Foilsithe ar 

Ceadaíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas os cionn €54,000 chun athchóiriú a dhéanamh ar Aeradróm Inis Oírr i nGaillimh

Tá fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, go bhfuil deontas de €54,479.25 ceadaithe aige chun athchóiriú a dhéanamh ar aeradróm Inis Oírr, Co na Gaillimhe. Is oibreacha i ndáil le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta is mó atá i gceist.

Ag déanamh an fhógra seo, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar chumas a Roinne an deontas seo a cheadú.

Táim sásta go raibh na hacmhainní ag mo Roinn an cúnamh seo a chur ar fáil i leith an aeradróim seo. Caithfear, i gcónaí, ceist sláinte agus sábháilteachta bheith chun cinn i gcúrsaí seirbhísí aeir,

a dúirt an tAire Stáit.