Foilsithe ar 

Scileanna Sláinte agus Folláine Seolann an tAire Martin agus Donnelly siopóisiam faoi ról na cruthaitheachta i sláinte an phobail

Inniu dhearbhaigh Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Stephen Donnelly TD, an tAire Sláinte a n-aitheantas do na tairbhí sláinte agus folláine a bhaineann leis an gcruthaitheacht agus na healaíona.

D’óstáil Clár uile-rialtais Éire Ildánach, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Chomhairle Ealaíon siompóisiam náisiúnta faoi thairbhí dearfacha na cruthaitheachta agus na n-ealaíon don tsláinte agus don fholláine i gColáiste Ríoga na Máinliá i mBaile Átha Cliath. Ag an siompóisiam, rinne lucht déanta beartais agus cleachtóirí ó na hearnálacha sláinte, ealaíon agus cultúir plé ar conas is fearr leas a bhaint as rannpháirtíocht chruthaitheach dár sláinte agus dár bhfolláine.  

Agus an siompóisiam á oscailt, d’aithin an tAire Martin stair fhada shaibhir an chomhoibrithe idir na hearnálacha ealaíon agus cúram sláinte, agus leag sé béim ar an ngá atá le timpeallacht níos tacúla agus níos inbhuanaithe a chruthú trí chomhoibriú agus comhtháthú níos fearr idir na hearnálacha. Chuir dhá fhíseán a léirigh scéalaíocht i mbarda péidiatrach Ospidéal Ollscoile Phort Láirge agus ceardlann ceoil le cónaitheoirí Theach Altranais St Camillus i Luimneach samplaí ar fáil de na cineálacha rannpháirtíochta cruthaithí a thacaíonn le seachadadh géarchúram sláinte agus cúram sláinte pobail in Éirinn. 

D’fhógair an tAire Martin maoiniú píolótach breise freisin, trí Chlár Éire Ildánach, chun comhoibriú níos dlúithe a fhiosrú idir na hearnálacha áitiúla ealaíon agus sláinte i réimse an oideasaithe shóisialta. Cabhróidh an tionscnamh le Dochtúirí Ginearálta agus le cleachtóirí sláinte eile daoine a atreorú chuig tionscnaimh ealaíon agus chruthaitheacha áitiúla i gcúig láthair phíolótacha i bPort Láirge, Baile Átha Cliath, Dún na nGall agus Maigh Eo sa chás go mbeadh sé seo tairbheach dá bhfolláine.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an t-ádh orainn go bhfuil infreastruchtúr fairsing daonna náisiúnta againn – fite fuaite in earnálacha an chultúir agus na sláinte araon – a bhfuil sé de chúram air tacú le folláine mhuintir na hÉireann. Táim ag súil lena fháil amach an féidir luach a chur lenár n-uaillmhianta folláine faoi seach trí na líonraí seo a spreagadh chun oibriú le chéile go háitiúil.”

Rinne an tAire Donnelly tagairt don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a thuairiscigh bonn láidir fianaise a thaispeánann an ról tábhachtach atá ag rannpháirtíocht in earnáil na n-ealaíon maidir le folláine agus meabhairshláinte a fheabhsú, ag rá:

“Oireann nádúr iomlánaíoch na gcineálacha seo iarrachtaí ealaíonta agus cultúrtha go foirfe dár bhfís don tsláinte agus don fholláine. Ní bhaineann sláinte le heaspa galair amháin, baineann sé le tábhacht agus idirnascadh na folláine coirp, meabhrach agus sóisialta a aithint.”

Chuir an bheirt Airí fáilte mhór roimh an tionscnamh píolótach cruthaitheach nua a mbeidh tionchar dearfach aige ar shláinte agus ar fholláine an Lucht Siúil.  Cómhaoiníonn Clár Éire Ildánach, an Roinn Sláinte (Éire Shláintiúil), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (An tAonad Meabhair-Shláinte / An Oifig Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta) agus an Chomhairle Ealaíon na tionscadail.  Maoineoidh tionscnamh Folláine an Lucht Siúil Trí Chruthaitheacht 2022 cúig thionscadal ar fiú beagnach €250,000 iad a chomhdhear agus a chomhléirigh an Lucht Siúil chun tacú le sláinte agus folláine an Lucht Siúil.

Dúirt Paul Reid, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS:

“Tá lúcháir orm na tionscadail leanúnacha agus nua ealaíon agus sláinte a fheiceáil atá á gcur ar taispeáint inniu atá á seachadadh ar fud na seirbhíse sláinte. Bainfidh baill foirne na seirbhíse sláinte a fhreastalaíonn ar an láthair agus go fíorúil, tairbhe as imeacht an lae inniu, ag cur lena n-eolas sa réimse seo agus muid ag leanúint ar aghaidh ag baint úsáide as na healaíona cruthaitheacha chun leas na n-úsáideoirí seirbhíse agus na foirne.”

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir an Chomhairle Ealaíon:

“Mar is léir ón raon tionscadal agus díospóireachta, is féidir le rannpháirtíocht sna healaíona cur go mór lenár sláinte agus lenár bhfolláine. Feiceann an Chomhairle Ealaíon freisin na deiseanna a chuireann an réimse oibre seo ar fáil don iliomad ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon atá ag obair i réimse na nEalaíon & Sláinte, agus is mór aici an chaoi thábhachtach a thacaíonn comhghleacaithe san earnáil sláinte, úsáideoirí na seirbhíse sláinte, cúramóirí, cairde agus oibrithe deonacha le forbairt agus beocht na n-ealaíon in Éirinn. Táimid tiomanta d’obair a dhéanamh lenár gcomhghleacaithe ar leibhéal náisiúnta chun tacú le forbairt straitéiseach an réimse seo amach anseo”.

