de thaifid a sábháladh chun céad bliain ó scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí ar an 30 Meitheamh 1922 a chomóradh.
Cuireann an Chartlann Náisiúnta an taispeántas i láthair i gcomhpháirtíocht le Cartlann Ailtireachta na hÉireann agus insítear ann scéal an fhoirgnimh mhóir ina raibh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann; ónar tógadh é go dtí gur dódh é le linn Chath na gCeithre Chúirteanna i mí an Mheithimh 1922 go dtí gur atógadh é faoi dheireadh.
Críochnaíodh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann in 1867, agus mar sin bhain sí leis an tréimhse chéanna is a bhain Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (a osclaíodh in 1864) agus an tArd-Mhúsaem (a osclaíodh in 1857). Bhreathnaigh muintir na hEorpa uirthi mar oifig taifid phoiblí den chéad scoth.
Cuireann an taispeántas beocht i bhfoirgneamh nach bhfeictear ar spéirlíne Bhaile Átha Cliath a thuilleadh. Tógadh an Teach Taifead trí stór seo os cionn íoslaigh idir 1864 agus 1866, agus bhí oifigí foirne, árasán feighlí, leabharlann, seomra ceangail agus seomra léitheoireachta poiblí inti. Taobh thiar de Theach na dTaifead bhí an Taisce Taifead, foirgneamh ollmhór sé stór ina raibh 100,000 troigh chearnach de sheilfeanna le taifid a bailíodh thar seacht gcéad bliain.
Bhain bailiúcháin na cartlainne le beagnach gach gné de shaol na hÉireann lena n-áirítear taifid daonáirimh, uachtanna, léarscáileanna, cláir pharóiste agus taifid bhailte ó gach cearn den oileán. Bhí cáipéisí ann a bhain le fás an Stáit, taifid a bhain le híocaíocht cánach, achtú dlíthe agus breith pharlaimint na hÉireann.
I mí Aibreáin 1922, bhí fórsaí frith-Chonartha i seilbh foirgnimh na gCeithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath, áit a raibh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann lonnaithe. Bhunaigh na fórsaí áitithe a mhonarcha agus a stór muinisean sa Taisce Taifead.
Ar an 30 Meitheamh 1922, thosaigh pléascadh i bhfoirgneamh cóngarach sna Ceithre Chúirteanna tine a leathnaigh go stór lárnach cartlainne an Taisce Taifead, áit a raibh na muinisin á ndéanamh. Scrios an tine an oiread sin den fhoirgneamh nach raibh fágtha ina sheasamh ach an balla seachtrach.
Ar an 2 Iúil, thug an tAire Airgeadais, Michael Collins cuairt ar choimpléasc na gCeithre Chúirteanna agus thug sé faoi deara ina dhialann go raibh gá leis an suíomh a dhaingniú chun iarsmaí na dtaifead a chosaint. Laistigh de roinnt laethanta fuair Oifig na nOibreacha Poiblí fógra oifigiúil ó Collins go raibh an fhreagracht orthu an oibríocht tarrthála a chomhordú.
Chuir foireann Oifig na dTaifead Poiblí tús leis an obair mhór chun na taifid a aisghabháil ón smionagar.
Agus na doiciméid a fuarthas i measc na bhfothracha á mbailiú acu, rinne an fhoireann iad a shórtáil agus a aithint. Laistigh den bhliain phacáil siad 25,000 leathán páipéir agus pár isteach i mbeagnach 400 beart.
Clúdaíodh gach rud a fuarthas ón raic i bpáipéar donn, cuireadh lipéad air agus sreang ina thimpeall agus caomhnaíodh é go dtí go ndéileálfaí leis. D’imigh céad bliain thart sular thosaigh foireann an Chartlann Náisiúnta ag obair ar na taifid seo a sábháladh.
Faoi 1923, deisíodh Oifig na dTaifead Poiblí agus thosaigh an fhoireann ag obair arís ar an láthair. Cuireadh tús le hoibreacha atógála ansin agus athchóiríodh foirgneamh ní ba lú. Tá an Chúirt Achomhairc chun tosaigh san fhoirgneamh seo anois agus tá an Chartlann Náisiúnta ar chúl agus san íoslach.
Ag labhairt ag seoladh an taispeántais, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Is fíorscéal iontach é seo faoi fhoirgneamh, a tógadh mar áit chun na céadta bliain de thaifid luachmhara ó ré Eilís go dtí an lá atá inniu ann a chosaint. Ach ar an lá sin in 1922, scrios tine ní hamháin an foirgneamh ach an chuid is mó de na taifid a bhí istigh ann chomh maith. Ba chomhartha cumhachtach acmhaineachta agus nirt a bhí i dtiomantas agus fís na foirne an méid a d’fhéadfaidís a shábháil. Chuir a gcuid oibre ar chumas na foirne sa Chartlann Náisiúnta sa lá atá inniu ann leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre agus na taifid a shábháil siad ón smionagar in 1922 a chaomhnú.
Níor cuireadh na grianghraif, na pleananna agus na líníochtaí a chuirtear i láthair anseo inniu ar taispeáint go poiblí riamh. Beidh rochtain uathúil ag cuairteoirí freisin ar an taobh istigh den stór taifead Victeoiriach iontach seo trí phíosa scannáin chomhaimseartha d’fhoirgneamh atá dúnta don phobal le breis agus 150 bliain. Is cúis áthais domsa, mar chuid de Chlár Comórtha an Stáit, go dtugann an taispeántas seo deis dúinn foghlaim faoi stair agus scéal foirgnimh ina leantar ar aghaidh ag cosaint agus ag caomhnú cartlann an Stáit mar dhara shuíomh de chuid an Chartlann Náisiúnta.”
Cuirtear an taispeántas seo i láthair mar chuid de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 Rialtas Éireann.
Críoch
NÓTAÍ EAGARTHÓRA
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.
Oscailt taispeántais: Déardaoin, an 30 Meitheamh, 12 i.n.
Dátaí taispeántais:
10-5 i.n. Luan go hAoine
30 Meitheamh go dtí an 19 Lúnasa
Ionad: I gCartlann Ailtireachta na hÉireann, 45 Cearnóg Mhuirfean Thoir, Baile Átha Cliath 2