Nuacht

Ta ciontú faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra maidir le giorriacha a fhiach go mídhleathach le luirsire bainte amach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, trína Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Is ainmhí cosanta é an giorria sléibhe Éireannach faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra.

Beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta tráthnóna inniu, óna 4 a chlog, go dtí go mbeidh athrú ar an aimsir:

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil deontas €683,677 ceadaithe aige do Ghlór na nGael don tréimhse 2019-2022 chun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus an scéim Teanga Tí a fhorbairt...

Tá na ceapacháin seo a leanas chuig an gComhairle Ealaíon fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá maoiniú € 1.63 milliún ceadaithe ag Sean Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge chun tacú le cúrsaí Gaeilge in institiúidí ardoideachais lena n-áirítear OÉ, Gaillimh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le hÓstaí an Rí agus an eagraíocht oiliúna Gaeilge, Gaelchultúr...

Ghabh an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh T.D. buíochas inniu (Dé Mairt 24 Meán Fómhair) leis na mílte saorálaithe a d’fhóin ar bhoird bainistíochta bhunscoile le ceithre bliana anuas

Tá Plean Teanga Chonamara Láir seolta ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD ag ócáid a eagraíodh tráthnóna Dé hAoine i gColáiste Chuimhneacháin an Phiarsaigh, Ros Muc.

Deis ar fáil trí shuirbhé ar líne chun cur leis an gcéad chéim eile de bheartas forbartha tuaithe in Éirinn...

D'fhoilsigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, T.D. inniu (Dé Céadaoin an 23 Lúnasa) “Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil pobail agus dheonach in Éirinn 2019-2024”...

Tá fáilte curtha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, roimh an tuarascáil achomair atá foilsithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

 

Gailearaí