Foilsithe ar 

Taispeántas agus foilseachán Chonradh na Náisiún seolta chun deireadh a chur le Deich mBliana na gCuimhneachán

Taispeántas agus foilseachán Chonradh na Náisiún seolta chun deireadh a chur le Deich mBliana na gCuimhneachán

 

Déanfaidh an taispeántas, a chuirfear i láthair i mBaile Átha Cliath, sa Ghinéiv agus ag na Náisiúin Aontaithe (NA) i Nua-Eabhrac, comóradh céad bliana ó tháinig Éire ar an Stáitse Domhanda agus í ag dul isteach i gConradh na Náisiún.

 

Ba é Conradh na Náisiún an chéad eagraíocht pholaitiúil dhomhanda ar leibhéal an stáit, a cruthaíodh i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Chuaigh Éire isteach sa Chonradh ar an 10 Meán Fómhair 2023 chun léiriú gur stát ceannasach agus gníomhaí neamhspléach i ngnóthaí domhanda a bhí inti. Bhí ballraíocht den Chonradh mar pháirt ríthábhachtach do chéimeanna luatha na hÉireann ar an stáitse idirnáisiúnta.

 

Chun comóradh a dhéanamh ar bhallraíocht na hÉireann i gConradh na Náisiún, tá taispeántas cruthaithe ag an Chartlann Náisiúnta, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Acadamh Ríoga na hÉireann, le taifid óna mbailiúcháin a bhaineann le ballraíocht na hÉireann sa Chonradh. Sna taifid, nach raibh ar taispeáint go poiblí riamh roimhe, tá doiciméid oifigiúla, grianghraif, cuimhneacháin, litreacha agus earraí bailithe a rianaíonn eachtraí luatha an Stáit agus é ag cruthú áit dó féin go hidirnáisiúnta. Óna blianta ba luaithe i gConradh na Náisiún, bhí Éire i gcónaí ar son oird dhomhanda shíochánta agus réiteach aighnis idirnáisiúnta trí mhodhanna síochánta. Ba iad seo príomhspriocanna an Chonartha agus d’aithin Éire, mar stát beag nach raibh cumhacht mhíleata ná eacanamaíoch mhór aici, go raibh an-tábhacht ag baint lena bheith mar bhall de ghrúpa tíortha a bhí ar aon intinn léi, cosúil le Conradh na Náisiún, chun maireachtáil agus teacht faoi bhláth ar an stáitse dhomhanda.

 

Fosta sa taispeántas tá cur i láthair speisialta ar Fhuinneog na Ginéive de chuid Harry Clarke a choimisiúnaigh Rialtas Mhic Cosgair in 1929 mar bhronntanas ó Stát na hÉireann d’fhoirgneamh nua na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv.  Bhí an fhuinneog comhdhéanta d’fhinéid ó 19 scríbhneoir Éireannacha ach nuair a críochnaíodh é in 1930, dhiúltaigh Rialtas na hÉireann di.  Fuair Clarke bás sula rabhthas ábalta aon athrú a dhéanamh ar an fhuinneog, a tugadh ar ais dá bhaintreach ar deireadh.

 

Cuirfear an taispeántas, On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946 i láthair ag na Comórtais Treabhdóireachta i Ráth an Uisce agus Féile na Staire, Baile Átha Cliath araon, sula dtéann sé go dtí na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv agus i Nua-Eabhrac.  Tá leabhar nua curtha le chéile fosta chun an pointe suntasach seo i stair Stát na hÉireann a chomóradh agus seolfar é i Nua-Eabhrac i Meán Fómhair i rith Seachtain Ard-Leibhéil na NA, le seoladh i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair.

 

Seolfaidh An Post stampa náisiúnta inniu a aithníonn an comóradh céad bliain.

 

Agus é ag labhairt roimh sheoladh an leabhair, dúirt an Tánaiste Micheál Martin, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta:

 

“Le ballraíocht na hÉireann i gConradh na Náisiún idir 1923 agus 1946 léiríodh an cur chuige i leith polasaí eachtrach a ghlacfadh Éire sna blianta i ndiaidh an Dara Chogaidh Dhomhanda trína ballraíocht i gComhairle na hEorpa, na Náisiúin Aontaithe agus, níos déanaí fós, an tAontas Eorpach. Mar i gcéanna leis an Chonradh, cuireadh ar bun iad seo chun seasmhacht agus comhoibriú idirnáisiúnta a chur chun cinn ag aithint nach neart go cur le chéile do thíortha beaga cosúil le hÉirinn agus iad ag cosaint a leasa féin.

 

Dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

 

“Fiú sular bhain sí saoirse ón Bhreatain amach in 1922 bhí sé mar ardaidhm ag rialtas réabhlóideach Dháil Éireann go rachadh Éire isteach sa Chonradh. Ach ní raibh an inniúlacht dhlithiúil idirnáisiúnta ag Éirinn chun dul isteach i gConradh na Náisiún go dtí gur bunaíodh stát neamhspléach Éireannach a raibh aitheantas idirnáisiúnta air ar an 6 Nollaig 1922 – Saorstát Éireann ná an Irish Free State, mar a bhí ar Éirinn ag an am sin.

