Foilsithe ar 

Tuarascáil athbhreithnithe ar an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí foilsithe

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu go bhfuil an tuarascáil athbhreithnithe ar an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí foilsithe. Rinneadh athbhreithniú ar riachtanas na seirbhíse aeir i gcomhréir le Rialachán an Aontais Eorpaigh 1008/2008/EC. Tar éis próiseas tairisceana a reáchtáil, ceapadh an comhlacht EY chun tabhairt faoin athbhreithniú a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go 2013.

Agus é ag cur fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Stáit: "Táim sásta go bhfuil an tuarascáil curtha ar fáil do mo Roinn anois. Is tuarascáil chuimsitheach í agus beidh mo Roinn ag déanamh anailíse ar gach atá sa tuarascáil anois."

Tá an tuarascáil ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ie/NahOileain/Foilseachain/Review%20of%20PSO%20air%20service%20for%20the%20Aran%20Islands.pdf.