Foilsithe ar 

Féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh á sheoladh ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Seolann Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. Féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh ar an gCéadaoin 26 Meán Fómhair 2012, ag 12.30 i.n.ag an gComórtas Treabhdóireachta, Ros Mhic Thriúin, Co Loch Garman

Beidh an féile ar siúl ó 19ú go 21ú Deireadh Fomhair 2012. Is é atá mar aidhm ag Blás Bídh Uíbh Ráthaigh ná aird an phobail náisiúnta agus áitiúil a dhíriú ar bhia folláin Uíbh Ráthaigh,ceiliúradh a dhéanamh an an dul chun cinn atá déanta ó thaobh thairgeacht bhia sa cheantar le roinnt blianta anuas agus daoine eile sa cheantar a spreagadh le dul i mbun fhiontair bhia

"Tá fíor áthas orm gur thug Udarás na Gaeltachta tacaíocht don togra seo faoi Scéim na bhFéilte. Tá earnáil an bhia ar an earnáil dhúchasach is mó in Éirinn agus tá sé fíor-thábhachtach d'eacnamaíocht na Gaeltachta, áit a bhfuil roinnt de na brandaí bia is mó aitheanta sa tír á dtáirgeadh ann. Ina measc siúd, tá fiontair idir bheag agus mór ar nós próiseáil éisc agus sliogéisc, táirgeadh smailceanna, déantas subh, bácúis agus déantús seacláidí" a dúirt Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

Mar fhocal scor dúirt an Aire Stáit "molaim agus glacaim buíochas le Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh as an sár obair atá ar siúl acu ar mhaithe le forbairt eacnamaíochta, fiontraíochta agus dul chun cinn an cheantair. Guím gach rath oraibh don deireadh seachtaine agus tá súil agam go mbainfidh chuile dhuine sult as na himeachtaí ar fad.