 

Mar sin de, tá sé oiriúnach go bhfuil muid ag comóradh an imeachta stairiúil seo a léirigh agus a bhéimnigh fís agus uaillmhian an tSaorstáit nua agus deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán ag druidim linn.

 

Tá an taispeántas seo á chur i láthair mar pháirt de Chlár Náisiúnta Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 de chuid Rialtas na hÉireann.

 

Tá an taispeántas seo á chur i láthair ag an Chartlann Náisiúnta, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Acadamh Ríoga na hÉireann. 

 

CRÍOCH

 

Oifig Phreasa agus Eolais

Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427

Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie

Suíomh gréasáin: www.gov.ie/dtcagsm

Twitter: https://twitter.com/DeptCulturelRL

Facebook: https://www.facebook.com/DepartmentofCultureIRL

Instagram: https://www.instagram.com/tourism.culture.gaeltacht/

LinkedIn: https://www.linkedin.com/company/departmentofcultureirl

Más mian leat go mbainfí den liosta ríomhphost seo thú, cliceáil ANSEO.

 

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifead scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an bhealach sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922 agus isteach sa ré nua-aimseartha.

 

In éineacht leis an taispeántas, beidh seoladh an Leabhair, On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946, chomh maith le clár comhráite painéil agus cainteanna speisialta le spreagadh a thabhairt d’fhiosrúchán stairiúil agus tuiscint ar thionchar agus oidhreacht na himeachtaí a mhúnlaigh an Stát. 

 

 

Dátaí na dTaispeántas:

 

Comórtas Treabhdóireachta, Ráth an Uisce, Co. Laoise

19 – 21 Meán Fómhair 2023

 

Foirgneamh na Náisiún Aontaithe, Palais des Nations, 10 Geneva Dr 12533, An Ghinéiv

25 Meán Fómhair - 6 Deireadh 2023

 

Féile Staire Bhaile Átha Cliath, Print Works, Caisleán Bhaile Átha Cliath

29 Meán Fómhair go 1 Deireadh Fómhair 2023

 

Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, 405, Lexington Avenue, Nua-Eabhrac, 10174

20 Samhain go 1 Nollaig 2023

 

Saorchead Isteach

 

Dátaí na gComhráite Painéil:

 

Bronntanas Idirnáisiúnta nár bhronnadh choíche - Fuinneog na Ginéive

Dé Sathairn 30 Meán Fómhair, 1in

Féile na Staire Baile Átha Cliath, Printworks, Seomra an Phoitéil

 

D’iarr rialtas Mhic Cosgair ar an ealaíontóir ghloine dhaite cháiliúil Harry Clarke fuinneog a dhearadh mar bhronntanas na hÉireann ar fhoirgneamh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair sa Ghinéiv in 1927. Críochnaíodh an fhuinneog sular bhfuair Clarke bás i mí Eanáir 1931, ach níor taispeánadh é riamh.

 

Bí leis an Dr. John Gibney agus an Dr. Roisin Kennedy i gcomhrá le Aoife Breathnach chun foghlaim faoi shaothar Harry Clarke, coimisiúnú na fuinneoige agus an tionchar a d’imir cinsireacht na litríochta ar ábhar físiúil agus ar dhearcadh na daoine a choimisiúnaigh an fhuinneog.

 

On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946

Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair, 7in

Acadamh Ríoga na hÉireann

 

Comhrá painéil faoi chathaoirleacht Rory Montgomery, Iar-Thaidhleoir, le staraithe, an Dr. Michael Kennedy agus an Dr. John Gibney, Acadamh Ríoga na hÉireann, faoi Éire ag dul isteach i gConradh na Náisiún, an láithreacht a bhí aici sa Ghinéiv ón tús go dtí na blianta deiridh roimh lánscor an Chonartha in 1946.

 

Dáta sheoladh an leabhair:

On an Equal Footing with All, Ireland at the League of Nations 1923-1946

Curtha in eagar ag an Dr. Michael Kennedy, an Dr. John Gibney agus Zoe Reid

 

19 Meán Fómhair 2023

Buan-Mhisean na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe

885 Second Avenue, 21st Floor

New York, NY 10017

19 Meán Fómhair

 

 

3 Deireadh Fómhair 2023

Acadamh Ríoga na hÉireann

Sráid Dhásain

Baile Átha Cliath 2

3 Deireadh Fómhair 7in

 

Clár Stampa An Post

 

Seolfaidh An Post stampa náisiúnta nua ar Déardaoin 7ú Meán Fómhair ag comóradh céad bliain ó glacadh Éire isteach i gConradh na Náisiún. Tá an stampa, atá deartha ag ceann de na mórthithe dearaidh, Zero-G, ar fáil ag príomhoifigigh phoist, Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath nó ar line ag irishstamps.ie.