Foilsithe ar 

An tAire Humphreys ag taisteal go dtí an Fhrainc le haghaidh imeachtaí cuimhneacháin chun céad bliain ó Chath an Somme a chomóradh

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, ag taisteal inniu (Déardaoin) go dtí an Fhrainc le freastal ar shraith imeachtaí cuimhneacháin le céad bliain ó Chath an Somme a chomóradh.

Mar chuid den turas, leagfaidh an tAire bláthfhleasc ag Cros Ginchy in Guillemont, atá mar leacht cuimhneacháin don 16ú Rannán Éireannach d’Arm na Breataine, a chuaigh isteach i gCath an Somme i mí Mheán Fómhair 1916. Tráthnóna inniu, beidh sí ag freastal ar léiriúchán speisialta Amharclann na Mainistreach de Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme, a fuair tacaíocht óna Roinn, ag an Maison de la Culture, Amiens.

Amárach (Dé hAoine) beidh an tAire i láthair ag searmanas ag Thiepval, áit a mbeidh Uachtarán Uí Uigínn ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn. Rachaidh an tAire ansin mar ionadaí Rialtas na hÉireann go dtí an searmanas ag Túr Uladh, a tógadh i gcuimhne 36ú Rannán Uladh. Tabharfaidh an tAire cuairt ar roinnt reiligí freisin mar chuid dá turas.

Ag labhairt di roimh an chuairt ar an Fhrainc, dúirt an tAire Humphreys:
"Ba imeacht ollmhór é Cath an Somme, agus bhí tionchar as cuimse aige ar oileán na hÉireann. Ghlac fir óga Éireannacha, ón Tuaisceart agus ón Deisceart araon, páirt sa chath éachtach, a mhair 141 lá agus níor éirigh le go leor acu teacht slán as.

“Tá dáimh ach go háirithe i mo chúige féin, Cúige Uladh, leis an Somme, mar gur cailleadh cuid mhór de 36ú Rannán Uladh ar an chéad lá den chath. Bhí níos mó ná 5,500 taismeach sa 36ú Rannán ar an 1 Iúil 1916, 2,000 bás ina measc. Dé hAoine rachaidh mé go Túr Uladh le bláthfhleasc a leagan thar ceann Rialtas na hÉireann i gcuimhne ar na fir sin.

“Thar na ceithre bliana a mhair an Chéad Chogadh Domhanda, meastar gur maraíodh 50,000 Éireannach agus iad ar fiannas in Arm na Breataine, an Chomhlathas nó na Stáit Aontaithe. Ba mhór an éifeacht a bhí aige sin ar oileán na hÉireann, agus gan amhras, ar gach pobal ar fud na tíre.

“Le blianta fada, níor insíodh scéalta na bhfear seo agus bhraith cuid mhór díobh sin a tháinig abhaile ón Somme agus ó chathanna eile go raibh acu a n-eispéiris a chur i bhfolach. Le Deich mBliana na gCuimhneachán tugadh deis dúinn cuid na scéalta sin a iniúchadh den chéad uair, agus a n-áit cheart i stair na hÉireann a thabhairt dóibh siúd a throid agus a fuair bás.

“Is onóir dom é fleasca a leagan ag Cros Ginchy agus Túr Uladh thar ceann Rialtas na hÉireann i gcuimhne ar na hÉireannaigh a thug a mbeatha le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Le linn 2016, bliain seo an chéid, bhí sé fíor-thábhachtach domsa go gcuimhneodh muid orthu siúd a cailleadh agus iad ag troid thar lear, chomh maith leis na daoine a fuair bás le linn an Éirí Amach anseo sa bhaile. Céad bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca agus Cath an Somme, tá scéal níos iomláine á cloisteáil againn maidir le heispéireas mhuintir na hÉireann i 1916, agus iarmhairt imeachtaí na bliana sin ar ár gcultúr, ár sochaí agus ár meon.”