Foilsithe ar 

Seolann an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich Treochlár Eorpach um Éagsúlacht Teangacha

Seolfaidh Donnchadh Mac Fhionlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Treochlár Eorpach um Éagsúlacht Teangacha in Ambasáid na hÉireann sa Bhruiséil inniu (Déardaoin, 11 Aibreán 2013). Is tionscadal de chuid an Líonra um Éagsúlacht Teangacha a chur chun cinn/Network to Promote Linguistic Diversity (NPLD) é an treochlár nua seo a bhfuil mar aidhm aige na teangacha uile atá á labhairt san Eoraip sa lá atá inniu ann a chur chun cinn agus réimse gníomhartha dearfacha a mholadh chun iad a chosaint.

Ag labhairt ag an seoladh dó, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich: “Tá sé mar aidhm ag an treochlár seo stádas theangacha uile na hEorpa a chaomhnú, a chur chun cinn, agus a fheabhsú. Is tráthúil an tionscadal é.” Tá sé tuartha le blianta beaga anuas go dtiocfaidh meath suntasach ar an méid teangacha atá á labhairt ar fud na cruinne, agus meastar go mbeidh idir 60% agus 90% de theangacha an domhain i mbaol báis laistigh de 100 bliain. Clúdaíonn an NPLD teangacha stáit ar teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) iad, cuir i gcás an Ghaeilge agus an Eastóinis; teangacha a bhfuil aithint oifigiúil acu i réigiúin de bhallstáit áirithe, cuir i gcás an Bhascais agus an Bhreatnais; agus teangacha i mbaol freisin, cuir i gcás an Chorsaicis agus an Bhriotánais.

Spreagfaidh an NPLD feasacht ar na gnéithe dearfacha a bhaineann le héagsúlacht teangacha agus cuirfidh sé béim ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar fhorbairt phearsanta, shóisialta agus eacnamaíochta na hEorpa. Cruthóidh an líonra naisc, mar sin, idir phobail éagsúla na hEorpa, rud a thagann go maith le mana an Aontais Eorpaigh (AE) féin .i. “Aontaithe san Éagsúlacht”.

Cruthóidh an Treochlár Eorpach um Éagsúlacht Teangacha fís ardleibhéil den Eoraip mar áit ina bhfuil flúirse agus éagsúlacht teangacha, agus cuirfidh sé síos ar na forbairtí ata i ndán do theangacha uile na hEorpa, lena n-áirítear teangacha stáit, teangacha réigiúnacha, neamhfhorleathana agus imirceacha, teangacha mionlaigh, agus teangacha trasteorann. Dúirt an tAire Stáit: “Tréaslaím leis an NPLD as béim a chur ar stráitéis a chur ar bun chun úsáid na dteangacha seo a chur chun cinn. Is maith a oireann an seanfhocal Gaeilge ‘Ní neart go cur le chéile’ don treochlár seo.” Tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil san AE ó 2007.

Lean an tAire air: “Is mór an chúis áthais domsa, mar chainteoir dúchais Gaeilge agus mar Aire Stáit na Gaeltachta, an deis a bheith agam foghlaim faoi na hiarrachtaí atá ar bun le héagsúlacht teangacha a chur chun cinn san Eoraip, agus mo thacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí céanna. Tá Rialtas na hÉireann ag tacú le treochlár eile faoi láthair, is é sin, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Díol suime a thabhairt faoi ndeara go bhfuil roinnt gnéithe den Treochlár Eorpach le fáil sa Straitéis 20 Bliain freisin, mar shampla, úsáid na teanga sa teaghlach; oideachas agus oiliúint trí mheán na máthairtheanga; tacaíocht do dhaoine óga; úsáid na meán sóisialta agus na teicneolaíochta nua; agus úsáid na dteangacha chun forbairt eacnamaíochta a chur chun cinn.”