Foilsithe ar 

Rannpháirtíocht Dearfach ag Scoileanna sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta: Na Príomhtheachtaireachtaí ó Chuairteanna Comhairleacha na Cigireachta

D’fháiltigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D., inniu roimh na torthaí an-dearfacha ón gcéad thuairisc Chigireachta ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta agus ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag na scoileanna atá páirteach.

 

Dúirt an tAire Mc Hugh: “Is mian liom tréaslú le tiomantas agus iarrachtaí coinsiasacha na bpríomhoidí agus na múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile maraon le tacaíocht na dtuismitheoirí. Táim an-tógtha le hardleibhéil rannpháirtíochta na scoileanna a bhí páirteach sa chéad chéim d’fheidhmiú na Scéime.”

 

Léirigh an tuairisc go bhfuil an luath-thumoideachas á chur i bhfeidhm sna naíonáin shóisireacha agus shinsearacha i mbeagnach gach bunscoil atá páirteach sa Scéim.

 

Tá sé luaite sa tuairisc gurb é ceann de na dúshláin is mó sna hiar-bhunscoileanna ar tugadh cuairt orthu ná úsáid na Gaeilge mar theanga chumarsáide i measc déagóirí, go fiú sna hiar-bhunscoileanna ina bhfuil líon ard cainteoirí dúchais.

 

Ba léir do na cigirí go bhfuil na hiar-bhunscoileanna ag dul i ngleic go díocasach agus go díograiseach leis na dúshláin suntasacha seo trí na scoláirí a spreagadh.  Thug an tuairisc le fios gurb í seo an chéad uair inar dhírigh a lán iar-bhunscoileanna go sonrach ar an gceist seo.

 

Léirigh an tuairisc go bhfuil iar-bhunscoileanna, go fiú ag luathphointí tosaigh na Scéime, ag tuairisciú athruithe beaga in iompar teanga na scoláirí, go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge ag scoláirí na chéad bhliana, scoláirí na hIdirbhliana agus idir scoláirí agus múinteoirí i roinnt scoileanna.

 

Dúirt an tAire: “Tá an dul chun cinn atá á dhéanamh ag bunscoileanna maidir leis an luath-thumoideachas i ranganna na naíonán go hiontach ar fad. Is an-ábhar misnigh é go bhfuil an luath-thumoideachas i bhfeidhm i mbeagnach gach scoil sa Scéim.

 

“Tugann an dul chun cinn suntasach seo an-spreagadh do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí léiriú a fháil ar na buntáistí atá ann do pháistí Gaeilge a fhoghlaim ó aois an-óg. D’fhéadfadh sé freisin na scoileanna nach bhfuil páirteach sa Scéim go fóill a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa Scéim in 2019.”

 

Thuairiscigh an Chigireacht freisin gur tugadh forbairtí faoi deara ag an iar-bhunleibhéal, go háirthe an t-aiseolas ó scoileanna maidir le réimse ábhar níos leithne a theagasc trí mheán na Gaeilge.

 

Dúirt an tAire McHugh go raibh sé sásta leis na tosaíochtaí atá forbartha mar chuid den Scéim chun tacú le cainteoirí dúchais agus le foghlaimeoirí Gaeilge agus chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i dtimpeallacht na scoile.

 

Dúirt an tAire McHugh: “Ba chóir go mbeadh sé mar cheann dár gcuspóirí go mbeadh daoine óga ag úsáid na teanga agus go mbeadh an teanga ábhartha dá saol. Tá treoir agus comhairle luachmhar ar fáil i dtuairisc na Cigireachta chun leanúint ag gluaiseacht ar aghaidh leis an bpróiseas ionas gur féidir linn a bheith bródúil as na hiarrachtaí atá déanta ag scoileanna Gaeltachta an teanga agus an oidhreacht náisiúnta atá againn a thacú. Mar a deirtear, “Beatha teanga í a labhairt”.”

Tá achoimre i dtuairisc na Cigireachta ar an aiseolas a thug na scoileanna atá páirteach do chigirí le linn na gcuairteanna comhairleacha a rinneadh sa tréimhse Meán Fómhair go Nollaig 2018. Rinneadh  na cuairteanna comhairleacha seo chun tacú le hobair an Aonaid um Oideachas Gaeltachta sa Roinn Oideachais agus Scileanna monatóireacht a dhéanamh ar luathfheidhmiú na Scéime.

