Foilsithe ar 

Dearbhú tugtha ag an Aire Alan Kelly go bhfuil €8 milliún le leithdháileadh ar athfhorbairt ché Inis Oírr agus athdhearbhú tugtha maidir le tiomantas an Rialtais do phobail na n-oileán

Dhearbhaigh an tUas. Alan Kelly, T.D., an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil inniu (an 27 Eanáir 2016) go bhfuil €8 milliún á leithdháileadh faoin bPlean Caipitil 2016 – 2021 chun cé Inis Oírr a athfhorbairt agus athdhearbhaigh sé tiomantas an Rialtais do phobail na n-oileán.
Is éard a bheidh san athfhorbairt bheartaithe ná síneadh 90 méadar ar an gcé atá ann faoi láthair, struchtúr tonnchoisc a chur leis, agus roinnt oibreacha dreidireachta carraigeacha.
Déanfar roinnt oibre struchtúrtha freisin chun damáiste a rinneadh le linn na stoirmeacha in 2014 a dheisiú. Cuirfear, leis sin, calafort sábháilte ar fáil do gach úsáideoir, chomh maith le foscadh a bhfuil géarghá leis d'árthaigh a chuirtear i mbeart ann. Laghdófar freisin an plódú a eascraíonn as lastas agus paisinéirí a iompar chuig an oileán agus uaidh.

Dúirt an tAire Kelly go mbeidh an athfhorbairt sin a bhfuil géarghá léi ar ché agus ar chalafort Inis Oírr ríthábhachtach do phobal an oileáin agus go bhfeabhsófar cúrsaí sábháilteachta agus rochtain d'iompar áitiúil dá barr, chomh maith le naisc ghnó agus thurasóireachta leis an mórthír.

Dúirt sé freisin go raibh ríméad air go raibh a Roinn i dteagmháil le Comhairle Contae na Gaillimhe féachaint leis an togra thar a bheith tábhachtach seo a chur chun tosaigh. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach go mbainfidh gach pobal leas as an téarnamh eacnamaíochta agus go raibh muinín aige go dtreiseodh an togra seo go mór na deiseanna eacnamaíochta do phobail na n-oileán.

Cé gur Chomhairle Contae na Gaillimhe a bheidh freagrach go príomha as an bpríomhthogra caipitil seo a thabhairt chun críche go tráthúil agus go héifeachtúil, beidh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag obair go dlúth leis an gComhairle fad a bheidh an togra á chur i bhfeidhm.

Beidh an dá eagraíocht ag obair le chéile sa tréimhse amach romhainn chun próiseas pleanála an togra a chur chun tosaigh agus chun tús a chur leis an togra tábhachtach seo chomh luath agus is féidir.