 

Is féidir féachaint ar fhíseán a rinneadh den siompósiam ar https://www.creativeireland.gov.ie

Scéalaíocht in Opsidéal Ollscoile Phort Láirge https://youtu.be/rk5EGbcM-bE

Ceol i dTeach Altranais Naomh Camillus, Luimneach https://youtu.be/A8ab67VvWEQ

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

  1. Is tionscnamh uile-Rialtais é Clár Éire Ildánach atá bunaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a dearadh chun cruthaitheacht a chur chun cinn mar straitéis le haghaidh folláine, comhtháthú sóisialta agus rathúlacht eacnamaíoch. Is é a phríomh-mholadh ná go gcuireann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin chun cinn. Féachann an Clár mar sin le tacaíocht a thabhairt do gach saoránach - cibé acu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, inár saol pearsanta nó inár n-institiúidí - chun ár n-acmhainneacht iomlán chruthaitheach a bhaint amach, trí chomhoibriú a spreagadh, a éascú agus a thacú. Chuige sin, agus faoi threoirphrionsabail na cruthaitheachta, an chomhoibrithe agus an chlaochlaithe, féachann an Clár le tuiscint agus léirthuiscint ar luach na cruthaitheachta de gach cineál a chur chun cinn agus dul i ngleic le lucht cinnteoireachta agus tionchar a imirt orthu chun cruthaitheacht a leabú trasna an bheartais phoiblí.

 

  1. Treoraíonn an Clár Sláinte agus Folláine sa Roinn Sláinte an comhordú ar chur i bhfeidhm Éire Shláintiúil, an creat náisiúnta chun sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú (2013-2025). Mar chuid féinchumhachtaithe sláinte d’fhorfheidhmiú fhís Sláintecare do thodhchaí na seirbhísí cúram sláinte agus sóisialta in Éirinn, oibríonn an Clár go dlúth le comhghleacaithe i Ranna Rialtais eile, FSS agus raon leathan comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara. Déanann an Clár maoirsiú ar chur i bhfeidhm roinnt beartas agus straitéisí faoi scáth Éire Shláintiúil, lena n-áirítear an Beartas Náisiúnta um Murtall, an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp agus an Straitéis Náisiúnta um Shláinte Ghnéis, chomh maith le bainistiú a dhéanamh ar Chiste Éire Shláintiúil, foilsiú shuirbhé bliantúil Éire Shláintiúil agus feachtais náisiúnta rannpháirtíochta agus chumhachtaithe na saoránach a reáchtáil.

 

 

  1. Seo a leanas na cúig thionscadal a mhaoiníonn tionscnamh Folláine an Lucht Siúil trí Chruthaitheacht 2022:

Eagraíocht:

Tionscadal

The GAFF (Amharclann agus Mol Léirithe Luimnigh), eagraíocht ealaíon dírithe ar an bpobal atá á stiúradh ag ealaíontóirí agus atá lonnaithe i gCathair Luimnigh

Guth na Mincéirí - Tá GAFF ag comhoibriú le Clár Sláinte Lucht Siúil Chathair Luimnigh, Comhpháirtíocht Óige Chruthaitheach Áitiúil Luimnigh agus an Chláir, an t-ealaíontóir agus duine den Lucht Siúil William (WILLZEE) Casey agus Mol Foghlama Luimnigh chun cultúr an Lucht Siúil a cheiliúradh trí rince, scannán, ceol, amharc-ealaíona, ceardaíocht agus diospóireacht.

St Margaret’s Travellers Community Association, Baile Munna

The Pisreóg Project - Tá St Margaret’s Travellers Community Association ag comhoibriú le hAxis Bhaile Munna, ionad acmhainne ealaíon agus pobail, chun piseoga agus traidisiúin Phobal an Lucht Siúil i mBaile Munna a bhailiú, a dhoiciméadú agus a cheiliúradh - rudaí a bhfuil spéis ag an Lucht Siúil iontu, a bhfuil ar eolas acu agus a dteastaíonn uathu a choinneáil agus a thabhairt don chéad ghlúin eile.

Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe

Gníomhaíocht Chultúrtha, Cearta Cultúir: Fondúireacht ar son na Folláine - Tá Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe ag comhoibriú leis an scríbhneoir agus duine den Lucht Siúil Rosaleen McDonagh, Misléor Festival of Nomadic Cultures agus Atmos Collective, grúpa ealaíontóirí atá éagsúil ó thaobh cultúir de, chun clár cruthaitheach ilghnéitheach a sheachadadh a dhíreoidh ar thábhacht na féiniúlachta cultúrtha don fholláine i measc an Lucht Siúil.

Cluster Fox Films

Travellers on Screen - fiosróidh Cluster Fox Films, cuideachta a bhunaigh John Connors in éineacht lena chomhpháirtí Tiernan Vincent chun scannáin a dhéanamh faoi phobail faoi ghannionadaíocht agus scéalta nach gcloistear go minic, ceisteanna meabhairshláinte ar leith don Lucht Siúil trí mheán na scannánaíochta.

Gailearaí Grianghrafadóireachta

Grianghrafadóireacht – tá Gailearaí na Grianghrafadóireachta ag comhoibriú le Martin Beanz Warde, Ealaíontóir agus duine den Lucht Siúil, chun grianghraif a chruthú a fhiosraíonn bealaí nua chun éagsúlacht agus beocht chultúr an Lucht Siúil a léiriú.

 

Beathaisnéisí an Óstaigh agus na bPainéalaithehttps://www.creativeireland.gov.ie/en/conference-host-panellists/