 

Cruthaíonn an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta deis do scoileanna úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a leathnú. Tacaíonn agus spreagann an Scéim scoileanna chun naisc a chothú leis na pobail scoile lena mbaineann siad agus spreagtar coistí um phleanáil teanga sa Ghaeltacht chun tacú le húsáid na Gaeilge ina limistéir féin.

 

Luaigh an tAire na dúshláin a bhain leis an gcur i bhfeidhm, go háirithe ag an leibhéal iar-bhunscoile agus i gceantair iargúlta faoin tuath. Dúirt sé: “Tuigim go mbíonn deacrachtaí ag scoileanna múinteoirí a earcú a bhfuil an inniúlacht chuí acu sa Ghaeilge chun ábhair éagsúla a theagasc, go háirithe i gceantair iargúlta.  Tá súil agam go gcuirfidh an tionscnamh nuálach ar ríomh-mhol píolótach tacaíocht ar fáil d’iar-bhunscoileanna a bhfuil spéis acu ábhair a rochtain trí mheán na Gaeilge agus iad ag baint úsáide as cuir chuige ar líne don teagasc agus don fhoghlaim.”

 

Dheimhnigh na tAire athuair a thiomantas féin don Ghaeilge. Chuir sé in iúl go raibh sé i gceist aige leanúint le tacaíocht a sholáthar don Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Dúirt sé: “Tá feidhmiú na Scéime ar cheann de phríomh-thiomantais an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus don Phlean 5-Bliana don Ghaeilge. Méadófar an caiteachas ar an oideachas Gaeltachta chuig nach mór €5 mhilliún in 2019.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

  •  Tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2016 á chur i bhfeidhm de réir a chéile thar thréimhse cúig bliana. Ó bunaíodh an tAonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn in 2017, tá dul chun cinn suntasach tarlaithe maidir le raon gníomhaíochtaí Polasaí a chur i bhfeidhm.
  •  Is é mórchuspóir an Pholasaí ná a dheimhniú go mbíonn fáil ar oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge do phobail Ghaeltachta chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chothú mar an phríomhtheanga ag na pobail Ghaeltachta.  Tá tuilleadh eolais faoin bPolasaí ar fáil ag an nasc seo a leanas: Ceisteanna Coitianta
  •  Seoladh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta i mí Aibreáin 2017.
  •  I gcomhthéacs na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, is éard is brí leis an tumoideachas ná gach ábhar curaclaim a mhúineadh go hiomlán trí mheán na Gaeilge, seachas curaclam an Bhéarla. Is ionann an luaththumoideachas agus an cleachtas a bhaineann le clár lántumtha dhá bhliain trí Ghaeilge a chur i bhfeidhm i ranganna na naíonán, nuair nach múinfear Béarla le linn na tréimhse sin.
  •  Chuir 105 bunscoil agus 28 iar-bhunscoil atá páirteach sa Scéim plean gníomhaíochta don fheabhsúchán ar fáil don Aonad um Oideachas Gaeltachta, An Roinn Oideachais agus Scileanna san Earrach 2018. Tugadh aischothú do gach scoil mar bhonn eolais d’fhorbairt leanúnach a bpleananna agus iad ar a dturas féinmheastóireachta scoile i dtreo aitheantais a ghnóthú mar scoil Ghaeltachta atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge.
  •  Rinneadh cuairteanna comhairleacha na Cigireachta go luath sa scoilbhliain 2018-19 chun comhairle agus tacaíocht a sholáthar do scoileanna sa chéad chéim d’fheidhmiú na Scéime.
  •  Tá an tuairisc ar na príomhtheachtaireachtaí ó chuairteanna comhairleacha na Cigireachta ar na scoileanna atá rannpháirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar fáil anseo - https://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuarascálacha-Oideachais/sceim-aitheantais-scoileanna-gaeltachta-na-priomhtheachtaireachtai-o-chuairteanna-comhairleacha-tuairisc-achomair.pdf
  •  Beidh deis eile ag an 28 scoil atá sa Ghaeltacht páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta go luath in Earrach na bliana 2019. Is iad na scoileanna féin, i gcomhairle le bord bainistíochta agus pobal na scoile agus leis an gcoiste áitiúil don phleanáil teanga, a dhéanann an cinneadh a bheith páirteach sa Scéim.